Fáilte go iMúscraí, an suíomh blagála atá bunaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí chun an Ghaeltacht Chorcaíoch seo a chur i láthair an domhain.
Comharchumann Forbartha Mhúscraí atá ag reachtáil an suíomh seo ach beidh an t-eolas á chur ar fáil ag eagrais ó gach cheantar i Múscraí.


3 freagra
9 07, 2008 at 3:13 pm
Blag deas anseo ag Gaeil Chorcaí. Ba cheart go mbeadh a leithéid ag na ceantair Ghaelacha ar fad.
Gach rath oraibh!
24 07, 2008 at 12:40 pm
Maith thú, a Chonchubhar.
Treise leis an obair!
19 12, 2008 at 12:56 pm
A chara,
Ar dtús, comhghairdeas le do bhlag, tá sé ar fheabhas!
An bhfuil sonraí teagmhála an chomharchumainn féin ar fáil? Tá sé i gceist (b’fhéidir) agam agus ag mo bhean chéile bogadh ó dheas go ceantar Chill Áirne, agus toisc go bhfuil fíor spéis againn araon sa Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge, is léir dúinn go bhfuil i nGaeltacht Mhúscraí an áit is fearr dúinn cur fúinn.
Ach sula roghnóimid aon rud, ba mhaith linn níos mó eolais a fháil, agus caint le duine éigin maidir leis na heagraíochtaí, na féilte, na ranganna Gaeilge (ar ndóigh!) & srl. atá sa cheantar.
Go raibh maith agat, agus beir bua!
Tomás