Tá clú agus cáíl ar an leabhar ‘Mo Scéal Féin’ ó pheann an Athar Pheadair Uí Laoghaire a foilsíodh ag tús an chéid seo chaite. Tá taifeadadh déanta ag fear léinn, David Webb, den leabhar seo agus é á léamh ag Mairéad Uí Lionaird agus tá sé iarrtha orainn é a fhoilsiú anseo, rud atá á dhéanamh againn anois agus athás orainn amhlaidh a dhéanamh.
Inniu a bheidh an chéad chaibidil ar fáíl – agus beidh na caibidil eile anseo de réir a chéile. Go raibh maith agaibh, David, Mairéad agus, gan amhras, a Athair Pheadair as ucht an seod seo ó litríocht na hÉireann agus litríocht Mhúscraí.


3 freagra
6 06, 2009 at 10:30 am
Tá PDF téacs Mo Sgéal Féin ar fáil ag http://ia331430.us.archive.org/3/items/mosgalfin00oleauoft/mosgalfin00oleauoft.pdf.
8 06, 2009 at 8:47 pm
Maith sibh. Cúpla leasú á mholadh agam:
Tá an chomhad ana mhór. B’fhiú iarracht a dhéanamh é a laghdú, beidh deacracht ag daoine é íoslódáil.
Ós rud é nach bhfuil ann ach caint, d’fheadfaí an ráta giotáin a ísliú gan mórán caighdeán a chailleadh.
Freisin, ní bheidh gach aoinne in ann comhad m4a a oscailt – d’oscail sé in itunes ar mo ríomhaire.
30 06, 2009 at 8:50 pm
Haigh, tá’n link don chéad ghiota marbh, faraoir agus ba mhail liom é a íoslódáil. Bhfuil sé in aon áit eile seachas ar an súiomh áirithe sin?
Is maith liom an blog agus is deas liom rudaí ó Mhúscraí a fheiscint ar an ‘líon.