8 07, 2009...9:43 am

Múinteoirí ina ndaltaí ag Scoil Chúil Aodha

Jump to Comments

Bhí malartú róil de short i gceist ag Scoil Chúil Aodha le seachtain anuas.  Nó bhí múinteoirí ó Mhúscraí agus iarthar Chorcaí ar fad ag freastal ar chúrsa speisialta a bhí á reachtáil ag Aisling Gheal, an scéim amhránaíochta do Mhúscraí, le cuidiú a thabhairt do mhúinteoirí agus iad ag iarraidh ceol agus, go h-áirithe, amhráin dúchasacha i nGaeilge a mhúineadh dá ndaltaí.

I measc na múinteoirí bhí príomh oide na scoile i gCúil Aodha, Cathal  O Riada, Seán O Múineacháin is Máire Ní Cheilleachair, an amhránaí sean nóis iomráiteach.

Thugas caint ghairid ann inné agus thaispeanas an bhealach go mbeadh an idirlíon ina acmhainn do mhúinteoirí.   Thíos atá an scannán Youtube a rinneamar le taispeaint do mhúinteoirí eile toradh saothar na múinteoirí seo.

Deirtear liom go mbeidh cúrsa dá leithéid ann arís an bhliain seo chugainn.

Leave a Reply