
Na Giollaí Mear - Ealaíon ar son Chorcaí ag Peadar Ó Riada
Tá Múscrai ar fad feistithe i mbratacha deaerg agus bán agus gasra laidir ón gceantar páirteach i bhfoireann Chorcaí a bheidh ag imirt i gCraobh na hÉireann sa pheil Dé Domhnaigh seo chugainn.
Seo píosa ealaín ar thaobh an bhóthair i Múine Beag, Cúil Aodha. Peadar O Riada a rinne. Beidh a thuilleadh íomhánna againn ó Mhúscraí sna laethannta romhainn.
Tá ár dtacaiocht ag Nollaig O Laoire agus Antaine O Loingsigh atá ainmnithe ar an bhfoireann agus le Peadar O hÉalaithe atá ina thraenálaí ar an bhfoireann.


1 freagra
18 09, 2009 at 12:31 am
Is maith an rud é go bhfuil iMúscraí ag déanamh tráchta ar imeachtaí reatha an cheantair fé dheireadh! Go n-éirí go geal le fir na Gaeltachta agus le foireann Chorcaí ar fad ar an nDomhnach! Tá súil agam go mbeidh Sam in ár dteannta i dTigh Uí Scanaill go luath!