Tionscnamh é iMúscraí de chuid Comharchumann Forbartha Mhúscraí, comharchumann atá bunaithe sa cheantar le tamall gairid anois ar mhaithe le cur chun cinn na teanga agus ghnéithe eile de chultúr an cheantair.
Tá súil againn go mbeidh seo ina áis do mhuintir Mhúscraí agus do chuairteoirí chuig an cheantair. Anseo a bhfaighfear gach eolas faoi imeachtaí a bheidh ar bun sa cheantar, faoi eagrais atá ag obair anseo, faoi stair ársa an cheantar, faoin chultúr agus faoi phobal na h-áite.
Tá Gaeltacht Mhúscraí suite ar an teorainn idir Chorcaigh agus Ciarraí agus is féidir teacht air ar an N22, an priomh bhóthar ó chathair Chorcaí go Cill Airne. Cuimsíonn an Ghaeltacht seo Baile Mhic Ire, Baile Mhuirne, Béal Atha’n Ghaorthaidh, Cíll na Martra, Cúil Aodha agus Reidh na nDoirí.

