Linnsnamh
Entries Tagged as ‘Uncategorized’
26 01, 2009
80 post breise i Múscraí: Tuairisc an Údaráis
Seo sliocht ón Athbhreithniú Bhliantúil ar obair Udarás na Gaeltachta le linn 2008 i Múscraí:
Cruthaíodh líon suntasach poist nua, 80 post lánaimseartha, i nGaeltacht Mhúscraí le linn 2008 agus bhí glanmheadú de 25 post i gceist nuair a thógtar san áireamh líon na bpost a cailleadh. Ciallaíonn seo go raibh 690 duine fostaithe go lánaimseartha [...]
18 01, 2009
An Cheist
Ceist na Dáimhe
Im aonar dom ag spaisteoireacht
An spéir im thimpeall scamallach
Anuas dem dhruim am’ thachtadh ’steach
Lem smaointe duairce damanta
ag casaoid leis an saol
Ansan braon is míle fearthainne
Do raid anuas go tarcuisneach
Ag sileadh síos go talamh uaim
na dhíle fuar bréan
Do rith trím chroí cás Rafteirí
Ar bord Áth Cinn ag taisteal do
Le na [...]
13 11, 2008
Imeacht
Is é seo an phíosa filíochta ó pheann m’athair a rinne mo dheirfiúr, Bríd, aithris air ag béal na h-uagha. Más ceadmhach dom é a rá, is píosa filíochta as an ghnath atá ann. Tá súil agam go mbeidh sé mar sholás agus mar chlochmhíle filíochta agaibh…..
Imeacht
An Dálach – Dónal Ó Liatháin
Cíorann an bás an gleann [...]
10 11, 2008
Dónal Ó Liatháin 1934-2008
Go suaimhneach in Oisbidéal Bheanntraí, cailleadh Dónal, file, saoi agus múinteoir, tar éis breoiteachta. Méala mór a bhás dá cheile gheanúil, Margaret, dá chlann, Concubhar, Niamh, Bríd agus Dónal Óg, dá gcliamhaineacha, Caroline, Scott, Máirtín agus Bríd, dá ghar chlann Art agus Danú, Cian, Clíodhna agus Éabha, Katie agus Lúc, dá ghaolta agus dá cháirde. [...]
10 10, 2008
Blas Mhúscraíoch ar Oireachtas Chorcaí
Bhí sé deacair Múscraí a sheachaint inné ag ocáid i gCorcaigh nuair a fograíodh clár iomlán Oireachtas na Gaeilge ag Ostán nua-mháisithe an Rochestown Park ar imeall na cathrach.
Nó tá blas laidir Ghaeltacht Chorcaí ar mórfheile Ghaeilge na bliana seo. Ach má tá, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil blas laidir na [...]
1 10, 2008
Ó Broadway go Múscraí
Ní fada anois go dtí go mbeidh an sár dhráma, Stones In His Pockets, ar an ardán in Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne agus b’fhearr dibh bhúr dticéid a chuir in áirithe go luath.
B’é an dráma seo ceann de na dramaí ba mhó ón dtír seo ar Broadway tamall de bhlianta ó shin – agus anois [...]
12 09, 2008
Ceol na h-eacnamaíochta!
Agus an spéir ag titim orainn, d’fhéadfá rá, tá gá níos mó ná riamh le h-eacnamaithe.
Oíche Dé Satharn ag An Muileann i mBaile Mhuirne, beidh an eacnamaí mór le rá David McWilliams i láthair chun dluth dhiosca nua a sheoladh.
An Cnoc Buí is ainm don dluth dhiosca seo ón seinteoir feadóige Conal O Gráda. [...]

