1 05, 2009

Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne faoi lán seol

9 04, 2009

Ospidéal i mbaol

Beidh cruinniú Dé Máirt seo chugainn i Múscraí chun tacaíocht an phobail sa cheantar seo a léiriú d’Ospidéal Bheanntraí, ospidéal atá i mbaol de bharr na ciorruithe is déanaí.   Beidh an cruinniú ar siúl in Ostán Ghobnatan ag 9in ar an Mháirt, 14 Aibreán. 

I measc na seirbhísí atá i mbaol de bharr na ciorruithe atá beartaithe le h-aghaidh Ospidéal Bheanntraí, tá: 

* Faoi láthair tá seirbhís Timpist agus Eigeandála 24 uair a chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine ann.  Ní bheidh ach seirbhís 9rn-5in Luan go hAoine ann má dheintear na ciorruithe atá beartaithe. 

* Faoi láthair tá lia agus aineistéisí ar fáil duit 24/7.  Beidh seo imithe de bharr na ngiorruithe.

* Aonad Dian chúram ar fáil duit 24/7 – beidh sé imithe freisin

* Tá aonad athshlándála íontach ann do dhaoine a bhionn ag teacht chuthu féin i ndiaidh stróc nó a leithéid – tá todhchaí an aonaid seo in amhras. 

* Theana féin tá 20% de na leapacha a bhionn ar fáil do ghnath othair dúnta.  Le déanaí, fiú is go raibh na leapacha ‘dúnta’ seo ann, bhí othair ar throllaithe sna dorchlaí de bharr easpa spáis. 

Ni fada go mbeidh achainí á thabhairt timpeall na dúichí chun deis a thabhairt do phobal Mhúscraí tacaíocht a léiriú don ospidéal seo atá riachtanach do reigiún Iarthar Chorcaí ar fad.   

An important meeting is to be held on Tuesday next, 14 April, to galvanise support in Múscraí for Bantry General Hospital where services are coming under threat from proposed cuts.   The meeting will be in Ballyvourney’s Abbey Hotel at 9pm on Tuesday night. 

Among the services offered by Bantry Hospital and now under threat are: 

* 24/7 availability of a surgeon and anaesthethist – this is threatened under the cuts.

* 24/7 Accident and Emergency unit – under the cuts this would be cut back to 9-5 Monday to Friday service.  Down from 168 hours per week to 39 hours per week.  At present 70% of admissi0ns to Bantry General Hospital are out of hours. 

* 24/7 availability of Intensive Care Unit – this would be gone under the cuts. 

* Excellent Rehab Unit for stroke victims – the future of this vital unit is in doubt. 


31 03, 2009

Agus tháinig an tiománaí slán….

Loraí ar a thaobh ar bhóthar Bharr a'Chuma. Pictiúir le Séamus Ó Súilleabháin

Loraí ar a thaobh ar bhóthar Bharr a'Chuma. Pictiúir le Séamus Ó Súilleabháin

An loraí ar a thaobh ar thaobh an bhóthair, gar do Bharr a'Chuma, an Tabhairne is airde in Éirinn. Pictiúr le Séamus Ó Súilleabháin

An loraí ar a thaobh ar thaobh an bhóthair, gar do Bharr a'Chuma, an Tabhairne is airde in Éirinn. Pictiúr le Séamus Ó Súilleabháin

24 03, 2009

Con Fada ag an Aonach Ceoil

Beidh Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne 2009 ar siúl  idir  30ú Aibreán – 4ú Bealtaine.

Seolfaidh Con Ó Drisceóil (Buaiteoir Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009) Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne sa Mhuileann ar an Aoine 17ú Aibreán ag 10.00in Seolfaidh Con Ó Drisceóil (Buaiteoir Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009) Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne sa Mhuileann ar an Aoine 17ú Aibreán ag 10.00in

Beidh imeachtaí ar siúl an deireadh seachtaine sin do phobal na Gaeltachta – ceolchoirmeacha, ceardlanna, comórtais amhránaíochta agus seisiúin ceoil & amhránaíochta. Osclóidh Pádraig Ó Sé, Raidió na Gaeltachta, an Aonach ar an Déardaoin 30ú ag an seisiún seachtainiúil sa Mhuileann. Beidh an t-amhránaí & cumadóir Jimmy Mac Carthy ar stáitse san Ionad Cultúrtha ar an Aoine. Maidir leis na Ceardlanna Ceoil, Rince agus Amhránaíochta, beidh ceoltóirí & amhránaí den scoth ag múineadh sna ceardlanna seo arís i mbliana Richard Lucey (bosca ceoil), Geraldine O Callaghan (fidil), Conal Ó Gráda (fliúit), Cormac de Barra (cruit), Muireann Nic Amhlaoibh (amhránaíocht ar an sean-nóis) & Seosamh Ó Neachtain (rince ar an sean-nóis). Beidh siad go léir ar stáitse le chéile ag ollcheolchoirm an Aonaigh ar an Satharn. Beidh Comórtas Amhránaíochta ar an sean-nóis os cionn 18 bliain d-aois - Corn an Dochtúra Uí Loingsigh ar siúl arís againn i mbliana. Chomh maith le sin, beidh comórtas nua á reáchtáil againn ag Aonach Ceoil na bliana seo – ‘sé sin Corn Uí Fhlannagáin - Comórtas Amhráin Nua-Chumtha.

 

Is iad na moltóirí a bheidh againn don dá chomórtas seo ná Con Fada Ó Drisceóil (Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009), Muireann Ní Dhuighneán, & Eilís Maidhcí Uí Shúilleabháin.

Rud nua eile a bheidh ann i mbliana ná Siúlóid an Aonaigh – chun deis a thabhairt do dhaoine áilleacht an cheantair a fheiscint.

*********************************************************************************************************************************

 

Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne 2009 takes  place 30th April – 4th May

Con Ó Drisceóil  (Winner of the Gradam TG4 Composer of the Year 2009) will launch this year’s Aonach  at the Mills on Friday 17th April at 10.00pm

This year’s Aonach Ceoil promises to be yet another great one for the locality and for visitors alike. Pádraig Ó Sé of Radio na Gaeltachta will officially open the Aonach at the regular Thursday evening session in the Mills on the Thursday April 30th. The Ionad Cultúrtha will be the venue on Friday night for the long-awaited concert by Macroom singer Jimmy Mc Carthy. Central to the Aonach are  the workshops – with classes on the Saturday from 11.00- 4.00  followed by a session with the participants and the tutors. Saturday evening’s concert will host all the workshop tutors - Geraldine O Callaghan (fiddle), Conal Ó Gráda (flute), Richard Lucey (box), Cormac de Barra (harp), Muireann Nic Amhlaoibh (sean-nós singer) and Seosamh Ó Neachtain (sean-nós dancer)Again this year, we will hold a sean-nós singing competition.‘ Corn an Dr Ó Loingsigh’ for over 18’s. There will also be a new competition this year  - for newly composed songs – ‘Corn Uí Fhlannagáin’.  These two competitions will be held on Sundayafternoon from 1.00 – 4.00. The Allow Céilí Band will have everyone dancing for the Sunday pm Céilí from 5.00 – 8.00. There will be, of course, plenty of music to be heard in the local bars that week-end – with arranged and impromptu sessions and singing taking place. New to the Aonach this year is the Walk on Monday 4th from 12.00 - 3.00 weather permitting, naturally! People can then warm themselves up with soup and sandwiches at the end of their walk sometime in the afternoon in the Abbey Hotel, where no doubt, more tunes will be heard!

23 03, 2009

Na Cábóga – Mól an óige agus buailfidh sí an druma!

Grúpa ildánach iad Na Cábóga a bhaineann úsáid as drumaí agus an Ghaoluinn féin chun ceol nuálach a chruthú.  Seo iad ag imeacht speisialta a reachtáladh ag Leabharlann Bhaile Mhic Ire le déanaí mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.    Baill iad na drumadóirí d’óg eagrais ar fuaid Ghaeltacht Mhúscraí agus is tionscnamh é Na Cábóga de chuid Oige na Gaeltachta.

18 03, 2009

Barack Obama agus Osama Bin Laden ag Paráid Bhéal Atha’n Ghaorthaidh

10 03, 2009

Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha ag Gradaim Ceoil TG4

Seo taifead a deineadh anuraidh i gCíll Airne nuair a bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar Pheadar  O Riada as é bheith ainmnithe mar Chumadóir na Bliana.   Tá oráid deas ann agus tá’n Cóir freisin ag canadh ‘Aoibhinn Crónán’, amhrán gleoite, dán de chuid an Chraoibhín Aoibhinn, Dúbhglás de hIde. 

Agus mar bhónas beag ag deireadh an dara mhír, tá píosa le Martin Hayes, Ceoltóir Traidisiúnta TG4 do 2008.

4 03, 2009

Agallamh Mhúscraíoch ar an BBC

agallamhbeirte01

Tá suíomh nua idlrlíne ag an BBC i dtuaisceart na hÉireann agus orthu san atá faoi chaibidil ann tá Diarmuid agus Colm O Meachair ó Dhoire’n Chuiling i gCúil Aodha.    Bhí an bheirt seo ag glacadh páirte san Agallamh Beirte Faoi 12 ag an Oireachtas i gCorcaigh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus d’eirigh leo an dara h-áit a bhaint amach.

19 02, 2009

Art Ó Laoghaire ar an scáileán mhór

bob_quinn

Seolfar Cumann Scannáin Dhoire’n Chuillling i Múscraí go luath nuair a bheidh an chéad taispeantas ag an gcumann ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Is é an scannán iomráiteach is ceannródaíoch, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, atá roghnaithe chun tús a chur le séasúr gairid scannáníochta roimh theacht an tSamhraidh. 

Agus beidh stiúrthóir an scannáin, Bob Quinn, i láthair ar an oíche chun an scánnán a chur i láthair.   Mar is eol do dhaoine, deineadh Caoineadh a scannánú timpeall Mhúscraí sna luath 70í.  Meabhróidh siad freisin go mbaineann an scánnán le laoch mhór ó Mhúscraí, Art  O Laoghaire. 

Tá aithne mhaith ar O Laoghaire mar gheall ar an dán chlúiteach a chum a bhaintreach, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, dán grá chomh cumhachtach inniu is a bhí sé an lá a cumadh é ag deireadh an 18ú aois. 

Le déanai chum Peadar  O Riada coiriú ceoil don dán agus tá sé á cheol ó shin ag Cór Ban Chúil Aodha…..

5 02, 2009

Seach-bhóthar le tógáil – céim ar chéim

Is cosúil go bhféadfaí an seachbhóthar a bhí le tógaint timpeall ar Mhaigh Chromtha agus ar Bhaile Mhúirne a thógaint ceim ar cheim. 

Sin a tugadh le fios i dtuairisc in eagrán na seachtaine seo den Corkman.  

Le déanaí chas toscaireacht de Chomhairleoirí Chontae, Teachtaí Dála, Innealtóir an Chontae agus ionadaí an Chomhairle Chontae maidir le bóithre náisiúnta le hUdarás na mBóithre Náisiúnta i mBaile Atha Cliath. 

Duradh leis an dtoscaireacht go mbeadh Orduithe Cheannaithe Éigeantach á chur i lathair na h-Oifige Náisiúnta i mí an Mheithimh agus go mbeadh siad seo reidh le foilsiú faoi mhí Dheireadh Fómhair. 

Chuir an toscaireacht in iúl go raibh siad buartha ná raibh Gabhail Chill na Martra, a bhí le feiscint i bpleananna roimhe seo, le feiscint sna pleananna is déanaí a cuireadh ar fáil.   Dúradh freisin go raibh plé ann faoin bóthar rochtana chuig larionad trachtála Mhaigh Chromtha. 

Cé go bhfuil €1m curtha ar leataobh le h-aghaidh deartha agus ceannacháin éigeantach fán an N22 i mbliana – ach níl aon buiséad ann le h-aghaidh deisiucháin ar an mbóthar i mBaile Mhúirne nó i Maigh Chromtha in ainneoin chomh h-olc is atá dromchla na mbóithre sa dhá áit. 

Beidh le feiceáil….