Ó Laoire sásta le dearcadh Chorcaí

Cé go raibh Nollaig O Laoire, sar pheileadóir Chorcaí agus Chill na Martra, ag suí ar an dtaobh líne Dé Domhnaigh agus é ag fáire ar a chomrádaithe ag teacht aniar in éadan Chiarraí, tá sé cinnt go mbeidh sé ag troid dá áit ar an bhfoireann don babhta ceathrú ceannais an mhí seo chughainn. 

Ghortaigh O Laoire a ghualainn agus é ag imirt do Mhúscraí i gcoinne Baile an Chollaigh i gCraobh Sinsir Chorcaí agus chuir sin as an áireamh é don gcluiche i bPairc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh. 

Ní h-amháin go bhfuil Conor Counihan ag súil le filleadh an leathchúlaí laidir seo – ach tá Cill na Martra freisin nó tá siad le h-imirt sa chéad dreas eile de Chraobh Idirmheanach Chorcaí go luath.

”Beidh mé ann ag troid d’áít ar an bhfoireann,” dúirt sé an tseachtain seo in agallamh leis an Irish Examiner. ”Sin mar atá sé.”

Dar le Nollaig, níl sé féin ná a chomrádaithe ag déanamh talamh tirim de rud ar bith tar éis an bua Dé Domhnaigh. 

“Bhí go leor le cruthú againn tar éis an tubaist a tharla dúinn ag Cluiche Ceannais na hÉireann anuraidh.

“Aon uair a imríonn tú Ciarraí, teastaíonn uait iad a sharú – agus bhí sé go h-iontach gur eirigh linn seo a dhéanamh Dé Domhnaigh agus go raibh an bua chomh ceannasach sin.

“Ach ná cuirimís an dubh ina gheal orainn féin, beidh Ciarraí ar ais – chuirfeadh sé íontas orm mura n-eireodh leo arís dul chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann, ar a laghad, i mbliana.  Foireann brea atá ann.”

Ghoil easnamh Paul Galvin, ar fionraí, agus Declan O’Sullivan, gortuithe, go mór ar Chiarraí dar le fear Chíll na Martra ach creideann sé nach n-athródh sé an toradh dá mbeidís ann.   “Sar pheileadóírí iad Paul agus Declan agus bheídís ina chuid larnach d’aon fhoireann sa tír.

“Ach ní mór a bheith cothrom faoi – bhí Corcaigh chomh ciocrach agus chomh ionsaitheach Dé Domhnaigh agus nach doigh liom go ndéanfadh sé difir don toradh cé acu iad ann nó as.”

Dar le Nollaig, tugann seo freagra doibh san a bhí ag cáineadh Chorcaí i ndiaidh an taispeantas tubaisteach i gCraobh na hÉireann anuraidh.

”Chuaigh an cluiche sin inár gcoinnibh, is cinnte, ach bhéinn féin den tuairim ná raibh cuid den méid a dúradh faoin bhfoireann seo thar moladh beirte.

“Sar pheileadóirí iad seo – tá an foireann buach F-21 ann agus is cinnte gur foireann iad Corcaigh a bheidh san áireamh i mbliana.

“Níl ann ach go gcaithfimíd an beart a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh.”

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cumann Lúthchleas Gael, Spórt

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s