Linn lán le foghlaimeoirí snámh

Tá’s agat go bhfuil an Samhradh linn nuair a thosnaíonn paistí is daoine fásta ag triail ar Linn Snámha Chúil Aodha le h-aghaidh na ranganna snámha is tarrthála a bhíonn á reachtáil ann ag an gComhlachas Sábhailteacht Uisce. 

Thosnaigh na ranganna snámha le linn Choláiste Samhraidh Chúil Aodha bheith in ard a réime.  An uair úd bheartaigh Comhaltas Cosanta Chúil Aodha ar linn snámh a thogaint agus má dhein siad beart críonna riamh, b’é sin é. 

Ní raibh Coláiste Samhraidh i gCúil Aodha le breis is deich mbliain anois.  Ach tá an linn snámh go fóill ann.  Agus bionn sé ar oscailt ó lár mhí an Mheithimh go deireadh an tSamhraidh.  

Ar maidin inniu cuireadh tús leis an chéad seachtain de ranganna snámha agus beidh ranganna á reachtáíl arís ar feadh seachtaine i mí Lúnasa. 

Tá na ranganna á múineadh ag dream óg, cuid acu a d’fhoghlaim a gcuid snámh sa linn céanna.  Tá sár obair á dhéanamh acu ag múineadh do ghlúin óg conas bheith sabhailte san uisce.  

Gach Lá Nollag, tar éis aifrinn, bionn ocáid mhór timpeall na linne nuair a théann gasra cróga an pharóiste ag snámh ar mhaithe le h-airgead a bhailiú chun costaisí na linne a ghlanadh.

An slua bá�lithe le h-aghaidh Dip na Nollag i gCúil Aodha

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cluichí eile i Múscraí, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht, Spórt

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s