Dramaí cois locha i nGúgán

 

Ostán Gugán Barra

Ostán Gugán Barra

 

Anocht a chuirfear tús le séasúr nua de dhrámaí cois locha ag Ostán Ghúgán Barra láimh le Béal Atha’n Ghaorthaidh.  

Tar éis ar eirigh chomh geal leis seo i mblianta roimhe seo, tá dhá dhráma le dul ar an ardán sa phobal le h-ais an ostáin i mbliana, Tom Crean Antarctic Explorer agus The Tailor and Ansty, dráma atá bunaithe ar an leabhar chlúiteach le Eric Cross.  

Ar ndóigh tá an táilliur agus a bhean, Tadhg  O Buachalla agus a bhean Ansty [Anastasia] curtha sa cheantar óir is anseo a chaith siad a saol le cheile. Mheall an leabhar clú idirnáisiúnta nuair a cuireadh cosc air de bharr gur chreid an sagart áitiúil go raibh sé ró ghairsiúil.  

Tá clú agus cáil ar an sraith dhrámaí seo cois locha a reachtáíleann Ostán Ghúgán Barra bliain i ndiaidh bliana.  Agus freisin tá clú agus cáíl ar an ostán féin agus chomh compórdach is atá sé agus na radharcanna breatha ar locha agus ar shléibhte Ghúgáin.  Agus, anuas ar sin, tá clú air as ucht feabhas an bhídh ann.  

Beidh Tom Crean ar an ardán ón oíche anocht go dtí 3 Lúnasa agus beidh The Tailor and Ansty á léiriú ó 12ú Lúnasa go dtí 31 Lúnasa.  Is féidir airithintí a dhéanamh ach glaoch ar 026 47069.

 

An léiriú dhramatúil de shaol Tom Crean, an taiscéala� ó Chorca Dhuibhne

An léiriú dhramatúil de shaol Tom Crean, an taiscéalaí ó Chorca Dhuibhne

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht, Stair

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s