D’ardaigh sé sinn

 

Pictiúr le Seán Mac Suibhne

Ali, Liadh, Cathal, Eoghan, Rachel, Peadar agus Sorcha - clann Uí Riada - le dealbh a n-athair, Seán, i gclós an tséipéil i gCúil Aodha Dé Domhnaigh: Pictiúr le Seán Mac Suibhne

D’ardaigh sé sinn. He Lifted Us Up.  B’shin a dúirt John Kelly, an bhfeidhleadóir le Seán O Sé, agus an beirt acu ag teacht ó shocraid Sheain Uí Riada i Reilg Ghobnatan i mí Dheireadh Fómhair 1971.   

 

Beagnach dhá scór bliain ina dhiaidh sin a nochtadh an chéad dealbh i gcuimhne an Riadach i gclós an tSeipéil i Chúil Aodha.   Bhí na sluaite i láthair don ocáid stairiúil, ina measc clann Sheán agus Ruth, gaolta, cáirde, comharsain.  Bhí an tAire Oideachais, Batt O’Keeffe, agus an tAire Stáit, Martin Mansergh, i láthair thar cheann an Taoisigh agus an Rialtais. 

Bunaitheoir agus stiurthóir Scoil Samhraidh Willie Clancy, Muiris O Rocháin, a thug an aitheasc sara nochtadh an dealbh a bhí deartha ag an dealbhadóir ó Oilean Chiarraí, Mike Kenny.   Ina oráid dúirt sé go raibh Seán O Riada tar éis lorg shuntasach a fhagáil ar an dtír agus ar an gceol.  

Ba í aintín Sheán, Kit Honan ó Chontae an Chláir, a nocht an dealbh.  I gcúpla  focal uaithi, dúirt sí go raibh aithne aici ar Sheán ó bhí sé bliain d’aois agus gur thug sí aire do agus é ina naionán agus go raibh ana chion acu ar a cheile.   

Sheinm baill de Cheoltóirí Chualainn le h-aoí cheoltóirí roinnt poirt don slua. Ar na baill den cheolfhoireann cheannródach a bhunaigh Seán a raibh i lathair bhí Ronnie McShane, Michael Tubridy, Sean Keane, Eamonn de Buitléar, Seán Potts agus Seán O Sé a bhí ina fhear a tí le linn na h-ocáide. Ar na ceoltóirí eile a bhi ag ceol bhí Peadar O Riada, Seán Og Potts, Eamon McGivney, Billie O’Riada, Siún agus Doireann Glacken [gar phaistí an Riadaigh] agus Kevin Glacken. 

Chuaigh an slua siar an bóthar ar chúl Bhanna Phiobairí Bhéal Atha’n Ghaorthaidh go dtí Aras Eamon Mhic Suibhne mar a raibh ceilí faoin aer ar bun agus Banna Cheilí Allow ag ceol agus Seán Og O Duinnín ag stiuradh an rínce agus an trácht. 

Lean óg agus aosta ag rínce ar an sraid go ceann roinnt uaireannta cloig agus bhí deoch agus bia ar fáil sa halla.   Crioch iontach ar lá íontach agus go h-iomlán i dtiúin leis an méid atá inscríofa ar an leacht faoin dealbh.   

Srutháin gléineach os na clocháin

Na cáisí ceoil do chuimhneachán

B’é Dónal O Liatháin a chuir na focail sin ar fáil don leacht chuimheacháin.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s