Insealbhú na saoi

Concubhar O Liatháin, ag glacadh le bonn ar son a athair, Dónal, Eibhlis Maidhci Ui Shuilleabháin agus Caoimhin O BuachallaBhí ocáid ana thaithneamhach in Arus Éamoinn Mhic Suibhne oíche Dé hAoine, Lá Lúnasa,  nuair a deineadh insealbhú ar na saoithe is úire ag Acadamh Fódhla, an ‘ollscoil scairte’ atá bunaithe ó 2000 i gceantar Mhúscraí. 

Triúr a bhí ag fáil an bonn óir i mbliana – is iad sin Eibhlís Maidhcí Uí Shuilleabháin ó Dhámh Amhránaíocht Dhúchasach na nGael, Dónal O Liatháin ó Dhámh Stair Dhúchasach na nGael agus Caoimhín O Buachalla, an Dámh Talamhaíocht Dhúchasach na nGael. 

Nuair a bhí an slua báilithe, tháinig baill an Acadaimh isteach sa halla i mórshiúl agus beirt cheoltóir, Kevin Glacken agus Eamon McGiveney ar cheann an pharáid.   

Dónal O hÉalaithe a bhí ina fhear a’tí agus mhínigh seisean aidhmeanna an Acadaimh agus thug léargas duinn ar an obair a bhí ar bun sna Dáimheanna éagsúla. 

Bronnadh na boinn ór ansan ar na saoithe.  B’é Peadar O Riada a chur Eibhlís Maidhcí Uí Shuilleabháin i láthair.  Nuair a ghlac sise leis an bonn, ghabh sí buiochas leis an slua agus lucht an Acadaimh a roghnaigh í don onóir seo. 

Ní raibh Dónal O Liatháin i láthair don bronnadh de bharr é bheith ag teacht chuige féin in Oisbidéal Bheanntraí tar éis stróc é a bhuaileadh dhá mhí ó shin.  Chuir Daithí Mac Suibhne, an t-é a bhronn an bhonn, beannachtaí na Dáímhe agus an Acadaimh chuige agus bronnadh an bonn ar mhac Dhónail, Concubhar, le tabhairt dá athair ar ball. 

Iar phríomh oide ar Choláiste Mhuire i mBéal Atha’n Ghaorthaidh é Caoimhín O Buachalla, an saoi nua ag an nDáimh Talamhaíochta.  Tá an Dáimh seo ag tabhairt faoi obair thabhachtach cosúil le h-oideas ‘mead’ a aimsiú agus tabhairt faoin deoch ársa seo a thairgeadh.  Ina aitheasc mhol sé don Dáimh is nua san Acadamh, an Dámh Fuinnimh, staidéar a dhéanamh ar bhunaitheoir an Acadaimh, Peadar O Riada, le h-aimsiú cad as a tháinig a chuid fuinnimh ar fad!

I ndiaidh na searmanas ar fad, bhi soláistí alainne bídh agus cúpla gloine fíona ar fáil.  Bhí tae ann freisin do thiománaithe agus do Cheannródaithe.  Ina dhiaidh sin leanadh leis an cheol is leis an cheiliúradh ag Barr a’Chuma.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Stair

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s