Seó in ainneoin na doininne

Cé go raibh sé ag doirteadh báisti ón spéir, nior chuir sé sin isteach ar lucht eagar Seó Bhaile Bhuirne/Chúil Aodha a bhí ar ais arís i bPáirc Choláiste Iosagáin Dé Domhnaigh. 

Tháinig na céadta ar an láthair chun pairt a ghlacadh i réimse mhór chomórtas agus bhí roinnt mhaith eile le h-amharc ar na nithe – agus na beithígh – a bhí ar taispeáint. 

Bhí trí phobal ar an láthair – ceann le h-aghaidh taispeantas na saothar ealaíne is cocaireachta agus ceann eile ina raibh seó na madraí ar bun ann. 

Taobh amuigh bhí na bá agus na capaill ar taispeáint agus bhí roinnt sean ghluaisteáin agus “Honda 50í”. 

I bPáirc Peile Chumann Naomh Abán, atá ar an láthair, reachtáladh roinnt rásanna agus bhí páistí ó dhá bhliain d’aois go dtí mathracha i malaí ag iarraidh na mbonn a bhaint. 

Cé ná raibh sé ag doirteadh anuas ina bhuicéid, bhí sé fliuch go leor.  B’é seo an chéad uair don seó ar ais i bPairc an Choláiste ar feadh roinnt blian agus is láthair an chaothúil é.   Dá mbeadh an aimsir níos fearr, is cinnte go mbeadh lá thar na beartaibh ag gach éinne.

Beidh muintir Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ag súil le h-aimsir níos fearr don seó atá á reachtáil acu an Domhnach seo chughainn.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cultúr, Imeachtaí Eile, Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s