Fear Naomh Abán ina chaptaen ar Chorcaigh

Aris eile Dé Domhnaigh beag seo, is é Antaine  O Loinsigh a bheidh ina chaptaein ar fhoireann an chontae.

Fear Naomh Abán agus Captaen Chorcai, Anthony Lynch

Fear Naomh Abán agus Captaen Chorcaí, Anthony Lynch

Tar éis gur eirigh chomh geal le Corcaigh in éadan Chill Dara – agus ní bhéimíd ag cuir ama amú ag smaoineamh ar an dtreimhse codlatach a bhí acu ag deireadh an dara leath – tá fear Naomh Abán ar ais sa diallait. 

Tá Graham Canty, captaen na foirne roimhe seo, gortaithe go fóill cé go bhfuil seans ann go mbeidh sé ag imirt go fóill Dé Domhnaigh, fiú mas amhlaidh go nglaofar chun páirce é mar fhear ionad. 

Thug an Loinseach taispeantas spreagúil sa chluiche ceathrú ceannais agus tá sé ag léiriú an sean mhianach a bhí riamh ann i mbliana.   Má eiríonn leis an fhoireann a spreagadh chun an paisean céanna a léiriú, an paisean Músgraíoch, beidh sé deacair ar Chiarraí na Reibiliúnaigh a chloí an uair seo, fiú gur i bPáirc a’ Chrócaigh atá an chluiche. 

Corcaigh – agus Naomh Abán – abú!

Ar bhínse na bhfear ionad freisin tá Nollaig O Laoire, fear Reidh na nDoirí, agus beidh súil le siúd ar pháirc an imeartha Dé Domhnaigh nó, cá bhfios, an triú Domhnach i mí Meán Fómhair!

Rud amháin eile, de reir tuairiscí atá cloiste agam faoi thuairisciú Radio Kerry ar an gcraobh peile, tá muintir Chiarraí buartha.  “How will we dale with the Tyrone blanket de fense” an ceist atá á chur ag a lucht tacaíochta agus iad ag déanamh talamh tirim den bhua Dé Domhnaigh [agus bua Thír Eoghain ar Loch Garman freisin ar ndóigh]. 

Rud amháin cinnte faoin Samhradh seo, agus sinn ag caint ar chúrsaí aimsire nó péile, ní féidir talamh tirim a dhéanamh de rud ar bith. 

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cumann Lúthchleas Gael, Spórt

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s