Bua ag Cill na Martra sa ‘derby áitiúil’

Bhí slua breá i lathair trathnóna oíche Dé Domhnaigh i mBéal Atha’n Ghaorthaidh nuair a thug mionúirí Chill na Martra aghaidh ar Naomh Abán sa chluiche ceannais i gCraobh Mionúir B lár Chorcaí. 

Ní féidir buachaint ar an ‘Derby’ chun an slua a mhealladh. 

Anuraidh bhuaigh Cill na Martra Craobh ‘C’ lár Chorcaí agus, ina dhiaidh sin, Craobh C an Chontae. 

Bhí na fóirne cothrom go leor ach gur chaill Naomh Abán cic éirice  nuair a bhuail an peil an polla agus cé gur scior sé trasna an chúil, ní raibh aon scór mar thoradh. 

Bhí Cill na Martra chun cinn le pointe nó dhó furmhór an ama ach ba dhóigh leat go dtiocfadh Naomh Abán suas leo go luath sa tarna leath. 

Bhí na foirne buile ar bhuile ar feadh an chéad deich noimead ach ansan thosnaigh Cill na Martra ag cur an pheil  suas i dtreo chúl Naomh Abán le ruathair tapaidh. Bhí beirt imreoir ana laidir agus ana thapaidh acu agus d’fhéadfá a rá gurb iad san a bhuaigh an an craobh do mhuintir Chill na Martra. 

Bhronn Cathaoirleach Bhórd Mhúscraí an corn ar an gcaptaen buach ó Chíll na Martra.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Cumann Lúthchleas Gael, Spórt

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s