Réaltaí scannáin Mhúscraí

An Aoine beag seo beidh saothar scannáin daltaí scoile fud fad Mhúscraí á taispeaint den chéad uair ag ocáid speisialta in Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne. 

Faoi stiur an scannánaí iomraiteach ó Mhaigh Chromtha, Dónal O Ceilleachair, tá daltai ó Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr d’Inse, Baile Mhuirne, Reidh na nDoirí, Cill na Martra agus Béal Atha’n Ghaorthus agus Scoil Mhuire i mBéal Atha agus Colaiste Ghobnatan i mBaile Mhuirne tar éis taispeantas ealaíne bunaithe ar scannán, scannán dramaíochta agus trí scannán faisnéise a léiriú. 

Sa taispeantas, tá úsáid bainte as sciatháin ildáite peidhleacáin marbha agus framaí scannáin 35mm chun saothair aonaracha ealaine a ullmhú.  Tá spreagadh faighte ag an ghné seo den tionscnamh ón saothar a rinne an scannanaí Stan Brakhage nuair a léirigh sé scannán thar a bheith alainn tre úsáid a bhaint as sciatháin feithide. 

Chomh maith leis an dtaispeantas sin, tá scannán ficsin bunaithe ar an ndráma faoi saol na ndrugai i mBaile Munna, From These Green Heights, léirithe ag daltaí idirbhliana Cholaiste Ghobnatan.   Agus tá trí scannán faisnéise, Guthanna an tSuláin, léirithe faoi thrí ghlúin d’amhránaithe sean nóis, le taispeaint freisin ar an oíche. 

Stiurthóír Féile Scannáin Chorcaí, Mick Hannigan, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil.  Fuair an tionscnamh cabhair ó Tasc Fhórsa Drugaí Reigiún an Deiscirt agus bhí Dónal fostaithe faoi scéim an ealaiontóra chonaitheach.  Fuair an tionscnamh cabhair ó Ealaíon na Gaeltachta.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s