Oíche cheiliúrtha Mhúscrai tar éis Oireachtas ’08

Beidh oíche cheiliúrtha ag amhránaithe, lucht agallaimh beirte agus luibíní Mhúscraí, iad san ar eirigh leo duais de short eigean a bhuachaint ag Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh an tseachtain seo chaite, beidh an oíche cheiliúrtha seo ar bun in Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne Dé hAoine. 

Aisling Gheal, an scéim spreagúil atá ar chúl feabhas amhránaithe Mhúscraí sna comórtais Sean Nóis, atá ag eagrú na h-ocáide seo a bheidh ag tosnú ar 8.30in. 

Tá súil agam féin bheith ann – agus beidh míreanna scannáin de bhuaic phointí na h-oíche le feiscint ar an leathnach seo go luath an tseachtain seo chugainn.  Seo thuas an amhrán a bhí ag Dónal  O Liatháin, m’athair féin, i gComórtas Sheán Eoin Uí Shuiilleabháin don Amhrán Nua Chumtha d’fhonn thraidisiúnta.  Mo dheirfiúr, Bríd, a chan an amhrán de bharr nach bhfuil Dónal ar fónamh faoi láthair agus é in Oisbidéal Bheanntraí.

Tá go leor físeáin eile ón Oireachtas ar fáil ar iOireachtas, blag neamh oifigiúil an Oireachtais.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Siamsaíocht

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s