Cúrsaí ag dul i bhfeabhas….

Tá roinnt cainte déanta le tamall beag anuas ar an dtodhchaí atá i ndán do Choláiste Iosagáin i mBaile Mhuirne agus é luaite go mion is go minic le Lár Ionad Feabhais Náisiúnta don Oideachas Gaeltachta is don Ghaelscolaíocht. 

D’iompaíodh fód ar an dtogra uaillmhianach seo i 1999 – ach níor iompaíodh an dara fód ó shin. 

Anois tá an chaint ath-thosnaithe, de bharr go bhfuil Batt O’Keeffe, atá tofa mar TD de chuid Fianna Fáíl sa toghcheantar ina bhfuil Coláiste Iosagáin, ina Aire Oideachais is Eolaíochta.  Tá suim léirithe ag an Aire sa togra seo, suim ná raibh ag leitheidí Mary  Hanafin a bhí sa phost roimhe, agus is cosúil go bhfuil sé ag beartú dá réir.

De réir an scéala seo, a fhoilsíodh ar Lá Caille, tá dlús anois sa bhfeachtas chun Coláiste Iosagáin a fhorbairt mar larionad náisiúnta.   Beidh cúrsaí á reachtáíl ann ar mhaithe le múinteoirí bunscoile a chur in aithne arís don Ghaeilge mar theanga labhartha is cumarsáide.

I scéal i Foinse [is oth liom nach féidir liom nasc a chur ar fáil ach níl an scéal seo foilsithe ar shuíomh ‘phríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ go fóill] ag an deireadh seachtaine, tuairiscíodh go mbeadh cúrsa ‘iar chéime Ghaeilge labhartha’ á chur ar fáil i mBaile Mhuirne.

Tuairiscíodh i bhFoinse go bhféadfaí go mbeadh dioploma agus dreimire chuig árd dioplóma nó céim máistreachta ar fáil sa chúrsa seo.  

Bheadh úsáid á bhaint as acmhainní na hOllscoile agus acmhainní na Gaeltachta anseo i Múscraí, tugadh le fios.

Ach, agus is ‘ach’ mór é, tá ‘gach rud ag brath ar na h-acmhainní cuí agus an t-airgead a bheidh ar fáil chuige.”

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Fostaíocht, Gnó

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s