Oisín ag earcú aistritheoirí

Tá an chomhlacht aistriúcháín agus comhairleoireacht teanga, Oisín, ag cur tús le rabharta earcaíochta fóirne a chuirfidh go mór leis an gcomhlacht atá lonnaithe i mBaile Mhic Ire. 

Tá Oisín, atá faoi stiúr ag Cormac  O hAodha, bunaitheoir na comhlachta, ar an bhfód ó reachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003 agus tá sé ag cur seirbhísí idir aistriúcháin agus comhairleoireacht teanga ar fáil do réimse mhór chliaint – údaráis áitiúla, comhlachtaí stáit agus eile.  Tá cliaint á aimsiú ag Oisín ar mhór roinn na hEorpa freisin nó tá cumas ag Oisín tabhairt faoi aistriúcháin i dteangacha eile ní h-amháin an Ghaeilge agus an Bhéarla. 

Go luath beidh an suíomh idirlíon, atá dhá theangach theana féin, ar fáíl freisin i bhFrainncís agus i nGearmáinís.   Mar a dúirt Cormac in agallamh leis An Corkman inniu:  “Táimid ag súil go bhféachfar orainn mar chomhlacht ar féidir beartais a chur i gcrioch i margaí thar lear chomh maith céanna leis na margaí sa bhaile.”

Le déanaí fuair an chomhlacht conradh chun seirbhisí aistriúcháin a chur ar fáil le h-aghaidh fotheidealú a dhéanamh ar chláracha do TG4.  

Faoi láthair tá ochtar ag obair leis an gcomhlacht go lán aimseartha agus roimh i bhfad beidh ceathrar eile ar an bhfoireann agus an chomhlacht ag cur leis an bhfoireann chun deileáíl leis an éileamh breise.  Tá sé beartaithe an fhoireann a mhéadú arís eile go dtí go mbeidh scór fostaithe sa trí bhliain atá romhainn.

Tá súil freisin go mbeidh dearthóir earcaithe ag an bhfoireann nó bheadh cumas dearthóireachta ina bhuntáiste d’aistritheoir a bheadh ag iarraidh fostaíochta ó Oisín.

Má tá suim agat tabhairt faoin obair dúshlánach seo, ba cheart duit dul i dteagmháil le hOisín. Faigheann Oisín tacaíocht ó Udarás na Gaeltachta

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Cúil Aodha, Fostaíocht, Gnó

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s