80 post breise i Múscraí: Tuairisc an Údaráis

Seo sliocht ón Athbhreithniú Bhliantúil ar obair Udarás na Gaeltachta le linn 2008 i Múscraí: 

Cruthaíodh líon suntasach poist nua, 80 post lánaimseartha,  i nGaeltacht Mhúscraí le linn 2008 agus bhí glanmheadú de 25 post i gceist nuair a thógtar san áireamh líon na bpost a cailleadh.   Ciallaíonn seo go raibh 690 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliaint-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhúscraí ag deireadh na bliana. 

 

Ceadaíodh líon suntasach, 94 post nua lánaimseartha, do Ghaeltacht Mhúscraí le linn 2008 le hinfheistíocht iomlán de €13 milliún i réimsí ar nós seirbhísí, innealtóireacht, déantúsaíocht, turasóireacht agus tograí teangabhunaithe.

 

 

Forbairtí

 

·      Cuireadh tús leis an obair phleanála maidir le forbairt Coláiste Íosagáin. Réitíodh léaráidí d’athchoiriú an fhoirgnimh mar acmhainn oifige, oideachais, turasóireacht agus chultúrtha agus chuathas trí phróiseas comhairliúcháin le grúpaí leasmhara áitiúla.  

 

·      Bunaíodh struchtúr pobail nua do Ghaeltacht Mhúscraí ar a dtugtar Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus tá an t-eagras sin ag feidhmiú faoi Scéim Dheontas Reachtála an Údaráis.

 

·      Lorgaíodh cead pleanála le spás fiontraíochta ina mbeadh saotharlann agus spás oifige a fhorbairt ar Eastát Bhaile Bhuirne. 

 

·      Cuireadh tús leis an obair thógála ar fhoirgneamh Somex Teo ar Eastát Tionscail Bhaile Bhuirne.  Táthar ag suil go mbeidh naonúr fostaithe sa chomhlacht nuair atá sé faoi lán tseoil.

 

·      Fuarthas cead pleanála d’fhorbairt spás oifige agus forbartha pobail ar shuíomh de chuid an Údaráis ar Oileán Chléire agus cuirfear tús leis an obair seo sna míonna amach romhainn. Cosnóidh an fhorbairt seo €650,000. 

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s