Con Fada ag an Aonach Ceoil

Beidh Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne 2009 ar siúl  idir  30ú Aibreán – 4ú Bealtaine.

Seolfaidh Con Ó Drisceóil (Buaiteoir Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009) Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne sa Mhuileann ar an Aoine 17ú Aibreán ag 10.00in Seolfaidh Con Ó Drisceóil (Buaiteoir Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009) Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne sa Mhuileann ar an Aoine 17ú Aibreán ag 10.00in

Beidh imeachtaí ar siúl an deireadh seachtaine sin do phobal na Gaeltachta – ceolchoirmeacha, ceardlanna, comórtais amhránaíochta agus seisiúin ceoil & amhránaíochta. Osclóidh Pádraig Ó Sé, Raidió na Gaeltachta, an Aonach ar an Déardaoin 30ú ag an seisiún seachtainiúil sa Mhuileann. Beidh an t-amhránaí & cumadóir Jimmy Mac Carthy ar stáitse san Ionad Cultúrtha ar an Aoine. Maidir leis na Ceardlanna Ceoil, Rince agus Amhránaíochta, beidh ceoltóirí & amhránaí den scoth ag múineadh sna ceardlanna seo arís i mbliana Richard Lucey (bosca ceoil), Geraldine O Callaghan (fidil), Conal Ó Gráda (fliúit), Cormac de Barra (cruit), Muireann Nic Amhlaoibh (amhránaíocht ar an sean-nóis) & Seosamh Ó Neachtain (rince ar an sean-nóis). Beidh siad go léir ar stáitse le chéile ag ollcheolchoirm an Aonaigh ar an Satharn. Beidh Comórtas Amhránaíochta ar an sean-nóis os cionn 18 bliain d-aois – Corn an Dochtúra Uí Loingsigh ar siúl arís againn i mbliana. Chomh maith le sin, beidh comórtas nua á reáchtáil againn ag Aonach Ceoil na bliana seo – ‘sé sin Corn Uí Fhlannagáin – Comórtas Amhráin Nua-Chumtha.

 

Is iad na moltóirí a bheidh againn don dá chomórtas seo ná Con Fada Ó Drisceóil (Gradam TG4 Cumadóir na Bliana 2009), Muireann Ní Dhuighneán, & Eilís Maidhcí Uí Shúilleabháin.

Rud nua eile a bheidh ann i mbliana ná Siúlóid an Aonaigh – chun deis a thabhairt do dhaoine áilleacht an cheantair a fheiscint.

*********************************************************************************************************************************

 

Aonach Ceoil Bhaile Mhúirne 2009 takes  place 30th April – 4th May

Con Ó Drisceóil  (Winner of the Gradam TG4 Composer of the Year 2009) will launch this year’s Aonach  at the Mills on Friday 17th April at 10.00pm

This year’s Aonach Ceoil promises to be yet another great one for the locality and for visitors alike. Pádraig Ó Sé of Radio na Gaeltachta will officially open the Aonach at the regular Thursday evening session in the Mills on the Thursday April 30th. The Ionad Cultúrtha will be the venue on Friday night for the long-awaited concert by Macroom singer Jimmy Mc Carthy. Central to the Aonach are  the workshops – with classes on the Saturday from 11.00- 4.00  followed by a session with the participants and the tutors. Saturday evening’s concert will host all the workshop tutors – Geraldine O Callaghan (fiddle), Conal Ó Gráda (flute), Richard Lucey (box), Cormac de Barra (harp), Muireann Nic Amhlaoibh (sean-nós singer) and Seosamh Ó Neachtain (sean-nós dancer)Again this year, we will hold a sean-nós singing competition.‘ Corn an Dr Ó Loingsigh’ for over 18’s. There will also be a new competition this year  – for newly composed songs – ‘Corn Uí Fhlannagáin’.  These two competitions will be held on Sundayafternoon from 1.00 – 4.00. The Allow Céilí Band will have everyone dancing for the Sunday pm Céilí from 5.00 – 8.00. There will be, of course, plenty of music to be heard in the local bars that week-end – with arranged and impromptu sessions and singing taking place. New to the Aonach this year is the Walk on Monday 4th from 12.00 – 3.00 weather permitting, naturally! People can then warm themselves up with soup and sandwiches at the end of their walk sometime in the afternoon in the Abbey Hotel, where no doubt, more tunes will be heard!

Advertisements

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cultúr

1 fhreagra amháin ar “Con Fada ag an Aonach Ceoil

  1. Bail ó Dhia oraibh. Tá an-shlacht ar an mblag sin agaibh. Seo dúshlán eile daoibh anois (ag teacht i dtír ar teicneolaíocht an bhlaig) píosa ceoil nó amhrán úr a chumadh bunaithe ar chomhoibriú tri blag. Ní fada go mbeadh cúigear nó seisear de chumadóirí nó fonnadóirí ag teacht suas le coincheap, téama agus lirící – fiú más píosa aoire atá ann! Gach rath ar bhur saothar.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s