Cúrsa Aistriúcháin

Cúrsa i mBunscileanna an Aistriúcháin

  • Beidh cúrsa aistriúcháin (Gaeilge agus Béarla) á reáchtáil ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.  Cúig seachtaine (10 u.a.c.) a bheidh i gceist leis an gcúrsa seo.  Tosnóidh sé Dé Máirt 23 Feabhra 2010 agus beidh sé ar siúl idir 12:00 agus 14:00 i seomra G.01 Áras Uí Rathaille gach Máirt go dtí 23.03.10.
  • Déanfar iniúchadh sa chúrsa seo ar aistriú téacsaí éagsúla, ina measc, tuarascálacha, litríocht, treoracha, téacsleabhair scoile srl.
  • Féachfar ar mhionphointí gramadaí a bhaineann go dlúth le ceird an aistriúcháin.
  • Pléifear cúrsaí stíle, mar shampla béarlachas!
  • Tabharfar léargas chomh maith ar na foinsí atá ar fáil don aistritheoir, go háirithe iad san atá ar-líne.
  • Beidh ardchaighdeán Gaeilge idir scríobh agus labhairt ag rannpháirtithe an chúrsa seo.
  • Táille €60 a bheidh ar an gcúrsa (€45 mar ráta ar leith).
  • Más mian leat clárú  don gcúrsa seo tabhair d’ainm d’Oifig na Gaeilge Labhartha @ 021-4902314.  Is féidir teagmháil a dhéanamh le Brian féin ag an uimhir 021-4903105 nó b.odonnchadha@ucc.ie má tá tuilleadh eolais uait.
Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s