Tús maith leis an bproiseas

Bhí cruinniú poiblí ann oíche Dé Máirt chun tús a chur le proiseas chomhairliúcháin a bheidh Plean Teanga do Mhúscraí mar thoradh air – agus ba thús mhaith é ar an obair mhór seo atá tionscnaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

San Ionad Áise i Reidh na nDoirí a reachtáladh an chruinniú agus bhí ionadaithe ann ó chóistí éagsúla ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh, Cill na Martra, Reidh na nDoirí, Baile Mhuirne, Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha, maraon le daoine aonaracha, chun tuairimí a nochtadh agus moltaí a dhéanamh maidir leis an bplean seo.

An Dr. Conchúr Ó Giollagáin ó Rannóg na Pleanála Teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge an aoí chainteoir ar an oíche agus b’é Derry Ó Duinnín, Cathaoirleach an Chomharchumainn, a bhí sa chathaoir.

Dar leis an Dr. Ó Giollagáin, gur léirigh na torthaí ó Scéim Labhairt na Gaeilge ó 2006 go raibh feabhas shuntasach i gcaighdeán na Gaoluinne sa cheantar le gairid agus cinnte ón am a raibh sé i láthair go deireannach ag na cruinnithe poiblí a reachtáladh mar ullmhú d’fhoilsiú an Staidéir Chuimsithí ar Úsáid na Gaoluinne sa Ghaeltacht.

Ach thug sé le fios go raibh dúshlán mhór roimh phobal Mhúscraí chun a chinntiu go mairfeadh an Ghaeilge i Múscraí go dtí an chéad ghlúin eile.

Bhí aischothú maith ann ón pobal a bhí i láthair ar an oíche agus moltaí á dhéanamh acu bheartais éagsúla a dhéadfadh cur le labhairt na Gaoluinne i Múscraí agus, anuas ar sin, na deacrachtaí a bhí le sarú chun an aidhm sin a bhaint amach.

Ina chaint, mhínigh bainisteoir an Chomharchumainn, Concubhar Ó Liatháin, go bhfuil sé i gceist tuairisc bunaithe ar chruinniú na seachtaine seo a ullmhú agus a dháileadh i Múscraí gan mhoill.  “Táim ag súil go  dtabharfaidh an cruinniú seo lón machnaimh doibh san a bhí i lathair, go gcasfaidh siad ar na coistí a bhfuil siad bainteach leo agus/nó a gcáirde, agus go bpléifidh siad na moltaí ar feidir leo a dhéanamh chun  páirt larnach a bheith acu in ullmhú agus i bhfeidhmiú an phlean seo.”

Tá sé i gceist cruinniú phoiblí eile a reachtáil tar éis na Cásca agus ag an gcruinniú sin bunófar meithil oibre i réimsí éagsúla – an teaghlach, cúrsaí oideachais, cultúr agus siamsaíocht, spórt, gnó, forbairt pobail.

Beidh sé faoi na meithil sin ansan plean ar leith don réimse sin a dhréachtú agus tabharfar an plean iomlán le cheile ansan tar éis an tSamhraidh chun go mbeidh an plean reidh le seoladh go luath san Fhómhar.

Advertisements

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

1 fhreagra amháin ar “Tús maith leis an bproiseas

  1. Gearóid Mac Suibhne

    Maith sibh as an obair seo a thosnú.
    Bhíos ag an gcruinniú agus smaoineamh amháin a rith liom ná go bhféadfaí níos mó úsáide a bhaint as an suíomh áirithe seo le haghaidh nuacht áitiúil a chur ós comhair an phobail. Is áis iontach é lena leithéid a dhéanamh dar liom. Tuigim go mbíonn lucht an chomharchumainn gnóthach áfach agus b’fhéidir nach mbíonn dóthain ama agaibh chun tabhairt féna leithéid d’obair ach d’fhéadfaí iarradh ar dhaoine áitiúla giotaí a scríobh anois is arís.

    Sampla den sórt nuachta áitiúla atá i gceist agam ná an cluiche peile fé21 idir foireann Naomh Abán agus foireann Chill na Martra an deireadh seachtaine seo chugainn. Dá mbeadh tuairisc ar an gcluiche ar fáil ar an suíomh seo b’fhéidir go mealladh sé léitheoirí nua, go háirithe daoine óga.

    Chomh maith le sin d’fhéadfadh le daoine cuntas a scríobh ar aon nuacht áitiúil – ócáid cultúrtha ar bith sa cheantar, m.sh. oíche ceoil nó dramaíochta san ionad cultúrtha nó in áit ar bith sa cheantar, eachtraí spóirt eile, nuacht a bhaineann leis na scoileanna chun deis a thabhairt do dhaoine óga scríobh, cur síos ar aon eachtra eile, nó fiú smaointe fánacha múscraígh ar bith ar chúrsaí an tsaoil.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s