Cuairt na bhFilí Albanacha ar Mhúscraí

Ní fhéadfadh an ghnath dhuine cur síos a dhéanamh ar Chuairt na bhFilí Albanacha go Múscraí aréir (Dé Máirt).  Ghlacfadh sé file chun sin a dhéanamh.    Ar ndóigh ní file mé – cé gur de shliocht filí mé – is iriseoir/ainniseoir mé.     Ach roinnfidh mé mo smaointe ar an ocáid libh ar aon nós.

Ritheann líne ó dhán a scrígh Seán O Riordáin liom agus mé ag meabhrú ar dhraíocht na h-oíche aréir san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Ag tagairt do ar bhean a aithris dán ag an Dáimh Scoil i Múscraí tar éis gur fhreastail sé air, dúirt sé an líne seo: “Ní file an bean, ach filíocht”.

Leis an chaint go léir faoin scamall luaithrigh a d’eisigh an Bolcáin úd san Ioslainn, ba cheart a lua gur eirigh leis na filí agus na ceoltóirí seo teacht thar Shruth na Maoile gan aon dua ró mhór agus bhí oíche bhrea acu i gCorcaigh, i dTabhairne an Long Valley oíche Dé Luain, sara tháinig siad chomh fada le Múscraí. Ar aon nós, bhí fearadh na fáilte rompu chuig Múscraí,Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, na filí, agus Shona Masson is Joy Dunlop, an cheoltóír agus an amhránaí faoi sheach.   Ag cur fáilte rompu bhí Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Peadar O Riada agus Gobnait Ní Chruadhlaoich, maraon le slua brea ón chomharsanacht.

Idir ceol traidisiúnta nua chumtha agus sean amhráin, dánta ó óg agus sean, poirtíní béil agus jigeannaí, bhí oíche bhrea chultúrtha againn.   Agus fíon dearg is chnóanna ón gcomhlacht áitiúil, Bia Sláintiúil na hÉireann, mar sholáistí, bhí gach mian sásta, d’fhéadfá a rá.

Ag deireadh na h-oíche, bhí deoch agus comhrá againn sa Mhuileann agus thugamar aghaidh ar an mbóthar abhaile, go Cúil Aodha is go hAlbain.

Advertisements

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn

1 fhreagra amháin ar “Cuairt na bhFilí Albanacha ar Mhúscraí

  1. Ping: An Ghaeilge ina teanga rúnda? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s