Éacht amhránaíochta Cór Ban Chúil Aodha

Tá Cór Ban Chúil Aodha ar an ardán faoi dhó ag an deireadh seachtaine agus iad ag cur i láthair an dhá mhór shaothar acu, Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus Laoi na Laoithe (leagan Ghaeilge ‘the Song of Solomon’).  Beidh an sár chóir seo le clos san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne – nó i mBaile Bhuirne! – Dé hAoine an 7ú Bealtaine agus Dé Satharn 8ú Bealtaine.

Is féidir ticéid a fháil ach glaoch ar an Ionad Cultúrtha – 026 45733.

Cúpla seachtain an bhroidiúil atá ann do Pheadar  O Riada, stiurthóir agus bunaitheoir an Chóir, nó tá an albam a d’eisigh sé an tseachtain seo chaite ina bhfuil sé féin, Martin Hayes agus Caoimhín O Raghallaigh ag seinnt foinn nua a chum sé féin ag mealladh ard mholadh agus, tá súil agam, díolachán mhór dá réir.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cúil Aodha, Cultúr, Siamsaíocht

Freagra