Póst i Múscraí

Version:1.0 StartHTML:0000000200 EndHTML:0000017697 StartFragment:0000004148 EndFragment:0000017661 SourceURL:file://localhost/Users/concubharoliathain/Downloads/Fogra%20Poist%20Na%20Mumhan.doc

Óige na Gaeltachta

Oifigeach Forbartha (Réigiún na Mumhan)

Tá Óige na Gaeltachta ag lorg duine do phost mar Oifigeach Forbartha i réigiún na Mumhan.  Beidh an tOifigeach freagrach as cur chun cinn seirbhísí óige sna pobail Ghaeltachta i réigiún na Mumhan. Beidh an té a cheapfar freagrach as na cúraimí seo a leanas:

  • Tacú le seirbhísí óige agus clubanna óige a bhunú.
  • Tacaíocht a thabhairt do phobail de réir éilimh freastal ar an óige.
  • Imeachtaí óige a reáchtáil mar a oireann.
  • Seirbhís eagrúcháin agus eolais a chur ar fáil do chlubanna/eagraíochtaí óige.
  • Cúrsaí oiliúna agus oideachais a eagrú mar a oireann.
  • Deacrachtaí, fadhbanna a aithint sna pobail éagsúla maidir le cúrsaí óige.
  • Comhairle agus tacaíocht a thabhairt do cheannairí óige sa phobal.

Riachtanais an Phoist

  • Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.
  • Taithí agus eolas ar chúrsaí óige.
  • Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.
  • Sárscileanna i riaradh tograí óige agus pobail.
  • Ardscileanna ríomhaireachta agus riaracháin.
  • Taithí ar obair phobail agus coistí deonacha.
  • Ceadúnas glan tiomána reatha agus gluaisteán a bheith aige/aici.

Beidh an té a cheapfar freagrach don Bhainisteoir agus don Bhord Stiúrtha. Is conradh lánaimseartha ar chonradh bliana atá i gceist sa phost seo.  Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Óige na Gaeltachta i mBaile Bhuirne.  Íocfar ráta caighdeánach tuarastail le haghaidh an phoist.

Seol d’iarratas mar aon le CV roimh an gCéadaoin 15ú Meán Fómhar 2010 chuig:

An Bainisteoir

Óige na Gaeltachta

Casla

Conamara

Co. na Gaillimhe

Teil: 091 506014           R-phost: eolas@onag.ie

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s