Anois teacht Imbolc….

Anois teacht Imbolc – agus tá an lá ag dul chun síneadh.   Inniu Lá Fhéile Bríde agus tá go leor ag ardú a seol chun aghaidh a thabhairt ar Mhúscraí don mhór ocáid cainte is plé, Imbolc 2011.

Tá Imbolc bunaithe ar TED – an suíomh idirlín a thugann ardán do sár smaointeoirí ár linne tuairimí a nochtadh ar réimse uilíoch na n-ábhar – agus tugtar cuireadh do ghníomhaithe agus agus sár smaointeoirí caint 20 noimead a thabhairt ar ábhar ar bith atá suim acu ann – gach ábhar seachas an Ghaeilge féin.

Ó thaobh na n-ábhar de, is féidir aon rud suimiúil spreagthach ar bith a bheith ann – ach amháin cás na Gaeilge í féin. Tá dhá chúis leis an srian sin – ar an gcéad dul síos tá neart tionól ar siúl cheana féin a phléann ceist na teanga go héifeachtach. Ach is cúis eile í ná taispeáint do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine nach iad go mbíonn an Ghaeilge ag déileáil leis na hábhair is suimiúla agus is inspioráidí a bhfuil ann, agus nach í an Ghaeilge féin an t-aon ábhar amháin a mbíonn á phlé againn i gcónaí.

Tá liosta cainteoirí den scoth ar an gclár le h-aghaidh Imbolc i mbliana.  Beidh an ocáid seo ar siúl ar 12ú Feabhra san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhuirne.  Dónal Lunny, Naoise  O Concubhair, Sadhb Ni hOgáin, Frank Allen, Ciarán Mac an Bhaird, Mícheál O Droighneáin agus Muireann Nic Amhlaoibh – tá roinnt nach gá a chur in aithne ach tá eolas ar an gcuid eile acu ar shuíomh Imbolc.

Tionscnamh neamhbhrabhúsach de chuid Tomás agus Bernice Ó hAodha is tá ard mholadh ag dul don bheirt seo as ucht tús spreagúil a chur leis an Earrach.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s