Scoileanna Mhúscraí i mbaol ó ghiorruithe

Bhí slua ollmhór, breis is 700, i láthair ag cruinniú i nDún Mán Bhuí aréir chun míshásamh phobal iarthar Chorcaí a chur in iúl i leith na gciorruithe ar scoileanna beaga tuaithe atá á mholadh ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn.

Sa bhuiséad bhí mír bheag sa chuid a bhain leis an Roinn Oideachais ag rá go ‘spreagfaí’ na scoileanna beaga chun comhnascadh a dhéanamh. An bealach atá an spreagadh sin á dhéanamh go bhfuil laghdú á dhéanamh ar an gcoimheas múinteoirí/daltaí i scoileanna dhá oide, trí oide is ceithre oide. Beidh níos mó daltaí i ngach rang. In iarthar Chorcaí ciallaíonn sé go mbeidh droch éifeacht ar 43 scoil as 56. Sna Gaeltachtaí tá geall leis leath na scoileanna i gcontúirt.

I Múscraí, tá dhá scoil as seisear i gceist. I gCiarraí, tá 13 as 14 i mbaol ag na ‘treoirlínte’ nua; i nGaillimh tá 22 as 41 i gcontúirt agus i Maigh Eo níl ach trí scoil as 24 slán. I dTír Chonaill tá ocht scoil is fiche faoi bhagairt agus tá dhá scoil as an trí cinn sa Rinn ar liosta thargaidí na Roinne.

Ag an gcruinniú aréir i nDún Mán Bhuí bhí slua ann ó Chúil Aodha agus ó Reidh na nDoirí, an dhá scoil sa cheantar seo atá i gcontúirt, chun tacaíocht a thabhairt don agóid. Ag labhairt do ag an gcruinniú, dúirt Cathal O Riada, príomh oide Scoil Chúil Aodha/Barr dInse, go mbeadh ar pobal iarthar Chorcaí agus pobail eile ar fuaid na tíre teacht le cheile agus aghaidh a thabhairt ar Bhaile Atha Cliath chun go dtuigfeadh na polaiteoirí – an Aire Oideachais is an Taoiseach sa chéad dul síos – an earráid ollmhór atá á dhéanamh.

Mheabhraigh sé don slua gurb é an tuath atá an earnáil talamhaíochta, an t-aon earnáil den gheilleagar atá ag feidhmiú go h-éifeachtach, agus nach aisteach an scéal é gur fán dtuath atá na giorruithe is géire á dhéanamh ar an bpobal. Is é seo freisin an bagairt is baolaí do shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cé nach dtugann na h-eagraíochtaí Ghaeilge nó ‘Gluaiseacht’ (nior giorra de lán stad) na Gaeilge seo faoi ndeara go fóill, is cosúil.

Iarthar Chorcaí a bhí ann aréir. Tá pobail eile ar fuaid na tíre ag gníomhú agus ní fada go mbeidh aghaidh á thabhairt againn ar Bhaile Atha Cliath chun ár n-agóid a thabhairt go Geataí na Dála. Agus go bhfoire Dia ar Theach Laighean an lá a tharlóidh sé sin….

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s