Pleanáíl teanga agus tacaíocht do theaghlaigh Ghaelacha – an pleán nua

Is é seo an preas ráiteas a éisíodh inniu maidir leis an obair seo.  De réir dealraimh beidh ar Múscraí agus Cléire pleán teanga amháin a ullmhú….cad é bhúr dtuairim.   Tuilleadh faoi seo ar ball.

26/04/2012 – Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich an Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus an Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., dhá thionscnamh shuntasacha faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 inniu (26/4/12).

“Is cur chuige nua atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh agus sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a dhéanfaidh difríocht shuntasach ar an talamh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain,” a dúirt an tAire Stáit ag an seoladh san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (An Crann Taca) in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe.

Clár Tacaíochta Teaghlaigh
Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta Teaghlaigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

D’fhógair an tAire Stáit go bhfuil socrú déanta i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun bileog eolais, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, a scaipeadh ar mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu. Cuirfear tús leis an bhfeachtas feasachta seo trí na seirbhísí máithreachais a fheidhmíonn faoi scáth an FSS i gcathair na Gaillimhe, i Leitir Ceanainn agus i gCaisleán an Bharraigh. Tá sé i gceist an feachtas seo a leathnú amach chuig na seirbhísí máithreachais atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta eile.

“Níl sa bhileog eolais ach tús le feachtas feasachta chun tuiscint níos fearr a chothú i measc tuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Tá pacáiste tacaíochta, ina bhfuil dlúthdhiosca agus leabhar atá oiriúnach do pháistí, ar fáil do thuismitheoirí freisin ó mo Roinnse. Níl le déanamh ag tuismitheoirí ach teagmháil a dhéanamh le mo Roinnse chun an pacáiste a fháil. Ní miste a rá go bhfuil sé i gceist cur leis an phacáiste tacaíochta de réir a chéile,” a dúirt an tAire Stáit.

Chomh maith leis an bhfeachtas feasachta, d’fhógair an tAire Stáit na bearta nua seo a leanas a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le páirtithe leasmhara eile faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh:
• Cuirfear le Scéim na gCampaí Samhraidh de chuid na Roinne chun díriú ar pháistí 3 go 6 bliana d’aois agus 7 go 14 bliana d’aois (seachas 4 go 7 mbliana d’aois, mar atá faoi láthair);
• Cuirfear cúrsaí oiliúna faoi leith ar bun do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 agus 17 mbliana d’aois a bhfuil Gaeilge líofa acu ionas go mbeidh siad in ann dul ag obair mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge;
• Tabharfar cuidiú do choistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta chun níos mó ócáidí agus imeachtaí feiliúnacha a chur ar bun, e.g. grúpaí tuismitheoirí agus mamailínigh/páistí;
• Déanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne chun freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú; agus
• Déanfar suíomh tairsí don Ghaeilge a fhorbairt le go mbeidh teacht níos éasca ag an bpobal ar gach ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge. Mar chuid den suíomh tairsí seo, déanfar ábhar a fhorbairt ar líne a bheidh ina áis do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge.

“Cé go mbeidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh ag freastal go príomha ar theaghlaigh Ghaeltachta, beidh an pacáiste tacaíochta agus an t-ábhar ar líne ar fáil d’achan duine. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na spriocanna atá sonraithe faoin Straitéis 20 Bliain chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge ar bhonn náisiúnta,” a dúirt an tAire Stáit.

Próiseas Pleanála Teanga
D’fhógair an tAire Stáit go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

“Tá lúcháir orm tús a chur leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht inniu. Faoin Bhille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi láthair, tabharfar sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar atá faoi láthair. Mar atá ráite faoin Straitéis 20 Bliain, déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail d’achan cheantar Gaeltachta,” a dúirt an tAire Stáit.

Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith. Beidh plean teanga le réiteach ag gach ceann de na ceantair seo in imeacht ama. Sa chaoi is gur féidir próiseas pleanála teanga cuimsitheach agus córasach a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, d’fhógair an tAire Stáit go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosú láithreach ar an bpróiseas seo.

“Ní mór a bheith soiléir nach bhfuil anseo ach an chéad chéim sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. De réir a chéile, tabharfar aghaidh ar na ceantair phleanála teanga go léir,” a dúirt an tAire Stáit.

Faoi láthair, tá Údarás na Gaeltachta ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla sa Ghaeltacht. Tá sé aontaithe go mbeidh príomheagraíocht cinnireachta amháin ann i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh le cúnamh ón Údarás. Tá sé beartaithe go mbeidh na heagraíochtaí eile sa cheantar pleanála teanga céanna ag feidhmiú faoin bpríomheagraíocht sin mar a bhaineann sé leis an bpleanáil teanga. Is faoin Údarás a bheidh sé na céimeanna cuí a thógáil i gcomhar leis na heagraíochtaí éagsúla chun an cur chuige seo a fheidhmiú.

Dúirt an tAire Stáit: “Is deis atá sa phróiseas pleanála teanga do phobal na Gaeltachta. Tá mé ag súil go mbeidh an Roinn, an tÚdarás agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe ag obair as lámha a chéile chun an próiseas seo a chur i gcrích.”

Tá sé i gceist go gcuirfear oiliúint phraiticiúil ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe chun cabhrú leo dul i ngleic leis an bpróiseas pleanála teanga i gcomhar leis an bpobal. Chomh maith leis sin, cuirfear múnla pleanála teanga ar fáil do na heagraíochtaí, bunaithe ar na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, chun cabhrú leo na pleananna teanga a réiteach.

Tuilleadh eolais:
• Féach nóta eolais faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh.
• Féach nóta eolais faoin bPróiseas Pleanála Teanga.
• Féach Aguisín 1 – Ceantair Phleanála Teanga sa Ghaeltacht.

 

Aguisín 1 – Ceantair Phleanála Teanga sa Ghaeltacht
Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith. Tá cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga (i gcló trom) tosú láithreach ar an bpróiseas seo.

Corcaigh
• Múscraí agus Cléire

Ciarraí
• Ciarraí Thiar
• Ciarraí Theas

Dún na nGall
• Tuaisceart Dhún na nGall – Fánaid, Ros Goill, An Tearmann, Na Dúnaibh
• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an Iúir
• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, Toraigh, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh
• Na Rosa, An Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Árainn Mhór, Leitir Mhic an Bhaird
• An Ghaeltacht Lár
• Dún na nGall Theas

Gaillimh
• An tEachréidh
• Maigh Cuilinn, Bearna, Cnoc na Cathrach
• Cois Fharraige (Na Forbacha go Ros an Mhíl)
• An Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán
• Iorras Aithneach agus Corr na Móna
• Oileáin Árann

Maigh Eo
• Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh
• Iorras


• Ráth Chairn agus Baile Ghib

Port Láirge
• Na Déise

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s