Imeachtaí an Chomharchumainn


Beidh ranganna Gaeilge ag tosnú san Ionad Óige i gCúil Aodha Dé Máirt. Rang Comhrá 7-8in. Rang dírithe ar scruduithe TEG, 8.15in-9.15in. Táille: €5 an oíche nó €40 ar chúrsa deich rang.
Tuilleadh eolais: concubhar.oliathain@gmail.com nó tel: 085 8130777
Irish classes will commence in the Ionad Óige in Coolea on Tuesday. Conversation class for beginners 7-8pm. Class aimed at Teastas Eorpach na Gaeilge exams. 8-15-9.15pm. Fee: €5 per night or €40 for course of 10 classes.

Aonach Phobail:Community Market Beidh Aonach Phobail sa Halla i gCúil Aodha Dé Domhnaigh seo chugainn, 28ú Deireadh Fómhair, ag tosnú ag 10.30rn. Fáilte roimh dhioltóirí nua. There will be a community market in the hall in Coolea next Sunday starting at 10.30am. New sellers welcome. Breis eolais: 085 8130777. Beidh Aonach na Nollag ar siúl sa Halla i gCúil Aodha ar 2ú Nollag.

Tionóladh cruinniú cinn bliana Chomharchumann Forbartha Mhúscraí ar an gCéadaoin, 10 Deireadh Fómhair, in Ostán Ghobnatan i mBaile Mhúirne.

Toghadh na h-ionadaithe seo i leanas go Coiste an Chomharchumainn: Mairéad Wiseman (Comhaltas Cosanta Chúil Aodha), Gearóid Mac Suibhne(Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Craobh Laictín, Cill na Martra) agus Seán Óg Ó Duinnín (Coiste Forbartha Bhéal Atha’n Ghaorthaidh. Toghfar oifigigh an choiste – Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir – ag an gcéad cruinniú eile den choiste ar 24ú Deireadh Fómhair.

Thug Bainisteoir an Chomharchumainn, Concubhar Ó Liatháin, tuairisc ar bhuaic phointí na bliana. Ina measc sin tá iarratas ar Ionad E-Ghnó i gCill na Martra a bheidh á lonnú i sean tigh an tsagairt chúnta. Tá an t-iarratas déanta i gcomhar le Coiste Forbartha Chill na Martra. Beidh freagra ar an iarratas go luath agus táimíd dóchasach go mbeidh an Ionad ag oscailt san Earrach.

Tá sé i gceist freisin ‘Coder Dojo’ a bhunú i Múscraí. Séard atá i gceist leis an Dojo seo go mbeidh páistí á oiliúint i gclarú riomhairí. Gluaiseacht é an Coder Dojo a bhunaigh an fear ghnó Bill Liao agus atá ag leathadh ar fuaid an domhain. Tá sé ráite gurb é an earnáil leis an méid is mó deiseanna fostaíochta ná clarú riomhairí. Más claraitheoir riomhairí (computer programmer) thú agus más suim leat bheith páirteach sa bhfiontar seo, dein teagmháíl leconcubhar.oliathain@gmail.com.

Beidh oíche cláraithe do ranganna Gaeilge an tseachtain seo chugainn. Beidh siad ar siúl Dé Máirt ag 7pm san Ionad Óige i gCúil Aodha (tosnaitheoirí) agus ag 8pm (meán libhéal).

Beidh an chéad eagráne eile de iMúscraí ar fáil go luath

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s