Cartlanna Ranga: Béal Átha’n Ghaorthaidh

iMúscraí – eagrán nua

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seo an eagrán is déanaí de iMúscraí – beidh sé ar fáil sna siopaí go luath.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Cumann Lúthchleas Gael, Eagrais, Gnó, Imeachtaí Eile, Reidh na nDoirí, Spórt, Stair

Múscraí ag feabhsú i gComórtas na mBailte Shlachtmhara

An meitheal i gCúil Aodha a chuaigh i mbun Glanadh Suas mór le linn an tSamhraidh. Bhí rath ar a gcuid oibre!

 

 

 

 

 

 

 

 

D’éirigh go seoigh le na bailte ó Mhúscraí a chur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara i mbliana.  Níor buadh aon duais, go fóill, ach tá dul chun cinn déanta ag Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh agus tá Baile Mhic Íre/Baile Mhúirne ar ais sa chomórtas arís.  Seo thíos roinnt sliochtaí ó thuairiscí na moltóirí:

A great performance again from the Múscraí villages who entered the Tidy Towns.  No prizes were won but significant progress was made by Cúil Aodha and Béal Atha’n Ghaorthaidh and Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre made a successful return to the competition.  Here are some extracts from the adudicators’ reports.

Béal Atha’n Ghaorthaidh 286 – suas ó 284 anuraidh

Cur Chuige/Overall Approach:  

Fearann an moltóir seo an-fháilte roimh Bhéal Átha an Ghaorthaidh chuig comórtas na bliana seo. Bhí cuma
breá gnóthach ar an áit le linn mo chuairte ann. Fáilte romhaibh ar ais! Tá sé sóiléir go raibh bhur gcoiste
gníomhach le tamall anois agus tá a rian sin le feiscint ag aon duine a thugann cuairt timpeall na háite.
Molaim sibh go léir as bhur ndíograis agus as bhur gcur chuige.
Thug sibh neart faisnéise dúinn leis an iarratas chuimsitheach a sheol sibh chughainn. Chuir an moltóiir fáilte
ar leith foimh an léarscáil bréa daite – ar nós radharc éin ag féachaint anuas ar na páirceanna glasa cois na
h-abhann.

Cúil Aodha 250 – suas ó 244 anuraidh

Cur Chuige /Overall approach

Fearann an moltóir seo an-fháilte roimh Cúil Aodha chuig comórtas na bliana seo. Tá sé rí-shoiléir go raibh
bhur gcoiste gníomhach ar feadh na bliana ag réiteach scéimeanna agus gnéithe éagsúla, agus ansin á gcur i
bhfeidhm. Tá rian maith le feiscint ar an saothar in alán áiteanna. Molaim sibh. Bhí an léarscáil a sheol sibh
chughainn an-úsáideach agus muid ag gabháil ó shuíomh amháin go suíomh eile.

Rud amháin atá foghlaimithe ag coistí timpeall na tíre ná gur mór an chabhair plean trI bliana a ullmhú mar
bhonn don gcur chuige. Sa chás agaibhse chabródh sé le gnéithe mar an eastát tithe atá tréigthe. Cheana
féin tá rian bhur gcuid oibre le feiscint agus feabhas curtha agaibh ar an dtimpeallacht.
Molaim sibh as bhur ndúthracht.

Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre – 229 marc :

I dtosach báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh Baile Mhuirne/Baile Mhic Ire chuig comórtas na bliana 2012.
Is iontach an rud é a fheiscint cé chomh gníomhach atá an pobal áitiúil sa ghnó seo agus iad ag déanamh a
ndícheall le snas agus cuma bhreá a chur ar an dtimpeallacht atá thart orthu. Tá sé soiléir anois go bhfuil rath
ar bhur gcuid saothair mar tá dea-thoradh le feiscint ins na tionscnaimh éagsúla. Rud eile, tá creidiúint ag dul
do’n phobal go bhfuil an oiread sin daoine sásta feidhmiú ar an gcoiste atá agaibh.
Bhaineamar úsáid as an léarscáil a sheol sibh chughainn

Tá na tuairiscí iomlána le fáíl ar shuíomh na mBailte Shlachtmhara

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Báilte Shlachtmhara, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht

Cois a’ Ghaorthaidh – á sheinnt ag The Gloaming

The Gloaming – Cóis a’ Ghaorthaidh

Freagra

Rangaithe faoi Béal Átha'n Ghaorthaidh

Daonáireamh 2011: Ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i Múscraí, sa Stát

Líon na gcainteoirí Ghaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla

Tháínig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Ghaeilge sa tír ó 2006 go dtí 2011, de réir torthaí an Dhaonáirimh 2011 a foilsíodh inniu. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chorcaí, a chuireann Múscraí agus Oileán Cléire san áireamh, bhí méadú 115 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge, suas ó 867 go 982. Méadú níos mó ná 10% atá i gceist ansan. Más é 2011 an dáta tosaigh don Straitéis 20 Bliain, abair, ciallaíonn sé sin go mbeidh isteach is amach le 1200 chainteoir Ghaeilge laethúil i nGaeltacht Chorcaí – ardú 25% – faoi 2030 nó is é sin an sprioc atá luaite leis an nGaeltacht sa Straitéis.

De réir Daonáireamh 2011, tá 1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán. Ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Ghaeilge é seo Dhaonáireamh 2006 ach is ísliú é ar an gcéadtadán, nó i 2006 bhí Gaeilge ag 41.9% den daonra. Idir an dhá linn, áfach, bhí méadú 8.1% ar dhaonra an Stáit.

Níos lú ná 2% – 1.8% – a úsáideann an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Is é 18.7% den daonra a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó níos annaimhe arís.

Scéal dóchasach atá i gceist sa Ghaeltacht, más duine dochasach thú. Bhí méadú bheag ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí. Bhí laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise.

San iomlán bhí méadú 660 ar líon na gcainteoirí Ghaeilge i 2011 ó 2006. Is é 23175 líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla sna Gaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 – b’é 22.515 an líon i 2006.

Tá roinnt torthaí spéisiúla eile sa chaipéis atá ar fáíl<a href=”http://www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011pdr/Commentary%20Usual%20Res,%20Migration%20etc.pdf”&gt; anseo </a> ar leathnach 40/41.  Tá eolas breise faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta anseo ar leathnaigh 101-103.

Cé chomh minic a labhartar Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Chorcaí

 

 

 

 

 

80%+ de dhaonra Mhúscraí ag baint úsáid as an nGaeilge....

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

Éist linn, Ruairí Quinn!

Pobal Scoil Náisiúnta an Tuairín i gConamara ag léiriú a míshástacht

Beidh tuismitheoirí, múinteoirí agus ionadaithe eile ó phobal Mhúscraí ag tabhairt aghaidh ar Mhúscraí oíche Dé hAoine chun léirsiú a dhéanamh taobh amuigh d’ostán ag a mbeidh An Taoiseach, Enda Kenny TD, ag labhairt ann.

Cuid é seo den bhfeachtas in aghaidh na giorruithe atá molta do na scoileanna beaga tuaithe.   Bhí breis is 400 taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Atha Cliath aréir agus iad ag iarraidh ar an Aire Oideachais Ruairí Quinn éisteacht lena dtaobh den scéal.  Ina chuid oráidí le déanaí tá an tAire Quinn tar éis an cluas bodhar a thabhairt d’achainí phobail tuaithe ar fuaid na tíre.

Tá ‘placards’ á ullmhú sa scoil i gCúil Aodha. Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh bheith páirteach san agóid é seo a chur in iúl don scoil!

Seo an tuairisc ón eagrán is déanaí de iMúscraí:

Tá an treoir nua ón Roinn Oideachais agus Scileanna ina chúis imní do phobail na Gaeltachtaí ar fad agus, go deimhin, don phobal tuaithe ar fuaid na tíre. 

Más amhlaidh go ligtear don treoir seo seasamh, beidh méadú ar an gcoimhneas idir páistí agus múinteoirí.     Tá sé ráite go neamh bhalbh ag an Roinn go bhfuil siad ag iarraidh ‘spreagadh’ a thabhairt do scoileanna beaga a roghanna ‘chomhnasctha’ a fhiosrú. 

De réir  na dtreoireacha seo,  i Meán Fómhair 2014, beidh ar scoil dhá oide 21 dálta a bheith ag freastal ar an scoil chun an dara oide a choimeád.   Faoi láthair is é 12 dalta atá ag teastáíl.  Ardóidh sé seo go dtí 14 i Meán Fómhar na bliana seo agus go dtí 17 ag tús na scoil bhliana 2013/14.

 Is é 49 dalta atá ag teastáil le h-aghaidh an tríú oide a choimeád i scoil trí mhúinteoir i lathair na h-uaire.  Méadóidh seo go dtí 51 i Meán Fómhar na bliana seo agus go dtí 54 an bhliain seo chugainn.  Beidh 56 ag teastáil i 2014.  

Chomh fada agus a bhaineann sé le Múscraí, tá dhá scoil go díreach sa bhearna baoil, Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr d’Ínse agus Scoil Náisiúnta Reidh na nDoirí.    

Is scéal náisiúnta é seo sa chiall is go bhfuil 17 scoil Gaeltachta as 23 i nGaeltachtaí na Mumhan faoi bhagairt.  Sin 73%!   In iarthar Chorcaí, tá 40 scoil as 56 i mbaol – sin 71%. 

Is cinnte go bhfuil buntáistí ag scoileanna beaga tuaithe i gcomparáid le scoileanna uirbeacha ina bhfuil líon mór daltaí i ngach rang.  Ach is mó i bhfad na míbhuntáistí agus is mó arís iad sa Ghaeltacht, de bharr, i measc rudaí eile, teip na n-údarás an tacaíocht cuí i bhfoirm téacsleabhair is achmhainní eile a chur ar fáil.  

Beidh agóid á dhéanamh faoi seo i mBaile Átha Cliath go luath.   Éiseofar fógra trí na scoileanna chun tuismitheoirí a chur an eolas.   Ag cruinniú poiblí i nDún Mán Bhuí le déanaí bhí slua de bhreis is 700 i láthair le toscaireacht laidir ó Mhúscraí.   Is cinnte go dtugtar éisteacht do dhaoine nuair a eiríonn leo a léiriú nach amháin go bhfuil siad ceart – ach go bhfuil go leor acu ann. 

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Reidh na nDoirí

Comhghairdeas a Nell!

Nell Ní Chróínín, Amhránaí na Bliana, TG4

Is í Nell Ní Chróinín ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh a bhuaigh an gradam d’Amhránaí Óg na Bliana i nGradaim Ceoil TG4. D’fhograíodh inniu (Déardaion) go mbeadh an gradam seo á bhronnadh ar Nell, an t-é is óige a bhuaigh an gradam go dtí seo, agus ceoltóirí aitheanta eile á chomóradh ag an gcraoltóir.

Amhránaithe binne is ea a beirt thuismitheoirí, Tadhg agus Síle, cé gur annamh a chanann siad go poiblí. Tá traidisiún láidir an bhosca ceoil ar thaobh na máthar aici agus bhí cáil fhorleathan ar an uirlis sin ar a haintín, Eilín Ní Ríordáin, nach maireann.

Rugadh Nell sa bhliain 1990 agus bhí sí ag amhránaíocht go poiblí sular raibh an bhunscoil fágtha aici, a bhuíochas sin, deir sí, do Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal, togra a bunaíodh mar chuid den chuimhneachán ar Dhiarmuidín Ó Súilleabháin, amhránaí agus craoltóir ón dúiche sin a bhásaigh go tubaisteach i 1991. Chuaigh amhránaíocht dheartháir agus dheirfiúr Dhiarmuidín, Eilís agus Eoiní i bhfeidhm ar Nell freisin.

Is minic í ag canadh ar chláracha teilifíse TG4, Geantraí, Anam an Amhrán, Amhrán is Ansa Liom agus Cérbh í ? (clár a chuir sí i láthair agus í ag ar ag ceiliúradh oidhreacht amhránaíochta Bhess Cronin.

Cé gur bean óg í, tá cuid mhaith taifeadadh léi eisithe freisin, ina meas Rogha Scoil Samhraidh Willie Clancy i 2010 (áit ar sheinn sí Cath Chéim an Fhia); Raw Bar Collective 2011 (áit ar sheinn sí Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim? agus Na Táilliúirí). Ní fada ó thug sí turas leis an ngrúpa sin, Raw Bar Collective (Conal Ó Gráda, Dave Sheridan agus Benny McCarthy), agus rinne sí turas le Mick O’Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh faoi choimirce an Music Network agus turas eile le Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 2008.

Tugann sí ceardlanna amhránaíochta go minic freisin in Ollscoil Luimnigh agus is minic í ag canadh ag féilte sa tír seo, i Sasana agus san Eilbhéis.

Is múinteoir bunscoile i nGaelscoil Osraí i gCill Chainnigh í.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Siamsaíocht

iMúscraí, eagrán 4, anois ar fáil ar líne

Tá an ceathrú eagrán de iMúscraí ar fáil anois ar líne – agus beidh an leagan chlóite ar fáil timpeall an cheantair an tseachtain seo chugainn.

Bainigí sult as!  Cuir isteach ar na comórtais agus cuir bhúr aischothú in iúl dúinn!

Bionn fáilte i gcónaí roimh altanna, scéalta agus griangrafanna.

Beidh an chéad eagrán eile á fhoilsiú ag deireadh mhí Feabhra.  Ba cheart aon ábhar atá le foilsiú bheith againn roimh 24ú Feabhra.

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Spórt