Cartlanna Ranga: Cultúr

Cultúr Mhúscraí. The Culture of Múscraí

Clár lán don bhFleadh Cheoil

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá clár lán d’imeachtaí cheolmhara eagraithe ag Craobh Laictín de Chomhaltas CheoltóirÍ Éireann d’Fhleadh Cheoil Chorcaí a bheidh ar bun i mBaile Mhúirne idir 9-12 Bealtaine, an deireadh seachtaine seo chugainn. Bhí réamhbhlaiseadh againn den cheiliúradh in Ostán Ghobnatan Dé hAoine seo chaite nuair a reachtáladh ‘Failtiú na Fleidhe” ann. Is féidir físeán d’amhrán nua-chumtha ó Sheán Ó Múineacháin, Cathaoirleach Choiste Eagraithe na Fleidhe agus file iomráiteach a fheiscint anseo agus é á chanadh ag cantóirí óga Aisling Gheal a fheiscint anseo.


Déardaoin 9ú Bealtaine
8.30pm: San Ionad Cultúrtha
Ceolchoirm le Dónal Lunny, Zoe Conway agus Máirtín O’Connor.

Aoine 10ú Bealtaine
8.30pm: In Óstán Ghobnatan
Oscailt oifigiúil na Fleidhe le Conchur Mac Cárthaigh, Cathaoirleach Bhord an Chontae Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Aoichainteoir: An Seanadóir Labhras Ó Murchú, Ardstiúrthóir C.C.É. 9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Satharn 11ú Bealtaine
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí fé 12 agus 12 – 15.
9.30pm: In Óstán Ghobnatan
Céilí Mór le Deenagh Céilí Band. (Tae agus sólaistí le fáil)
9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Domhnach 12ú Bealtaine
10am: Aifreann na Fleidhe i Séipéal Bhaile Mhúirne.
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí
15 – 18 agus sinsir.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cill na Martra, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Dáimhscoil Mhúscrai fógraithe

 

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

 

1925-2013

 

Ostán Ghobnatan

Baile Mhúirne

Dé Sathairn

25ú Bealtaine

7:00 i.n.

An Cuireadh

Fáilte arís eile go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní

Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí

 

Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí,

Fáilte roimh an mbuín mhór ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí.

 

Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí

Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí

Mar sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.

 

Beidh lucht ráidió is páípéar is b’fhéidir RG

Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.

Beidh Betisy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí.

Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán

Forfhógra

Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le h-údarás dian daingean do scaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fodhla go n-aththionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamh-ráite agus go bhfuil de cheangal ortha freastal le h-áthas i gceiliúradh sean institiúid traidisiúnta ársa, len’ chosaint mar ar dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin agus sonas agus meidhir agus sport a thabhairt le méiniúlacht do gach duine a thaisteal is a thairdeal go hionad na Dála seo. 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán

An Cheist

Ar cheart dúinn éirí as ar fad?

Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid

Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?

An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?

 

Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí  leacht

Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart

D’óladh go leor is caitheadh tabac

Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.

 

Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart

Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh

Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab

Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.

 

Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh

An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?

Gan deontas nó breab, an  mbeimíd ag tanú?

An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?

 

Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne

Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne

Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú

Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?

 

An Ceangal

Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra

Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán

Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.

An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Glór na nGael, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Cruinniú Eolais: Atheagar Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4

Bhí cruinniú eolais aréir faoin atheagar atá molta do Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4 agus tá an t-eolas a roinneadh ag an cruinniú anseo thíos.  Anuas ar sin is fiú a lua go bhfuil proiseas comhairliúcháin bunaithe ag RTÉ ón lá inné faoi pholasaí Ghaeilge an chraoltóra.  Tá a thuilleadh eolais faoi sin le fáil anseo.  Is é an dáta deireannach le h-aghaidh moltaí/aighneachtaí/gearáin ná 7 Nollag.

Guth na Gaeltachta á chur ina thost

    • Nuacht Áitiúil RnaG amháin á sholáthar ag Nuacht Rnag
    • Buiséad RnaG síos 23% ó 2008-11.  Síos ó €15m go  €11m    Laghdú 6% ar Raidió 1 sa tréimhse céanna
    • Ceithre iriseoir ag dul go Nuacht TG4 ó RnaG
    • Nuacht TG4 ag soláthar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta do RnaG

Dearcadh Iriseoirí Nuacht RnaG/TG4

    • Sa chéad áit níl cead acu labhairt ar an ábhar – bagairtí déanta dá bpostanna
    • Imní – ní h-é seo ach céim eile I bproiseas
    • Rogha:  Cuirfidh siad seirbhís nuachta náisiúnta/idirnáisiúnta ar fáil do chainéalacha

Iriseoirí Nuacht TG4

    • Faoi láthair cuireann siad míreanna Béarla ar fáil mar chuirtéis – dualgas as seo amach
    • Beidh siad faoi bhrú tosaíocht a thabhairt do chláracha Bhéarla RTÉ thar Nuacht TG4
    • ‘A bilingual and tri medial service’ – Michael Lally, Ceannasaí Nuacht TG4.   Comhdháil faoi RTÉ@50 Samhradh 2012

Cad is féidir linne déanamh?

    • Tabhachtach cruinniú a bheith sna Gaeltachtaí chun suim agus imní a léiriú agus an plé a oscailt ar RnaG/TG4
    • Litir a sheoladh ag iarraidh eolas cruinn ó RTÉ
    • Aighneacht a chur chun tosaigh sa phroiseas chomhairliúcháín
    • Polasaí Gaeilge RTÉ á chur le cheile.

Ná ligtear do na h-udaráis sceannairt a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha na Gaeltachta gan suim a léiriú agus gan do thuairim a chur in iúl.

 

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Stair

iMúscraí – eagrán nua

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seo an eagrán is déanaí de iMúscraí – beidh sé ar fáil sna siopaí go luath.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Cumann Lúthchleas Gael, Eagrais, Gnó, Imeachtaí Eile, Reidh na nDoirí, Spórt, Stair

Daonáireamh 2011: Ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i Múscraí, sa Stát

Líon na gcainteoirí Ghaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla

Tháínig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Ghaeilge sa tír ó 2006 go dtí 2011, de réir torthaí an Dhaonáirimh 2011 a foilsíodh inniu. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chorcaí, a chuireann Múscraí agus Oileán Cléire san áireamh, bhí méadú 115 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge, suas ó 867 go 982. Méadú níos mó ná 10% atá i gceist ansan. Más é 2011 an dáta tosaigh don Straitéis 20 Bliain, abair, ciallaíonn sé sin go mbeidh isteach is amach le 1200 chainteoir Ghaeilge laethúil i nGaeltacht Chorcaí – ardú 25% – faoi 2030 nó is é sin an sprioc atá luaite leis an nGaeltacht sa Straitéis.

De réir Daonáireamh 2011, tá 1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán. Ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Ghaeilge é seo Dhaonáireamh 2006 ach is ísliú é ar an gcéadtadán, nó i 2006 bhí Gaeilge ag 41.9% den daonra. Idir an dhá linn, áfach, bhí méadú 8.1% ar dhaonra an Stáit.

Níos lú ná 2% – 1.8% – a úsáideann an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Is é 18.7% den daonra a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó níos annaimhe arís.

Scéal dóchasach atá i gceist sa Ghaeltacht, más duine dochasach thú. Bhí méadú bheag ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí. Bhí laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise.

San iomlán bhí méadú 660 ar líon na gcainteoirí Ghaeilge i 2011 ó 2006. Is é 23175 líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla sna Gaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 – b’é 22.515 an líon i 2006.

Tá roinnt torthaí spéisiúla eile sa chaipéis atá ar fáíl<a href=”http://www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011pdr/Commentary%20Usual%20Res,%20Migration%20etc.pdf”&gt; anseo </a> ar leathnach 40/41.  Tá eolas breise faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta anseo ar leathnaigh 101-103.

Cé chomh minic a labhartar Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Chorcaí

 

 

 

 

 

80%+ de dhaonra Mhúscraí ag baint úsáid as an nGaeilge....

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Aighneacht an Chomharchumainn

Acht na dTeangacha Oifigiúla 20003, Athbhreithniú, Eanáir 2011

TÉAMAÍ LE BREITHNIÚ

Cumarsáid faoi alt 9 den Acht (Litreacha, ríomhphoist & cora poist)

Dualgais reatha faoin Acht: 
• Cumarsáid a fhreagairt sa teanga ina bhfuarthas í;
 
• Faisnéis i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach a eisiúint i nGaeilge nó go dátheangach.

1. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?

Níl na dualgais iomarcach.  Ní leor iad.  Tá gá le feachtas fograíochta le cur in iúl go ndeinfear cumarsáid le daoine sa teanga ina sheoltar é, Gaeilge nó Béarla, le go dtuigfidh daoine go bhfuil an ceart acu bheith ag súíl lena leithéid agus le cinntiú nach mothóidh siad fuacht mar gheall ar litir/eile a sheoladh chuig roinn rialtais/comhlacht poiblí.Foilseacháin faoi alt 10 den Acht 

Dualgais reatha faoin Acht:
• Doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla (m.sh. tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta, tograí beartais phoiblí, ráitis straitéise srl. 

2. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?

Níl aon ghá nó éileamh ar thuarascálacha bliantúla i nGaeilge, cúntais iniúchtha is a leithéid i nGaeilge nó is beag suim atá ag an bpobal iontu. Ar éigean go bhfuil éileamh orthu i mBéarla seachas le go gcomhlíonfaí an dhlí maidir le tredhearcacht etc.  B’fhearr i bhfad an suim a bheadh iontu dar liom dá mba rud é go raibh achoimrí i nGaeilge ar phríomh phointí na gcaipéisí sna caipéisí féin.  Chiallódh sé sin go mbeadh teagmháil ag pé leitheoirí a bhionn ag na caipéisí seo leis an nGaeilge.  Preas ráitis na caipéisí ar cheart iad a bheith foilsithe go comhuaineach sa dhá theanga.  Níl aon fiúntas preas ráiteas a éisiúint i nGaeilge lá nó dhó tar éis an preas ráiteas i mBéarla.   Níl nuacht ann a thuilleadh. Anuas ar sin ba cheart go mbainfí níos mó úsáide as áiseanna ar nós Facebook is a leithéid.   Is díol súntais an laghad Ghaeilge ar phríomh leathnaigh na rannóga rialtais éagsúla.  Ba cheart go mbeadh Gaeilge i gcónaí ar an bpríomh leathnach agus nascanna chuig preas raitis i nGaeilge etc, chomh maith leis an rogha Ghaeilge Béarla.  Go deimhin cothaíonn an rogha sin sort teanga dheighilt mínádúrtha.  B’fhearr i bhfad, más í cur chun cínn na Gaeilge aidhm na reachtaíochta, go mbeadh an Ghaeilge agus Bhéarla le léamh trid an suíomh ar fad, gan an rogha ann dul go suíomh iomlán Ghaeilge nó iomlán Bhéarla.

Comharthaí, stáiseanóireacht & fógairtí taifeadta béil faoi na Rialacháin faoin Acht (I.R. Uimh. 391 de 2008)
Dualgais reatha faoin Acht:
• Cloí leis na Rialacháin maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht agus i bhfógairtí taifeadta béil. 

3. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?

Ba cheart go mbeadh comharthaí, staiseanóireacht agus fógarthaí taifeadta béil dhá theangach, gan amhras.  Maidir le fógairtí taifeadta béil, ba cheart go bhfearfaí ‘Fáilte romhat’ ar dtúis i nGaeilge agus i mBéarla (Gaeilge sa chéad áít) agus go mbeadh rogha ansan idir seirbhís i nGaeilge nó i mBéarla.

Scéimeanna Teanga faoin Acht 
Is iad na scéimeanna teanga croílár an Achta Teanga. Leagtar amach sna scéimeanna teanga an córas trína bhforbraíonn comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge thar thréimhse ama. Is trí na scéimeanna teanga a dhéileáiltear le húsáid na Gaeilge ar shuíomhanna gréasáin, ar bhileoga, ar bhróisiúir, ar fhoirmeacha, trí sheirbhísí teileafóin, trí sheirbhísí idirphearsanta eile, trí sheirbhísí ar líne srl.
 

4. (a) I do thuairimse, an bhfuil córas na scéimeanna teanga sásúil, an bhfuil sé iomarcach nó an dteastaíonn leasú air?

Is cinnte gurb iad na scéimeanna teanga an ghné is míshásúla den chóras seo ar fad. Níl ach ceatadán bheag de na comhlachtaí poiblí agus ranna rialtais atá tar éis scéimeanna a dhaingniú agus tá sciar mhaith acu seo atá na céad scéimeanna imithe i léig agus níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil córas ann a chinnteoidh go mbeidh an dara scéim ann le teacht i gcomharbacht ar an gcéad scéim (agus an 3ú ar an 2ú is ar aghaidh).   Tá na scéimeanna lag agus gan bhrí de ghnath agus dírithe ar mhaorláthas ar mire seachas ar sheirbhísí a bheadh ag teastáíl ón bpobal a sholathar.   Sampla amháin de seo suíomh idirlín RTÉ.  Is beag Ghaeilge atá ar shuíomh idirlín RTÉ ar fad nó ar na seirbhisí digiteacha a sholathraíonn sé.  Os rud é gurb é RTÉ an phríomh chraoltóir sheirbhís phoiblí sa tír, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach i ngach gné dá sholathar – go h-áirithe ar an idirlíon.   Ag BBC na Breataine Bige – http://www.bbc.co.uk/newyddion/ – tá suíomh ar leith nuachta ann i mBreatnais agus mathair shuíomh i mBreatnais chomh maith.  http://www.bbc.co.uk/alba/. Tá seirbhís fónta i nGaeilge na hAlban freisin.  http://www.bbc.co.uk/naidheachdan/  agus ar http://www.bbc.co.uk/alba/.  Cuir é sin i gcomparáid le suíomh RTE – http://www.rte.ie/gaeilge – agus tabharfaidh tú faoi ndeara an easnamh mhór ónár gcraoltóir náisiúnta.  Níl luach a gcuid ceadúnais á fháil ag an nGaeilgeoir a íocann a cheadúnas ón gcraoltóir náisiúnta.    Ní dheineann an craoltóir náisiúnta aon chumarsáid i nGaeilge ar Facebook is Twitter leis an bpobal – cé go mbionn go leor seirbhísí i mBéarla á thairiscint ag an gcraoltóir.

4.(b) An bhfuil malairt córais a mholfá a bheadh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla?

Ní mór bunchaighdeán ó thaobh sheirbhísí a bheadh ar fáil don phobal ó chomhlachtaí phoiblí a shocrú. Sa chás ná sroichtear an bunchaighdeán seo taobh istigh d’achar ghairid, ba cheart go ngearrfaí píonós díreach ar bhaill na foirne.  Mar shampla, d’fhéadfaí srian a chur ar incrimintí phá do bhaill na foirne ar fad agus go dtreorfaí cuid den choigilt i dtreo na h-easnaimh sa solathar a chur i gceart.  Níl sé mí réasúnta a bheith ag súil go mbeadh Gaeilge líofa a dhóthain chun gnó a dhéanamh leis an bpobal ag feidhmeannaigh sa statchóras i bhfianaise an infhéistiú ag an Stát i múineadh na Gaeilge tríd an chóras oideachas.   Léiríonn easpa Gaeilge na bhfeidhmeannach sa stat chóras go bhfuil caighdeán oideachais ginearálta míshásúil acu agus is drochtheist é ar pholasaí earcaíochta an stat chórais go bhfuil daoine le heasnaimh súntasach ina gcaighdeáin oideachais ag obair ann agus ag obair ar ard libhéal ann.

 

5.(a) An bhfuil tú sásta leis na seirbhísí atá á soláthar trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht?

Níl.   Tá leithéid An Post ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus iad beag beann ar riachtanais teanga an phobail.  Is féidir go gcuirfí moill ar phost de bharr an seoladh a bheith i nGaeilge nó go gcuirfí é chuig an duine mícheart.  Tarlaíonn sin go minic dom féin.   Dúnadh Oifig an Phoist i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus mhaígh An Post ná raibh aon cheisteanna teanga le freagairt mar gheall ar sin.  Go deimhin níl An Post tar éis an scéim teanga a dhaingniú cé go bhfuair siad ordú é sin a bheith déanta faoi Lúnasa 2009 – ach níl seo déanta fós.  Mar sin de, níl aon choimitmint teanga á sharú ag An Post mar níl aon choimitmint déanta acu agus tá an chomhlacht beag beann ar treoir an Aire ar an gceist.  Má tá siad beag beann ar threoir Aire Rialtais, cén mhaith don phobal bheith ag súil le seirbhís uatha i dteanga oifigiúil na tíre? Tá bagairt anois ar na scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh múinteoirí a bhaint ó scoileanna dhá oide, thrí oide agus cheithre oide, ag brath ar uimhreacha.  Ciallóidh sé seo go mbeidh seirbhis níos lú á fháil sa teanga oifigiúil ag na páistí agus go gcuirfear isteach ar a bhforbairt oideachasúil.  Ba cheart go mbeadh seirbhísí le riar a dhéanamh ar pháistí le riachtanais speisialta ar fáíl go dhá theangach ar a laghad sa Ghaeltacht (agus taobh amuigh).

Seirbhísí ó chomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht


Sa chaoi is gur féidir leis an Stát tacú le stádas agus le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá sé an-tábhachtach go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a ngnóthaí oifigiúla a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge.

5.(b) An bhfuil leasuithe a mholfá a chuirfeadh le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht na gcomhlachtaí poiblí sa réimse seo?

Ba cheart go mbeadh bunchaighdeán ann le h-aghaidh comhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht.  Sa chás nach n-éiríonn le brainsí Gaeltachta na gcomhlachtaí poiblí an bun chaighdeán sin a bhaint amach, ba cheart go ngearrfaí píonós díreach ar na fostaithe, mar shampla má tá liúntas Gaeltachta le h-íoc leo, go gcoinneofaí siar na liúntais sin go mbeidh siad ábalta an seirbhís a thairiscint i nGaeilge.

 

6. I do thuairimse, an leor na forálacha seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?

Ní leor.  Más í aidhm na reachtaíocht an Ghaeilge a chur chun cinn sa réimse phoiblí, ba cheart go ndíreofaí ar ghnéithe ar leith.   San OIreachtas, mar shampla, ba cheart go leagfaí amach sceideal diospóireachtaí ina mbionn ‘cuóta’ de na diospóíreachtaí i nGaeilge agus i mBéarla, na teangacha oifigiúla, gach seachtain.  30% Gaeilge agus 30% Béarla.   Má tá deacrachtaí ag na comhaltai ó thaobh líofacht de, tá córas aistriúcháin comhuaineach ar fáíl agus tá ranganna ar fáil.    Sna Cúirteanna, ba cheart go gcinnteofaí go mbeadh Gaeilge ag óifigigh uile na Cúirte – na Breithimh, go hairithe, agus dlíodóirí – aturnaethe agus abhcóidí – le cois.   Bionn ar ábhar abhcóidí agus aturnae scrúdú a dhéanamh le freastal ar Ostaí an Ri nó An Chumann Dlí Incorporáidithe lena ndintiúirí a fháíl.  Ach an bhfuil aon chóras ann le cinntiú go mbeidh oiliúint inseirbhíse ar fáil agus riachtanach le bheith ag feidhmiú i gcúirteanna na tíre ina bhfuil dhá theanga oifigiúil ann, an Ghaeilge agus an Bhéarla. Maidir le Logainmneacha, ba cheart go mbeadh leagan amháin i nGaeilge agus leagan amháin i mBéarla ar chomharthaíocht oifigiúil.    Sa chás go bhfuil dhá leagan de log ainm in úsáíd i gceantar ar leith – agus is féidir sampla a lua – Baile Mhúirne agus Baile Bhúirne i Múscraí- ba cheart don údarás áitiúil cuí socrú a dhéanamh le h-aghaidh suirbhé/reifreann áitiúil a reachtáil chun an ceist a shocrú.  I gcás Baile Mhúirne, rinne brainse áitiúil Chonradh na Gaeilge suirbhé agus cinneadh gur Baile Mhúirne ar cheart a úsáid.  Is féidir le Comhairle Chontae Chorcaí dul dá réir nó a suirbhé féin a reáchtáil gan morán moille. Faoi mar atá sé tá comharthaí bóithre go h-áitiúil ag fógairt ‘Baile Bhúirne’ agus Baile Mhúirne.

 

Comhlachtaí poiblí faoin Acht
Cuireann an tAcht dualgas ar chomhlachtaí poiblí, atá liostaithe faoin Acht, seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tá liosta iomlán na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie. 

Tá na comhlachtaí poiblí seo a leanas liostaithe faoin Acht – Ranna agus oifigí Rialtais, údaráis áitiúla, ollscoileanna, institiúidí tríú leibhéal eile, coistí gairmoideachais, an Garda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna, na Coimisinéirí Ioncaim, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gníomhaireachtaí, boird & cuideachtaí Stáit eile.

7. I do thuairimse, an bhfuil liosta na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht cuí nó an dteastaíonn leasú sa réimse seo?

Tá an liosta cuí sa mhéid is go gcuimsíonn sé na gcomhlachtaí poiblí is na ranna is oifigí rialtais.  Ba cheart, áfach, rangú a dhéanamh orthu agus bunchaighdeán sheirbhísí cuí a cheangal le gach comhlacht/roinn sna ranganna éagsúla.  Mholfainn go ndéanfaí an rangú bunaithe ar an libhéal teagmhála a bhionn ag an rannóg/comhlacht leis an bpobal go direach.   Bheadh níos mó dualgaisí ar na comhlachtaí leis an teagmháil is líonmhaire – msh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, RTÉ, an Post, An Roinn Oideachais, údaráis áitiúla Gaeltachta sa chéad rang, an teagmháil is mó agus an libhéal freagrachtaí teanga is troime.

 

Oifig an Choimisinéara Teanga
Is faoin Acht a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Is é príomhról na hOifige ná monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta.
 

8. I do thuairimse, an bhfuil cumhachtaí agus feidhmeanna na hOifige sin dóthanach nó iomarcach agus an dteastaíonn leasuithe orthu?

Má tá brí le bheith leis an Oifig seo, ba cheart go mbeadh cumhacht agus freagracht ar an Oifig scéimeanna atá iarrtha ag an Aire a phlé leis na comhlachtaí poiblí atá i gceist agus sa chás nach mbionn rath ar an bplé seo pionóis a mholadh.   Ba cheart go mbeadh córas á chumadh ag an gCoimisinéir le h-aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí phoiblí a éiríonn go sár mhaith leo – ar nós an Barr 50 Ghnó le Gaeilge a bhíodh á reachtáíl ag an nuachtán laethúil, Lá Nua.   Faoi mar atá sé tá proifíl lárnach ag an gCoimisinéir i measc pobal na Gaeilge – ar nós Joe Duffy na ngearán – ach tá sé imeallach chomh fada is a bhaineann sé leis an mórphobal agus is léir nach bhfuil áird a dhothain á thabhairt ag comhlachtaí poiblí do.

 

9. An bhfuil leasuithe eile a mholfá ar an Acht le cinntiú gur reachtaíocht í atá oiriúnach agus cuí dá feidhm?

Mholfainn an Acht a ath-chumadh le go mbeadh bunchaighdeán sheirbhísí teanga ar fáil ag na ranganna éagsúla comhlachtaí stát faoi mar atá mínithe agam thuas.   Mholfainn go mbeadh foráil ann ina mbeadh freagracht ar gach rannóg rialtais rangú a dhéanamh ar na foirmeacha is mó éilimh agus ansan a chinntiú go mbeadh leaganacha dhá theangach/Ghaeilge ar fáil de na foirmeacha is mó éilimh.

 

10. Céard iad na seirbhísí trí Ghaeilge a bhfuil éileamh agat féin orthu ó chomhlachtaí poiblí nó an gceapann tú gur cheart tosaíocht a thabhairt dóibh?

Nuacht/Siamsaíocht i nGaeilge.  Téacsleabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge ar chomhchaighdeán lena gcomhionann i mBéarla do mo pháistí.

 

11. Céard iad na constaicí nó na deacrachtaí a fheictear duit a bhaineann le seirbhísí ar chomhchaighdeán a sholáthar i nGaeilge ag comhlachtaí poiblí?

An polasai earcaíochta agus iomarcaíochta ceann de na constaicí is mó.  Le blianta anuas tá daoine gan Ghaeilge fóstaithe i rannóga rialtais agus i gcomhlachtaí phoiblí a bhionn plé díreach ag an pobal leo.  Anois níl an fhoireann ag na comhlachtaí seo agus an oideachas chuí orthu chun plé le baill den phobail atá ag lorg seirbhís ina dteanga féin, Gaeilge nó Béarla, mar sin brúitear an Bhéarla ar dhaoine agus deintear beag den Ghaeilge, rud a chinntíonn go mbeidh níos lú agus níos lú úsáide á bhaint as an nGaeilge sa ghnó a bhionn ag daoine leis an Stát.   Tá an polasaí atá ag an Rialtas anois iomarcaíocht a thabhairt do dhaoine sa statchóras ar bhonn níos fhabharaí má eiríonn siad as roimh deireadh Feabhra chun níos mó daoine sínsearacha, níos mó daoine le Gaeilge seans, a bhrú as an statchóras ag fágaint go mbeidh an seirbhís don phobal níos measa.     Ba cheart go mbeadh an bhéim ar chumarsáid idir dhaoine – seachas ar mhaorláthas ar mire.

 

12. Céard iad na leasuithe a mholfá ar an Acht le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar bhonn éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de?

Má tá daoine le h-earcú sa stat chóras amach anseo, ba cheart go mbeadh caighdeán oideachais sasúil acu i réimse ábhair, Gaeilge, Béarla, Matamaitic san áíreamh.    Ba cheart go mbeadh ranganna Gaeilge ar fáil dóibh nó liúntas ina dtreo agus iad ag obair.  Cé go mbeadh costas ar seo, chinnteodh sé go mbeadh seirbhis ar fáil don Ghaeilgeoir a bheadh i dteagmháíl leis an Roinn.   Ar aon nós is cuid den fhorbairt inseirbhíse a bheadh ann agus bionn seo ar siúl ag aon chomhlacht fhorásach nua-aimseartha.  Ba cheart go mbeadh an Acht ana shímplí – bunaithe ar chaighdeáin a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bhaint amach seachas ar scéimeanna.   Má eiríonn leis an gcomhlacht an chaighdeán a bhaint amach, faigheann siad an tacaíocht stát iomlán atá dlite dóibh.  Mura ndeineann, ní bhfaigheann siad ach céatadán áirithe.   Bheadh scéim ann freisin chun aitheantas a thabhairt do shár iarrachtaí – an Barr 50 Sheirbhís Phoiblí?  Ba cheart go mbeadh ról ar leith ag RTÉ/TG4 – na craoltóirí seirbhíse poiblí – san obair agus freagracht orthu an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid ar bhonn ilmheáin i réimse leathan ábhair – nuacht, siamsaíocht, spórt, cultúr/ealaíon, gnó.  Is iad an chóras oideachais agus na meáin  seo na h-uirlísí is éifeachtaí i lámha an stáit chun an teanga a chur chun cinn agus, go n-uige seo, is úsáid mí-eifeachtach neamh thorthúíl agus mí chuí atá á bhaint astu.   Dá mbainfí úsáid astu mar is ceart, bheadh seans níos fearr go mbeadh costas níos lú ar chur chun cinn na teanga san fhad tréimhse agus níos lú costais ar sheirbhisí Stáit trí Ghaeilge dá réir.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr

iMúscraí, eagrán 4, anois ar fáil ar líne

Tá an ceathrú eagrán de iMúscraí ar fáil anois ar líne – agus beidh an leagan chlóite ar fáil timpeall an cheantair an tseachtain seo chugainn.

Bainigí sult as!  Cuir isteach ar na comórtais agus cuir bhúr aischothú in iúl dúinn!

Bionn fáilte i gcónaí roimh altanna, scéalta agus griangrafanna.

Beidh an chéad eagrán eile á fhoilsiú ag deireadh mhí Feabhra.  Ba cheart aon ábhar atá le foilsiú bheith againn roimh 24ú Feabhra.

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Spórt