Cartlanna Ranga: Reidh na nDoirí

iMúscraí – eagrán nua

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seo an eagrán is déanaí de iMúscraí – beidh sé ar fáil sna siopaí go luath.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Cumann Lúthchleas Gael, Eagrais, Gnó, Imeachtaí Eile, Reidh na nDoirí, Spórt, Stair

Daonáireamh 2011: Ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i Múscraí, sa Stát

Líon na gcainteoirí Ghaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla

Tháínig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Ghaeilge sa tír ó 2006 go dtí 2011, de réir torthaí an Dhaonáirimh 2011 a foilsíodh inniu. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chorcaí, a chuireann Múscraí agus Oileán Cléire san áireamh, bhí méadú 115 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge, suas ó 867 go 982. Méadú níos mó ná 10% atá i gceist ansan. Más é 2011 an dáta tosaigh don Straitéis 20 Bliain, abair, ciallaíonn sé sin go mbeidh isteach is amach le 1200 chainteoir Ghaeilge laethúil i nGaeltacht Chorcaí – ardú 25% – faoi 2030 nó is é sin an sprioc atá luaite leis an nGaeltacht sa Straitéis.

De réir Daonáireamh 2011, tá 1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán. Ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Ghaeilge é seo Dhaonáireamh 2006 ach is ísliú é ar an gcéadtadán, nó i 2006 bhí Gaeilge ag 41.9% den daonra. Idir an dhá linn, áfach, bhí méadú 8.1% ar dhaonra an Stáit.

Níos lú ná 2% – 1.8% – a úsáideann an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Is é 18.7% den daonra a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó níos annaimhe arís.

Scéal dóchasach atá i gceist sa Ghaeltacht, más duine dochasach thú. Bhí méadú bheag ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí. Bhí laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise.

San iomlán bhí méadú 660 ar líon na gcainteoirí Ghaeilge i 2011 ó 2006. Is é 23175 líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla sna Gaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 – b’é 22.515 an líon i 2006.

Tá roinnt torthaí spéisiúla eile sa chaipéis atá ar fáíl<a href=”http://www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011pdr/Commentary%20Usual%20Res,%20Migration%20etc.pdf”&gt; anseo </a> ar leathnach 40/41.  Tá eolas breise faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta anseo ar leathnaigh 101-103.

Cé chomh minic a labhartar Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Chorcaí

 

 

 

 

 

80%+ de dhaonra Mhúscraí ag baint úsáid as an nGaeilge....

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

Éist linn, Ruairí Quinn!

Pobal Scoil Náisiúnta an Tuairín i gConamara ag léiriú a míshástacht

Beidh tuismitheoirí, múinteoirí agus ionadaithe eile ó phobal Mhúscraí ag tabhairt aghaidh ar Mhúscraí oíche Dé hAoine chun léirsiú a dhéanamh taobh amuigh d’ostán ag a mbeidh An Taoiseach, Enda Kenny TD, ag labhairt ann.

Cuid é seo den bhfeachtas in aghaidh na giorruithe atá molta do na scoileanna beaga tuaithe.   Bhí breis is 400 taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Atha Cliath aréir agus iad ag iarraidh ar an Aire Oideachais Ruairí Quinn éisteacht lena dtaobh den scéal.  Ina chuid oráidí le déanaí tá an tAire Quinn tar éis an cluas bodhar a thabhairt d’achainí phobail tuaithe ar fuaid na tíre.

Tá ‘placards’ á ullmhú sa scoil i gCúil Aodha. Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh bheith páirteach san agóid é seo a chur in iúl don scoil!

Seo an tuairisc ón eagrán is déanaí de iMúscraí:

Tá an treoir nua ón Roinn Oideachais agus Scileanna ina chúis imní do phobail na Gaeltachtaí ar fad agus, go deimhin, don phobal tuaithe ar fuaid na tíre. 

Más amhlaidh go ligtear don treoir seo seasamh, beidh méadú ar an gcoimhneas idir páistí agus múinteoirí.     Tá sé ráite go neamh bhalbh ag an Roinn go bhfuil siad ag iarraidh ‘spreagadh’ a thabhairt do scoileanna beaga a roghanna ‘chomhnasctha’ a fhiosrú. 

De réir  na dtreoireacha seo,  i Meán Fómhair 2014, beidh ar scoil dhá oide 21 dálta a bheith ag freastal ar an scoil chun an dara oide a choimeád.   Faoi láthair is é 12 dalta atá ag teastáíl.  Ardóidh sé seo go dtí 14 i Meán Fómhar na bliana seo agus go dtí 17 ag tús na scoil bhliana 2013/14.

 Is é 49 dalta atá ag teastáil le h-aghaidh an tríú oide a choimeád i scoil trí mhúinteoir i lathair na h-uaire.  Méadóidh seo go dtí 51 i Meán Fómhar na bliana seo agus go dtí 54 an bhliain seo chugainn.  Beidh 56 ag teastáil i 2014.  

Chomh fada agus a bhaineann sé le Múscraí, tá dhá scoil go díreach sa bhearna baoil, Scoil Náisiúnta Chúil Aodha/Barr d’Ínse agus Scoil Náisiúnta Reidh na nDoirí.    

Is scéal náisiúnta é seo sa chiall is go bhfuil 17 scoil Gaeltachta as 23 i nGaeltachtaí na Mumhan faoi bhagairt.  Sin 73%!   In iarthar Chorcaí, tá 40 scoil as 56 i mbaol – sin 71%. 

Is cinnte go bhfuil buntáistí ag scoileanna beaga tuaithe i gcomparáid le scoileanna uirbeacha ina bhfuil líon mór daltaí i ngach rang.  Ach is mó i bhfad na míbhuntáistí agus is mó arís iad sa Ghaeltacht, de bharr, i measc rudaí eile, teip na n-údarás an tacaíocht cuí i bhfoirm téacsleabhair is achmhainní eile a chur ar fáil.  

Beidh agóid á dhéanamh faoi seo i mBaile Átha Cliath go luath.   Éiseofar fógra trí na scoileanna chun tuismitheoirí a chur an eolas.   Ag cruinniú poiblí i nDún Mán Bhuí le déanaí bhí slua de bhreis is 700 i láthair le toscaireacht laidir ó Mhúscraí.   Is cinnte go dtugtar éisteacht do dhaoine nuair a eiríonn leo a léiriú nach amháin go bhfuil siad ceart – ach go bhfuil go leor acu ann. 

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Reidh na nDoirí

iMúscraí, eagrán 4, anois ar fáil ar líne

Tá an ceathrú eagrán de iMúscraí ar fáil anois ar líne – agus beidh an leagan chlóite ar fáil timpeall an cheantair an tseachtain seo chugainn.

Bainigí sult as!  Cuir isteach ar na comórtais agus cuir bhúr aischothú in iúl dúinn!

Bionn fáilte i gcónaí roimh altanna, scéalta agus griangrafanna.

Beidh an chéad eagrán eile á fhoilsiú ag deireadh mhí Feabhra.  Ba cheart aon ábhar atá le foilsiú bheith againn roimh 24ú Feabhra.

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Spórt

iMúscraí na Nollag chugaibh

iMúscraí #3


Seo é an tríú eagrán de iMúscraí, an nuachtlitir áitiúil do Mhúscraí atá á fhoilsiú ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Ar Chuairt?, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Fostaíocht, Gnó, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Stair

Tús maith leis an bproiseas

Bhí cruinniú poiblí ann oíche Dé Máirt chun tús a chur le proiseas chomhairliúcháin a bheidh Plean Teanga do Mhúscraí mar thoradh air – agus ba thús mhaith é ar an obair mhór seo atá tionscnaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

San Ionad Áise i Reidh na nDoirí a reachtáladh an chruinniú agus bhí ionadaithe ann ó chóistí éagsúla ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh, Cill na Martra, Reidh na nDoirí, Baile Mhuirne, Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha, maraon le daoine aonaracha, chun tuairimí a nochtadh agus moltaí a dhéanamh maidir leis an bplean seo.

An Dr. Conchúr Ó Giollagáin ó Rannóg na Pleanála Teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge an aoí chainteoir ar an oíche agus b’é Derry Ó Duinnín, Cathaoirleach an Chomharchumainn, a bhí sa chathaoir.

Dar leis an Dr. Ó Giollagáin, gur léirigh na torthaí ó Scéim Labhairt na Gaeilge ó 2006 go raibh feabhas shuntasach i gcaighdeán na Gaoluinne sa cheantar le gairid agus cinnte ón am a raibh sé i láthair go deireannach ag na cruinnithe poiblí a reachtáladh mar ullmhú d’fhoilsiú an Staidéir Chuimsithí ar Úsáid na Gaoluinne sa Ghaeltacht.

Ach thug sé le fios go raibh dúshlán mhór roimh phobal Mhúscraí chun a chinntiu go mairfeadh an Ghaeilge i Múscraí go dtí an chéad ghlúin eile.

Bhí aischothú maith ann ón pobal a bhí i láthair ar an oíche agus moltaí á dhéanamh acu bheartais éagsúla a dhéadfadh cur le labhairt na Gaoluinne i Múscraí agus, anuas ar sin, na deacrachtaí a bhí le sarú chun an aidhm sin a bhaint amach.

Ina chaint, mhínigh bainisteoir an Chomharchumainn, Concubhar Ó Liatháin, go bhfuil sé i gceist tuairisc bunaithe ar chruinniú na seachtaine seo a ullmhú agus a dháileadh i Múscraí gan mhoill.  “Táim ag súil go  dtabharfaidh an cruinniú seo lón machnaimh doibh san a bhí i lathair, go gcasfaidh siad ar na coistí a bhfuil siad bainteach leo agus/nó a gcáirde, agus go bpléifidh siad na moltaí ar feidir leo a dhéanamh chun  páirt larnach a bheith acu in ullmhú agus i bhfeidhmiú an phlean seo.”

Tá sé i gceist cruinniú phoiblí eile a reachtáil tar éis na Cásca agus ag an gcruinniú sin bunófar meithil oibre i réimsí éagsúla – an teaghlach, cúrsaí oideachais, cultúr agus siamsaíocht, spórt, gnó, forbairt pobail.

Beidh sé faoi na meithil sin ansan plean ar leith don réimse sin a dhréachtú agus tabharfar an plean iomlán le cheile ansan tar éis an tSamhraidh chun go mbeidh an plean reidh le seoladh go luath san Fhómhar.

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

Ardú ar líon na dteaghlach a thuill deontas iomlán SLG i Múscraí

Torthaí Scéim Labhairt na Gaeilge 2006/7, 2007/8, 2008/9

Tháinig ardú 33% ar líon na dteaghlach i Múscrai a shaothraigh deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i Múscraí i 2008/9 i gcomparáíd leis an líon teaghlaigh a thuill an deontas sa bhlian roimhe sin, tá sé dearbhaithe.

Foilsíodh torthaí na bliana seo Dé Luain agus is léir ó na torthaí sin go bhfuil breis iarrachtaí á dhéanamh ag teaghlaigh ar fuaid Mhúscraí chun stadas Gaeltachta an cheantair a chaomhnú.

Sa scoilbhliain 2008/9, tugtar le fios go raibh 185 teaghlach a rinne iarratas faoin scéim.  Fuair 100 teaghlach acu san an deontas iomlán agus 48 an deontas laghdaithe  Diultaíodh aon aitheantas do 37 teaghlach.

Cuirtear sin i gcomparáid le 2007/08:

Sa scoil bhliain sin bhí 176 iarratas faoin scéim.   Ceadaíodh deontas iomlán do 74 teaghlach agus fuair 77 teaghlach an deontas laghdaithe.  Mar sin, is cosúil gur eirigh le 29 teaghlach a thuill an deontas laghdaithe an bliain roimhe feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa teaghlach agus gur eirigh leo an deontas iomlán a thuilleamh.

An bliain roimhe, 2006/7, bhí 193 iarratas agus d’eirigh le 76 teaghlach an deontas iomlán a fháil agus 99 a fuair an deontas laghdaithe.  Is léir ó na bhfigiúirí sin go bhfuil líon na dteaghlach a chur isteach ar an deontas réasúnta seasta – idir 176 agus 193 – ach an rud is súntasaí atá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas laghdaithe ag titim agus an líon a fhaigheann an deontas iomlán ag méadú dá réir.      Tá líon na ndiultú ag méadú ó bhliain go bliain freisin, rud a thugann le fios, b’fhéidir, go bhfuil feabhas leanúnach ag titim amach.  Is é sin go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ó dhiultú go deontas laghdaithe go deontas iomlán agus go bhfuil feabhas céimiúil ag titim amach.

Seo stracfhéachaint ar an mhór phictiúr:  Conas mar atá an Ghaeltacht i Múscraí tar éis feabhsú a dhéanamh idir 2006/7-agus 2008/9.   An cheist ná seo: an leanfaidh an fheabhas seo?   Agus, ceist níos mó, an teist é Scéim Labhairt na Gaeilge ar féidir brath air mar léargas ar shláinte Ghaeltachta?

Ceisteanna eile ar fiú a chur:  Cén fath go bhfuil an feabhas seo ag titim amach i Múscraí agus creimeadh ar úsáid na Gaeilge ag titim amach i gceantaracha láidre Gaeltachta, leithéidí An Ghaillimh?

Creidim féin go bhfuil feabhas leanúnach ag tarlú i Múscraí de bharr feabhas na scoileanna sa cheantar agus diogras na dteaghlach agus gur spreagadh iad chun na duthrachta breise, b’fhéidir, de bharr an méid phoiblíocht a tugadh do scéalta uafáis faoin mbealach go bhféadfaí stadas Gaeltachta a chailliúint de bharr na moltaí éagsúla i dtuarascálacha ar nós an Staidéar Chuimsitheach Teanga-eolaíoch agus eile faoi chatargóirí A,B,C.     Deirim b’fhéidir mar nach féidir fás thar oíche den scála seo a cheangal go simplíoch le tosca amháin.   Dá mbeadh sé amhlaidh, b’fhiú an bhata seachas an chairéad a úsáid i ngach Gaeltacht.

Tá scéimeanna anseo i Múscraí – leithéidí Aisling Gheal, scéim amhránaíochta do dhaoine óga – agus suim ar leith i gcúrsaí chultúr atá ag cuidiú go mór le suim a mhúscailt sa teanga.  Cheapfá go raibh labhairt na teanga tanaisteach don Chultúr – ach is mar sin fearr é, sé sin go mbionn an Ghaeilge á labhairt go nadúrtha le linn imeachtaí eile bheith ag titim amach.     Ní bhaineann sé leis an deontas nó tacaíocht airgid, dar liom, cé nach feidir liom é sin a chur as an áireamh, ach baineann sé le saibhreas de chineál eile, aitheantas agus tuiscint an phobail go bhfuil saibhreas sa chultúr ina bhfuil siad préamhaithe agus gur cuid larnach den chultúr sin an teanga.

Sna scoileanna tá spiorad ar leith le tabhairt faoi ndeara, suim i ndramaí agus i gceol, suim i gcluichí Gaelacha agus cloistear an Ghaeilge á labhairt.  An oiread is aon Ghaeltacht eile, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil suim ag páistí óga i gcluichí ar nós an Wii agus an Playstation agus nach labhrann siad Bhéarla go nadúrtha ina measc féin chomh maith leis an Ghaeilge.   Ach tá níos mó deiseanna acu an Ghaeilge a úsáid agus tá na deiseanna sin taithneamhach.   Mar sin ní ualach orthu an teanga.

Go pearsanta, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeltachta nó is féidir na figiúirí a úsáid chun meath na Gaeilge sa Ghaeltacht a léiriú os comhair an tsaoil agus b’fhéidir go bhfuil toscaí eile nach dtuigimíd san imirt anseo – mar shampla dá ndúnfadh comhlacht mhór i nGaeltacht áirithe agus dá mbeadh ar go leor teaghlaigh bogadh chun teacht ar fhostaíocht, d’imreodh sin tionchar ar na figiúirí seo.    An gciallódh sé go raibh an Ghaeltacht níos laige?  Gan amhras. Ach ba chuinsí seachas neamhshuim a bheadh ar chúl na meithe sin.

Is suimiúil iad na ceisteanna atá le cur de bharr seo….beidh tuilleadh faoi seo agam ar ball.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí, Stair