Cartlanna Ranga: Stair

Stair Mhúscraí. The history of Múscraí

Clár lán don bhFleadh Cheoil

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá clár lán d’imeachtaí cheolmhara eagraithe ag Craobh Laictín de Chomhaltas CheoltóirÍ Éireann d’Fhleadh Cheoil Chorcaí a bheidh ar bun i mBaile Mhúirne idir 9-12 Bealtaine, an deireadh seachtaine seo chugainn. Bhí réamhbhlaiseadh againn den cheiliúradh in Ostán Ghobnatan Dé hAoine seo chaite nuair a reachtáladh ‘Failtiú na Fleidhe” ann. Is féidir físeán d’amhrán nua-chumtha ó Sheán Ó Múineacháin, Cathaoirleach Choiste Eagraithe na Fleidhe agus file iomráiteach a fheiscint anseo agus é á chanadh ag cantóirí óga Aisling Gheal a fheiscint anseo.


Déardaoin 9ú Bealtaine
8.30pm: San Ionad Cultúrtha
Ceolchoirm le Dónal Lunny, Zoe Conway agus Máirtín O’Connor.

Aoine 10ú Bealtaine
8.30pm: In Óstán Ghobnatan
Oscailt oifigiúil na Fleidhe le Conchur Mac Cárthaigh, Cathaoirleach Bhord an Chontae Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Aoichainteoir: An Seanadóir Labhras Ó Murchú, Ardstiúrthóir C.C.É. 9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Satharn 11ú Bealtaine
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí fé 12 agus 12 – 15.
9.30pm: In Óstán Ghobnatan
Céilí Mór le Deenagh Céilí Band. (Tae agus sólaistí le fáil)
9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Domhnach 12ú Bealtaine
10am: Aifreann na Fleidhe i Séipéal Bhaile Mhúirne.
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí
15 – 18 agus sinsir.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cill na Martra, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Dáimhscoil Mhúscrai fógraithe

 

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

 

1925-2013

 

Ostán Ghobnatan

Baile Mhúirne

Dé Sathairn

25ú Bealtaine

7:00 i.n.

An Cuireadh

Fáilte arís eile go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní

Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí

 

Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí,

Fáilte roimh an mbuín mhór ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí.

 

Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí

Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí

Mar sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.

 

Beidh lucht ráidió is páípéar is b’fhéidir RG

Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.

Beidh Betisy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí.

Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán

Forfhógra

Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le h-údarás dian daingean do scaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fodhla go n-aththionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamh-ráite agus go bhfuil de cheangal ortha freastal le h-áthas i gceiliúradh sean institiúid traidisiúnta ársa, len’ chosaint mar ar dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin agus sonas agus meidhir agus sport a thabhairt le méiniúlacht do gach duine a thaisteal is a thairdeal go hionad na Dála seo. 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán

An Cheist

Ar cheart dúinn éirí as ar fad?

Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid

Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?

An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?

 

Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí  leacht

Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart

D’óladh go leor is caitheadh tabac

Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.

 

Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart

Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh

Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab

Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.

 

Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh

An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?

Gan deontas nó breab, an  mbeimíd ag tanú?

An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?

 

Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne

Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne

Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú

Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?

 

An Ceangal

Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra

Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán

Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.

An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Glór na nGael, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Cruinniú Eolais: Atheagar Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4

Bhí cruinniú eolais aréir faoin atheagar atá molta do Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4 agus tá an t-eolas a roinneadh ag an cruinniú anseo thíos.  Anuas ar sin is fiú a lua go bhfuil proiseas comhairliúcháin bunaithe ag RTÉ ón lá inné faoi pholasaí Ghaeilge an chraoltóra.  Tá a thuilleadh eolais faoi sin le fáil anseo.  Is é an dáta deireannach le h-aghaidh moltaí/aighneachtaí/gearáin ná 7 Nollag.

Guth na Gaeltachta á chur ina thost

    • Nuacht Áitiúil RnaG amháin á sholáthar ag Nuacht Rnag
    • Buiséad RnaG síos 23% ó 2008-11.  Síos ó €15m go  €11m    Laghdú 6% ar Raidió 1 sa tréimhse céanna
    • Ceithre iriseoir ag dul go Nuacht TG4 ó RnaG
    • Nuacht TG4 ag soláthar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta do RnaG

Dearcadh Iriseoirí Nuacht RnaG/TG4

    • Sa chéad áit níl cead acu labhairt ar an ábhar – bagairtí déanta dá bpostanna
    • Imní – ní h-é seo ach céim eile I bproiseas
    • Rogha:  Cuirfidh siad seirbhís nuachta náisiúnta/idirnáisiúnta ar fáil do chainéalacha

Iriseoirí Nuacht TG4

    • Faoi láthair cuireann siad míreanna Béarla ar fáil mar chuirtéis – dualgas as seo amach
    • Beidh siad faoi bhrú tosaíocht a thabhairt do chláracha Bhéarla RTÉ thar Nuacht TG4
    • ‘A bilingual and tri medial service’ – Michael Lally, Ceannasaí Nuacht TG4.   Comhdháil faoi RTÉ@50 Samhradh 2012

Cad is féidir linne déanamh?

    • Tabhachtach cruinniú a bheith sna Gaeltachtaí chun suim agus imní a léiriú agus an plé a oscailt ar RnaG/TG4
    • Litir a sheoladh ag iarraidh eolas cruinn ó RTÉ
    • Aighneacht a chur chun tosaigh sa phroiseas chomhairliúcháín
    • Polasaí Gaeilge RTÉ á chur le cheile.

Ná ligtear do na h-udaráis sceannairt a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha na Gaeltachta gan suim a léiriú agus gan do thuairim a chur in iúl.

 

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Stair

iMúscraí – eagrán nua

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seo an eagrán is déanaí de iMúscraí – beidh sé ar fáil sna siopaí go luath.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Cumann Lúthchleas Gael, Eagrais, Gnó, Imeachtaí Eile, Reidh na nDoirí, Spórt, Stair

iMúscraí na Nollag chugaibh

iMúscraí #3


Seo é an tríú eagrán de iMúscraí, an nuachtlitir áitiúil do Mhúscraí atá á fhoilsiú ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Ar Chuairt?, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Fostaíocht, Gnó, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Stair

Múscraíoch i gCraobh an Domhain den 1500m

Ciarán Ó Lionaird ó Mhúscraí ag criochnú an rás leathcheannais 1500m i gCoiré....


Cháíligh Ciarán Ó Lionaird (Leevale AC) do chraobh an domhain den 1500m i nDaegu an Choiré Theas inniu nuair a chriochnaigh sé sa séú áit sa bhabhta leathcheannais. Mac é Ciarán le Seán Ó Lionaird ó Ghort na Scairte agus níos luaithe i mbliana bhí sé ar fhoireann bhuach na hÉireann nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain faoi 19 sa rith tras tíre.
Bhí cuma compórdach a dhothain air i rith an ráis ar fad agus cé ná raibh sé i measc an chúigear a cháilligh de cheart, chinntigh an séú áít a fuair sé sa rás leathcheannais ba thapúla gurb é a chailleodh don bhabhta ceannais.
Tógann éacht Chiaráin ár gcroí agus an tír go léir faoi scamall le tamall anuas de bharr na cúinsí eacnamaíochta. Maith thú a Chiaráin – is laoch thú gan aon amhras. Go n-eirí leat sa chraobh. Táimid ana bhródúil as an méid atá bainte amach agat agus muiníneach go n-eireoidh go maith leat sa chraobh seo agus, cá bhfios, ní fada uainn na Cluichí Oilimpeacha i Londain an bhliain seo chugainn!

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Cluichí eile i Múscraí, Spórt, Stair

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Beidh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl ar an Aoine, 11 Márta, in Ostán Ghobnatan, Baile Mhuirne, ag 7in. Seo chugaibh An Chuireadh agus An Cheist mar lón machnaimh d’fhilí, do bháird agus do rannairí. Cá bhfios ach go spreagfaidh na véarsaí seo sibh le dul i mbun pínn. De ghnath bionn an Dáimhscoil ar siúl i Múscraí idir an dhá Nollag – ach i mbliana, de bharr na droch aimsire, cuireadh ar athló é.

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn


An Cuireadh

Fáilte is fiche go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh óg agus aosta, roimh bháird is filí

Choinnigh sioc agus sneachta is barthanach bháistí

Sinn go léir cois na tine ar shráideoga inár luí.

Sa chruachás ina bhfuileam, tá gá le h-árdú croí

Ach ní hair a bhionn trácht ach ar cháin is ar chíos

Na filí amháin a chuirfidh an ghruaim ar fán le gáirí

Is a chuirfidh an misneach ag coipeadh in áit an imní

Sea, beir ar do pheann nó tóg chut do phísí

Breac síos do theachtaireacht le teanntas is brí

I láthair na Dáimhe dein é a reacadh go binn

Bíodh sampla do shínsear id’ghriogadh chun gnímh

Ar mhaith le bocht agus nocht is gach dream atá thíos.

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Uachtarán

An Cheist Lá ‘ le Gobnatan 2011

A cháirde cairn is a mhaithe groí

Bhùr dtrá arís tá tagaithe

Le lán dea chroí is lom lár na firinne

Tá crua cheist chúibh le freagairt

An mallacht é nó eascaine

nó saint lucht Bainc is rachmais

d’fhág sinn I ngeimheall ag mangairí

Nó ag bacachas sa Bhruiséal.

Ar mbánta mín gan macra

Ó Mhálainn síos go Dairbre

Dí-fhostaíocht ár gcreachadh tá.

Is iad na lán rith i gcéin

Nár leor péindlithe Shasanacha

Ár sinsear síos sa lathaigh bhrúigh

Nó dhibir siar thar Sionainn iad

Mar dhaoir san imigéin.

Peadar Ó Liatháin, Cúil Aodha. Cléireach

Freagraí: le léamh ar an oíche, nó le seoladh chuig An Cléireach. Breis eolais anseo agus ó Betsy Ní Shuibhne, Cúil Aodha, Leas Uachtarán na Dáimhscoile.

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Siamsaíocht, Stair