Cartlanna Clibe: Ceol ó Mhúscraí

Clár lán don bhFleadh Cheoil

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá clár lán d’imeachtaí cheolmhara eagraithe ag Craobh Laictín de Chomhaltas CheoltóirÍ Éireann d’Fhleadh Cheoil Chorcaí a bheidh ar bun i mBaile Mhúirne idir 9-12 Bealtaine, an deireadh seachtaine seo chugainn. Bhí réamhbhlaiseadh againn den cheiliúradh in Ostán Ghobnatan Dé hAoine seo chaite nuair a reachtáladh ‘Failtiú na Fleidhe” ann. Is féidir físeán d’amhrán nua-chumtha ó Sheán Ó Múineacháin, Cathaoirleach Choiste Eagraithe na Fleidhe agus file iomráiteach a fheiscint anseo agus é á chanadh ag cantóirí óga Aisling Gheal a fheiscint anseo.


Déardaoin 9ú Bealtaine
8.30pm: San Ionad Cultúrtha
Ceolchoirm le Dónal Lunny, Zoe Conway agus Máirtín O’Connor.

Aoine 10ú Bealtaine
8.30pm: In Óstán Ghobnatan
Oscailt oifigiúil na Fleidhe le Conchur Mac Cárthaigh, Cathaoirleach Bhord an Chontae Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Aoichainteoir: An Seanadóir Labhras Ó Murchú, Ardstiúrthóir C.C.É. 9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Satharn 11ú Bealtaine
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí fé 12 agus 12 – 15.
9.30pm: In Óstán Ghobnatan
Céilí Mór le Deenagh Céilí Band. (Tae agus sólaistí le fáil)
9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Domhnach 12ú Bealtaine
10am: Aifreann na Fleidhe i Séipéal Bhaile Mhúirne.
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí
15 – 18 agus sinsir.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cill na Martra, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre

Cór Chúil Aodha fé stiúr Peadar Ó Riada

Tá ceoltóirí ó Mhúscraí ag tabhairt faoi thogra nua chun a gcosa a thabhairt leo ón gcúlú eacnamaíochta.  Comharchumann dhá theangach ceoltóirí atá curtha le cheile acu chun a léiriú don phobal mór conas is fearr teacht le cheile ar mhaithe le constaicí a sharú.

Fhaid is go bhfuil tionscal an cheoil faoi amhras le fás an idirlin, tá an grúpa seo ag iarraidh rud éigean fónta a dhéanamh ina leith.   Tá siad tagtha le cheile agus é i gceist acu a cuid dluth dhioscaí a dháileadh ar fuaid na tíre i siopaí leabhair i ngach baile agus cathair.

De réir Peadar O Riada, urlabhraí an ghrúpa, is tuairim é seo atá an chumas aige go leor a bhaint amach ar son gach éinne atá páirteach sa ghrúpa.    Chomh maith le daileadh na ndluthdhioscaí, beidh suíomh idirlín againn chun ár suíomhanna ar fad a cheangal le cheile agus taifeadtaí ar líne a chraoladh.  “Gan amhras níl gach éinne ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne agus mar sin tá sé tabhachtach le go mbeadh an togra seo inmharthanach go mbeadh na dioscaí á dháileadh sna siopaí.”

Mar is dual do lucht an cheoil, tá an beartas fónta seo á sheol le coirmcheol in Amharclann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha – an Briery Gap – oíche Dé Satharn ar 20ú Márta.   Liosta le h-áireamh iad na ceoltóírí a bheidh ar an ardán ar an oíche sin agus is é Seán  O Sé a bheidh  ina fhear a tí.

Ar na ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa choirmcheol, a bheidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Aonad Leukeamia Oispidéal na Trócaire i gCorcaigh, tá Máire ní Cheocháin Uí Chrualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine agus Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray,  Máire Ní Chéilleachair, Banna Chéilí Ghobnatan (Abbey Ceilí Band), Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton agus Cór Cúil Aodha.

Tá gach cineál ceol ar mhian leat le clos ó na ceoltóirí seo – ceol córach, amhránaíocht ar an sean nós, na gormachaí,  rac cheol traidisiúnta agus ceol nach gcloisfeá in aon áit eile.  Mar sin má tá an deis agat, bí linn ar an 20ú Márta i Maigh Chromtha.  Mura féidir leat bheith ann, bí ag faire amach do Cheol ó Mhúscraí ar an líon is id siopa leabhar áitiúil.

A group of well known musicians based in the Múscrai gaeltacht area of Co. Cork are about to embark on a novel new project to beat the recession. The formation of “Music from Muskerry-Ceol ó Mhúscraí”, the country’s first ever bi-lingual musician’s collective, aims to show how people can work together to overcome shared difficulties.

The music industry throughout the world is in a state of unprecedented flux but the musicians of Ireland’s newest musical collective have decided to do something positive about it. They intend to pool their creative resources and distribute their C.D.’s throughout the country through a wide network of bookshops.

As Peadar O’ Riada, a spokesperson for the group, explained “This is a very new and exciting idea. It has great potential and besides the distribution we have a website www.ceolomhuscrai.net connecting all our various websites, which feature news of concerts, recordings, on-line sales, collaborations and other work. The presence of this music in the bookshops also offers a viable alternative for those interested in buying music who perhaps do not shop on-line.”

The formation of “Music from Muskerry-Ceol ó Mhúscraí”, will be celebrated with a launch concert in Macroom’s Briery Gap Art’s Centre on Friday, March 20th at 8.30 p.m. Proceeds on the night will go to the Paediatric Luekemia unit of the Mercy  Hospital.

Artists from the collective include Sean O’ Sé,(m.c. on the night) , Máire ní Cheocháin O; Crualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine and Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray,  Máire Ní Chéilleachair, The Abbey Céilí band, Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton and Cóir Cúil Aodha.

From choral to folk through traditional, country, sean-nós singing, experimental, blues and folk-rock ‘Ceol ó Mhúscraí -Music from Muskerry’ has something to offer everyone’s musical palate. It represents the kind of initiative needed to realise and celebrate our own potential as a nation. Music is one of our greatest assets here in Ireland and our musicians, as eyes and ears of society, deserve to be listened to and supported.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr