Cartlanna Clibe: Cór Chúil Aodha

Guthanna na nOileán

Tá traidisiún amhránaíochta ghrúpaí an-láidir ins na Gaeltachtaí agus i Sardegna. Canann grúpaí in a dteangan dúchasach féin agus iad ag caomhnú stíl traidisiúnta athá an shean agus an-láidir fós ins an dá oileán seo – Eireann agus Sardegna. Beidh ‘Guthanna na n-Oileán’ ag diriú isteach ar an dtraidisiún láidir seo agus ar conas a roinnntear an traidisiúin leis an chéad glúin eile. Ar an 26ú agus 27ú Aibreán 2013, san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, beidh ceolchoirmeacha – ina measc beidh Tenores di Bitti ó Sardegna; beidh comhdháil dár dteideal ‘Caomhnú Guthanna na nOileáin’ agus beidh scannán, ‘Aisling Gheal’, le Dónal Ó Céilleachair á thaispeáint.

Tabharfaidh ‘Guthanna na n-Oileán’ deis dos na h-amhránaithe idir mhalartú á dhéanamh lena chéile agus teacht ar stáitse chun deis a thabhairt do phobal Ghaeltacht Mhúscraí na stíleanna amhránaíochta éagsúla seo a chloisint. As seo, táimíd ag súil go mbeidh forbairt agus nasc á crothú idir na Gaeltachtaí agus Sardegna. Beidh dhá ceolchoirm ar siúl san Ionad Cultúrtha le linn na féile amhranaíochta seo: ar an Aoine, beidh Tenores di Bitti, ón tSáirdín san Iodáil, Mná an Oileáin ó Chiarraí agus Cór Chúil Aodha ó Mhúscraí ar stáitse agus ar an Satharn, ‘siad aionna na ceolchoirme ná Voice Squad agus Cór Ban Chúil Aodha ó Mhúscraí.

I rith an lae ar an Satharn, beidh comhdháil dár teideal ‘Caomhnú Guthanna na nOileáin’, ina mbeidh an Doctúir Lillis Ó Laoire mar cathaoirleach agus ina mbeidh aíonna na deireadh seachtaine ag glacadh páirt. ‘Sé ábhar na comhdháile ná conas a roinntear traidisiún na h-ámhránaíochta i ngrúpaí leis an chéad glún eile. Beidh cainteoirí athá i mbun na h-oibre seo ó Ghaeltachtaí na Mumhan ag glacadh páirt sa chomhdháil, maraon le amhránaithe ón gceantar. San iar–nóin, taispeánfar an scannán ‘Aisling Gheal’ , le Dónal Ó Céilleachair, a chuireann síos ar caomhnú an traidisiun amhránaíochta ar an sean-nóis agus conas a théann sé ó ghlúin go glúin – sa chás seo, tá trí ghlúin i gceist. Beidh comórtaisi amhránaíochta agus seoladh dlúth diosca amhránaíochta ar siúl san iarnóin comh maith – mar sin beidh lá den chéad scoth againn!

Tá ‘Guthanna na n-Oileán’ ar siúl mar chuid den chlár cultúrtha chun comóradh a dhéanamh ar Uachtarántacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i rith na bliana seo.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Adeste Fideles ….go Cúil Aodha don Nollaig

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cúil Aodha, Cultúr, Siamsaíocht

Tá clú agus cáil ar Iarla Ó Lionaird ar fuaid an domhain as ucht feabhas is binneas a chuid amhránaíochta. Cumadóir ceoil é freisin, ar ndóigh. Is i Múscraí i gContae Chorcaí a d’fhas sé agus bhí sé – agus tá sé – ina bhall de Chór Chúil Aodha. Chaith sé seal sa bhanna, the Afro Celt Sound System, agus le cois sin tá trí albam ar a laghad éisithe aige féin – ina measc – Seacht gCoiscéim na Trócaire, If I Could Read The Sky agus Invisible Fields. Seo taifeadadh a rinne mé agus Iarla ag canadh i gcoirm cheoil sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFal i mBéal Feirste. Aoibhinn Cronán, amhrán a chum An Chraoibhín Aoibhinn – Dubhglás de hÍde – atá á cheol aige anseo, amhran ana chuí le h-aghaidh an ionad seo atá ina shampla de thabhacht uilephobalach na Gaeilge

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Siamsaíocht