Cartlanna Clibe: Cultúr

Mol an óige agus canfaidh sí – Dluth dhiosca le hAisling Gheal seolta

Tá daltaí ó Scoileanna Náisiúnta Mhúscraí páírteach sa dhluth dhiosca nua d'amhráín traidisiúnta ón gceantar.

Tá daltaí ó Scoileanna Náisiúnta Mhúscraí páírteach sa dhluth dhiosca nua d’amhráín traidisiúnta ón gceantar.


Seod gleoite é an dluthdhiosca nua ó Aisling Gheal, an scéim amhránaíochta lonnaithe i Múscraí, dar teideal ‘An Bóthar ó thuaidh’, bailiúchán d’amhráin traidisiúnta sean nóis ón gceantar Gaeltachta seo.
Fé stiúr Eilís Uí Shuilleabháin, sar amhránaí agus múinteoir, tá plúr na n-amhránaí ó scoileanna náisiúnta an cheantair tar éis na h-amhráin breatha seo a roinnt linn i ndluth dhiosca den chéad scoth.
Tá amhráin anseo a bheidh aithne ag go leor orthu – leithéidí ‘Táimse ‘gus Máire’ agus ‘An Poc Ar Buile’ a chum filí Mhúscraí, leithéidí Dónal Ó Mulláin agus Maidhcí Ó Suilleabháin, do Dháimhscoil Mhúscraí.

Tá Aisling Gheal ar bun ó 2000 agus tá go leor d’óige Mhúscraí tar éis oiliúint a fháil in ealaíon na h-amhránaíochta sean nóis de réir mar a chleachtar í sa Ghaeltacht seo. I measc na múinteoirí tá amhránaithe aitheanta ar nós Máire Ní Cheilleachair agus Eilís Uí Thuama agus is céimí de chuid na scéime í Nell Ní Chróínín, ‘Amhránaí na Bliana’.

Tá béim ar leith ar amhráin dúchasacha agus tá cnuasach brea bailithe anseo. Cuireadh le céile é le maoiniú ón gComhairle um Oideachais Ghaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Cultúr do chach cois Suláin idir Fómhar agus Nollaig

Tá clár an Fhomhair díreach éisithe ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne agus tá sé lán le seoid mar a bhionn de ghnáth.  Is mór an áis an Ionad agus tá moladh mór ag dul don fhoireann, Bríd Cranitch (an stiúrthóír) agus Síle Uí Chróinín, as ucht clár chomh brea d’imeachtaí a chur ar fáil do phobal Mhúscraí. 

Tá idir scannánaíocht, ceol choirmeacha, taispeantais ealaíona agus dramaíocht ar siúl san Ionad idir Meán Fómhar agus Nollag i mbliana.   Cuirfear tús leis an gclár ar 12 Meán Fómhair le h-oíche mór, céad léiriú domhanda ‘Súil Lán’, toradh an gceardlannaí scannánaíochta a rinne an scannánóir Dónal  O Ceilleachair le daltaí i gColáiste Ghobnatan san Earrach agus i dtús an tSamhraidh. 

Conal Ó Gráda

Ar 19 Meán Fómhair beidh coirm cheol le Cora Smyth (fidil), Breda Smyth (fidil) Pauline Scanlon (guth) agus Donagh Hennessy (giotar).  Ar 10 Deireadh Fómhair beidh coirm cheol eile ar an ardán san Ionad: an uair seo is é é Tommy Cunniffe ar an mbosca ceoil, Brian Miller ar an ngiotár agus Brian Morrissey ar na cnag uirlisí a bheidh ann.  Coicís ina dhiaidh sin is é Conal O Gráda(feadóg mór), i dteannta le Maeve Donnelly (fidil) agus John Blake (giotár) a bheidh ar an ardán.  Ar ndóigh, tá ceirnín úr éisithe ag Conal, Cnoc Buí, agus is fiú go mór éisteacht leis an albam atá ar fáil ag An Siopa, An Muileann, faoi láthair agus a bheidh á sheoladh ar 13 Meán Fómhair.   Ansan, i mí na Samhna, beidh coirm cheol eile ann le At The Racket – John Carty (fidil) Brian McGrath (piano), Seamus O’Donnell (fliúit) agus Michael McCague (giotár).  

Oiche mór i gcónaí an oíche go mbionn buaiteoirí na mbonn is na nduaiseanna ag Oireachtas na Samhna ar an ardán mar cheann d’imeachtaí Aisling Gheal, an scéim atá ag déanamh sar oibre maidir le cur chun cinn an tsean nóis dúchasach sa cheantar. Beidh sin ar siúl ar 7 Samhain. 

Maidir le dramaí, tá dhá dhráma ar an ardán an Fhomhair seo – is iad sin Madcap, dráma ag meascadh an sean saol agus an saol comhaimseartha le scéalta grá, scéalta grinn, piseoga agus scéalta fíór.  Beidh sin á léiriú ar 26 Meán Fómhair. 

 

Stones in His Pockets - dráma Marie Jones á léiriú i nGaeilge ag Aisling Ghéar

Stones in His Pockets - dráma Marie Jones á léiriú i nGaeilge ag Aisling Ghéar

Ach, ansin, ar 11 Deireadh Fómhair, léireofar ceann de na dramaí is fearr a chonac an scriobhnóir seo le fada an lá.  Leagan Ghaeilge de shaothar Marie Jones, Stones in His Pockets, dráma ar fuair ainmniúchán le h-aghaidh gradam Tony i Nua-Eabhrac agus atá á léiriú anseo ag an t-aon compántas amharclainne Ghaeilge lán ghairmiúil sa tír, Aisling Ghéar.  Le déanaí tá Gabriel Byrne fógartha mar phatrún ar an gcompántas seo a bhunaigh Gearóid  O Cairealláin, ceannródaí i measc ceannrodaithe, i 1996 agus atá anois faoina stiúr agus faoi stiúr a bhean, Bríd O Gallchóir, aisteoir agus stiurthóír aitheanta.

 

Is dánlann aitheanta an tIonad freisin agus beidh saothar daltaí scoile a ghlac páirt i Súil Lán ar taispeaint ann i mí Meán Fómhair.   I nDeireadh Fómhair beidh deis againn amharc ar ghriangrafanna an cheamradóra ealaíonta áitiúil, Con Kelleher, agus i mí na Samhna beidh Catherine Cronin ag taispeáint a cuid saothar ann.  I mí na Nollag beidh dath áitiúil ar na bhfallaí mar is ansin a fheicfear ealaíontóirí Mhúscraí. 

An ocáid is mó ar an bhfeilire idir Fomhar agus Nollaig, sin Éigse Dhiarmuidín a bheidh á thionól i mbliana idir 5-7 Nollaig.   Ach tá go leor ag titim amach idir seo agus sin chun an bóthar ann a ghiorrú go mór!

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht

Ceiliúradh an Riadaigh i gCúil Aodha

Seán Ó Riada, 1931-1971    Seán Ó Riada, 1931-1971 

Le blianta fada tá ainm Sheáin Uí Riada á lua le Cúil Aodha, an sraidbhaile Gaeltachta i Múscraí inar chaith sé na blianta deiridh dá shaol.  

Tháinig an Riadach agus a chlann go Cúil Aodha sna 60aí agus chuir siad futha ag An Draigheann, an teach ina mbiodh Timire Chonradh na Gaeilge, Dónal  O Ceocháin, ag cónaí ann.   Sara bhfad bhí Cór bunaithe agus Aifreann cumtha, aifreann atá anois á cheiliúradh ar fuaid na tíre. 

Cailleadh Seán  O Riada i 1971 gan ach dhá scór bliain slánaithe aige.  Taca an ama ar rugadh é, ag tús mhí Lúnasa, beidh dealbh cuimhneacháin á nochtadh i gCúil Aodha.   Ar 3 Lúnasa i gclós an tséipéil i gCúil Aodha, tar éis Aifrinn speisialta ag 2in, nochtfar an dealbh.  Ina dhiaidh sin beidh ceiliúradh le ceilí faoin aer, ag brath ar an aimsir, ag Aras Éamoinn Mhic Suibhne i gCúil Aodha.

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht, Stair