Cartlanna Clibe: Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Dáimhscoil Mhúscrai fógraithe

 

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

 

1925-2013

 

Ostán Ghobnatan

Baile Mhúirne

Dé Sathairn

25ú Bealtaine

7:00 i.n.

An Cuireadh

Fáilte arís eile go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní

Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí

 

Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí,

Fáilte roimh an mbuín mhór ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí.

 

Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí

Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí

Mar sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.

 

Beidh lucht ráidió is páípéar is b’fhéidir RG

Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.

Beidh Betisy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí.

Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán

Forfhógra

Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le h-údarás dian daingean do scaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fodhla go n-aththionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamh-ráite agus go bhfuil de cheangal ortha freastal le h-áthas i gceiliúradh sean institiúid traidisiúnta ársa, len’ chosaint mar ar dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin agus sonas agus meidhir agus sport a thabhairt le méiniúlacht do gach duine a thaisteal is a thairdeal go hionad na Dála seo. 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán

An Cheist

Ar cheart dúinn éirí as ar fad?

Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid

Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?

An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?

 

Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí  leacht

Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart

D’óladh go leor is caitheadh tabac

Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.

 

Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart

Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh

Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab

Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.

 

Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh

An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?

Gan deontas nó breab, an  mbeimíd ag tanú?

An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?

 

Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne

Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne

Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú

Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?

 

An Ceangal

Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra

Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán

Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.

An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Glór na nGael, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Beidh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl ar an Aoine, 11 Márta, in Ostán Ghobnatan, Baile Mhuirne, ag 7in. Seo chugaibh An Chuireadh agus An Cheist mar lón machnaimh d’fhilí, do bháird agus do rannairí. Cá bhfios ach go spreagfaidh na véarsaí seo sibh le dul i mbun pínn. De ghnath bionn an Dáimhscoil ar siúl i Múscraí idir an dhá Nollag – ach i mbliana, de bharr na droch aimsire, cuireadh ar athló é.

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn


An Cuireadh

Fáilte is fiche go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh óg agus aosta, roimh bháird is filí

Choinnigh sioc agus sneachta is barthanach bháistí

Sinn go léir cois na tine ar shráideoga inár luí.

Sa chruachás ina bhfuileam, tá gá le h-árdú croí

Ach ní hair a bhionn trácht ach ar cháin is ar chíos

Na filí amháin a chuirfidh an ghruaim ar fán le gáirí

Is a chuirfidh an misneach ag coipeadh in áit an imní

Sea, beir ar do pheann nó tóg chut do phísí

Breac síos do theachtaireacht le teanntas is brí

I láthair na Dáimhe dein é a reacadh go binn

Bíodh sampla do shínsear id’ghriogadh chun gnímh

Ar mhaith le bocht agus nocht is gach dream atá thíos.

An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Uachtarán

An Cheist Lá ‘ le Gobnatan 2011

A cháirde cairn is a mhaithe groí

Bhùr dtrá arís tá tagaithe

Le lán dea chroí is lom lár na firinne

Tá crua cheist chúibh le freagairt

An mallacht é nó eascaine

nó saint lucht Bainc is rachmais

d’fhág sinn I ngeimheall ag mangairí

Nó ag bacachas sa Bhruiséal.

Ar mbánta mín gan macra

Ó Mhálainn síos go Dairbre

Dí-fhostaíocht ár gcreachadh tá.

Is iad na lán rith i gcéin

Nár leor péindlithe Shasanacha

Ár sinsear síos sa lathaigh bhrúigh

Nó dhibir siar thar Sionainn iad

Mar dhaoir san imigéin.

Peadar Ó Liatháin, Cúil Aodha. Cléireach

Freagraí: le léamh ar an oíche, nó le seoladh chuig An Cléireach. Breis eolais anseo agus ó Betsy Ní Shuibhne, Cúil Aodha, Leas Uachtarán na Dáimhscoile.

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Siamsaíocht, Stair

An Sean Bhean Bhocht i 2009

Is é seo an freagra a thug Concubhar  O Liatháin ar an gceist a bhí curtha ag Peadar O Liatháin, Cléireach na Dáímhe, agus an fhógra chuig filí, rannairí is locht rocháin á sheoladh roimh Nollaig.

Focail nua atá curtha aige ar an Sean Bhean Bhocht, focail atá, b’fheidir, in oiriúint do ghéarchéim an lae inniu.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cultúr

Glór ón sean ré: Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

Dáimh Scoil Mhúscraí: Gael na nGael, An Suibhneach Meann, Dómhnall Ó Ceocháin agus eile

Is mír é seo ó chlár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh Dé Domhnaigh mar chomóradh ar Dháimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn.  Aindrias  O Gallchóir a chur an clár i láthair, tuairisc ar Dháimhscoil Mhúscraí i 1959 maraon le sliochtaí ó chuirí agus ceisteanna a cuireadh sna blianta roimhe sin.   

Cloistear glórtha ón sean ré, glórtha An Suibhneach Meann – Pádraig Mac Suibhne, Gaedhal na nGaedhal, Dómhall O Ceocháin, Seán Eoin O Suilleabháin agus Peadar O Liatháin. 

Sa bhlian 1959 atá an Dáimhscoil seo suite – agus cloistear glór ann atá fós linn.  Is é sin glór Pheadair Uí Liatháin a bhí  ina Chléireach i 1959 nuair a bhí sna 20í.  Nuair a thionólfar an Dáimhscoil Dé Satharn seo chughainn in Ostán Ghobnatan, beidh a ghlór le clos aris agus é fós ag cur na ceiste…

I 1959 bhí siad ag caint ar an Sputnik – i mbliana tá an cheist dírithe ar an mbealach a chaitheann rialtais is bainc ár gcuid airgid.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cúil Aodha, Cultúr