Cartlanna Clibe: Féile

Guthanna na nOileán

Tá traidisiún amhránaíochta ghrúpaí an-láidir ins na Gaeltachtaí agus i Sardegna. Canann grúpaí in a dteangan dúchasach féin agus iad ag caomhnú stíl traidisiúnta athá an shean agus an-láidir fós ins an dá oileán seo – Eireann agus Sardegna. Beidh ‘Guthanna na n-Oileán’ ag diriú isteach ar an dtraidisiún láidir seo agus ar conas a roinnntear an traidisiúin leis an chéad glúin eile. Ar an 26ú agus 27ú Aibreán 2013, san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, beidh ceolchoirmeacha – ina measc beidh Tenores di Bitti ó Sardegna; beidh comhdháil dár dteideal ‘Caomhnú Guthanna na nOileáin’ agus beidh scannán, ‘Aisling Gheal’, le Dónal Ó Céilleachair á thaispeáint.

Tabharfaidh ‘Guthanna na n-Oileán’ deis dos na h-amhránaithe idir mhalartú á dhéanamh lena chéile agus teacht ar stáitse chun deis a thabhairt do phobal Ghaeltacht Mhúscraí na stíleanna amhránaíochta éagsúla seo a chloisint. As seo, táimíd ag súil go mbeidh forbairt agus nasc á crothú idir na Gaeltachtaí agus Sardegna. Beidh dhá ceolchoirm ar siúl san Ionad Cultúrtha le linn na féile amhranaíochta seo: ar an Aoine, beidh Tenores di Bitti, ón tSáirdín san Iodáil, Mná an Oileáin ó Chiarraí agus Cór Chúil Aodha ó Mhúscraí ar stáitse agus ar an Satharn, ‘siad aionna na ceolchoirme ná Voice Squad agus Cór Ban Chúil Aodha ó Mhúscraí.

I rith an lae ar an Satharn, beidh comhdháil dár teideal ‘Caomhnú Guthanna na nOileáin’, ina mbeidh an Doctúir Lillis Ó Laoire mar cathaoirleach agus ina mbeidh aíonna na deireadh seachtaine ag glacadh páirt. ‘Sé ábhar na comhdháile ná conas a roinntear traidisiún na h-ámhránaíochta i ngrúpaí leis an chéad glún eile. Beidh cainteoirí athá i mbun na h-oibre seo ó Ghaeltachtaí na Mumhan ag glacadh páirt sa chomhdháil, maraon le amhránaithe ón gceantar. San iar–nóin, taispeánfar an scannán ‘Aisling Gheal’ , le Dónal Ó Céilleachair, a chuireann síos ar caomhnú an traidisiun amhránaíochta ar an sean-nóis agus conas a théann sé ó ghlúin go glúin – sa chás seo, tá trí ghlúin i gceist. Beidh comórtaisi amhránaíochta agus seoladh dlúth diosca amhránaíochta ar siúl san iarnóin comh maith – mar sin beidh lá den chéad scoth againn!

Tá ‘Guthanna na n-Oileán’ ar siúl mar chuid den chlár cultúrtha chun comóradh a dhéanamh ar Uachtarántacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i rith na bliana seo.

Advertisements

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized