Is féidir teacht ar an gcéad eagrán de nuachtlitir an Chomharchumainn ar fuaid Mhúscraí inniu (Dé hAoine, 30 Meán Fómhair). Tá sé ar fáil chomh maith ar líne mar fhoilseachán inléite agus is féidir teacht ar anseo nó cliceáil ar an bpictiúr.
Cartlanna Clibe: Gaeilge
Ceiliúradh an Riadaigh i gCúil Aodha
Le blianta fada tá ainm Sheáin Uí Riada á lua le Cúil Aodha, an sraidbhaile Gaeltachta i Múscraí inar chaith sé na blianta deiridh dá shaol.
Tháinig an Riadach agus a chlann go Cúil Aodha sna 60aí agus chuir siad futha ag An Draigheann, an teach ina mbiodh Timire Chonradh na Gaeilge, Dónal O Ceocháin, ag cónaí ann. Sara bhfad bhí Cór bunaithe agus Aifreann cumtha, aifreann atá anois á cheiliúradh ar fuaid na tíre.
Cailleadh Seán O Riada i 1971 gan ach dhá scór bliain slánaithe aige. Taca an ama ar rugadh é, ag tús mhí Lúnasa, beidh dealbh cuimhneacháin á nochtadh i gCúil Aodha. Ar 3 Lúnasa i gclós an tséipéil i gCúil Aodha, tar éis Aifrinn speisialta ag 2in, nochtfar an dealbh. Ina dhiaidh sin beidh ceiliúradh le ceilí faoin aer, ag brath ar an aimsir, ag Aras Éamoinn Mhic Suibhne i gCúil Aodha.
Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht, Stair