Cartlanna Clibe: Scannáin

Cultúr do chach cois Suláin idir Fómhar agus Nollaig

Tá clár an Fhomhair díreach éisithe ag an Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne agus tá sé lán le seoid mar a bhionn de ghnáth.  Is mór an áis an Ionad agus tá moladh mór ag dul don fhoireann, Bríd Cranitch (an stiúrthóír) agus Síle Uí Chróinín, as ucht clár chomh brea d’imeachtaí a chur ar fáil do phobal Mhúscraí. 

Tá idir scannánaíocht, ceol choirmeacha, taispeantais ealaíona agus dramaíocht ar siúl san Ionad idir Meán Fómhar agus Nollag i mbliana.   Cuirfear tús leis an gclár ar 12 Meán Fómhair le h-oíche mór, céad léiriú domhanda ‘Súil Lán’, toradh an gceardlannaí scannánaíochta a rinne an scannánóir Dónal  O Ceilleachair le daltaí i gColáiste Ghobnatan san Earrach agus i dtús an tSamhraidh. 

Conal Ó Gráda

Ar 19 Meán Fómhair beidh coirm cheol le Cora Smyth (fidil), Breda Smyth (fidil) Pauline Scanlon (guth) agus Donagh Hennessy (giotar).  Ar 10 Deireadh Fómhair beidh coirm cheol eile ar an ardán san Ionad: an uair seo is é é Tommy Cunniffe ar an mbosca ceoil, Brian Miller ar an ngiotár agus Brian Morrissey ar na cnag uirlisí a bheidh ann.  Coicís ina dhiaidh sin is é Conal O Gráda(feadóg mór), i dteannta le Maeve Donnelly (fidil) agus John Blake (giotár) a bheidh ar an ardán.  Ar ndóigh, tá ceirnín úr éisithe ag Conal, Cnoc Buí, agus is fiú go mór éisteacht leis an albam atá ar fáil ag An Siopa, An Muileann, faoi láthair agus a bheidh á sheoladh ar 13 Meán Fómhair.   Ansan, i mí na Samhna, beidh coirm cheol eile ann le At The Racket – John Carty (fidil) Brian McGrath (piano), Seamus O’Donnell (fliúit) agus Michael McCague (giotár).  

Oiche mór i gcónaí an oíche go mbionn buaiteoirí na mbonn is na nduaiseanna ag Oireachtas na Samhna ar an ardán mar cheann d’imeachtaí Aisling Gheal, an scéim atá ag déanamh sar oibre maidir le cur chun cinn an tsean nóis dúchasach sa cheantar. Beidh sin ar siúl ar 7 Samhain. 

Maidir le dramaí, tá dhá dhráma ar an ardán an Fhomhair seo – is iad sin Madcap, dráma ag meascadh an sean saol agus an saol comhaimseartha le scéalta grá, scéalta grinn, piseoga agus scéalta fíór.  Beidh sin á léiriú ar 26 Meán Fómhair. 

 

Stones in His Pockets - dráma Marie Jones á léiriú i nGaeilge ag Aisling Ghéar

Stones in His Pockets - dráma Marie Jones á léiriú i nGaeilge ag Aisling Ghéar

Ach, ansin, ar 11 Deireadh Fómhair, léireofar ceann de na dramaí is fearr a chonac an scriobhnóir seo le fada an lá.  Leagan Ghaeilge de shaothar Marie Jones, Stones in His Pockets, dráma ar fuair ainmniúchán le h-aghaidh gradam Tony i Nua-Eabhrac agus atá á léiriú anseo ag an t-aon compántas amharclainne Ghaeilge lán ghairmiúil sa tír, Aisling Ghéar.  Le déanaí tá Gabriel Byrne fógartha mar phatrún ar an gcompántas seo a bhunaigh Gearóid  O Cairealláin, ceannródaí i measc ceannrodaithe, i 1996 agus atá anois faoina stiúr agus faoi stiúr a bhean, Bríd O Gallchóir, aisteoir agus stiurthóír aitheanta.

 

Is dánlann aitheanta an tIonad freisin agus beidh saothar daltaí scoile a ghlac páirt i Súil Lán ar taispeaint ann i mí Meán Fómhair.   I nDeireadh Fómhair beidh deis againn amharc ar ghriangrafanna an cheamradóra ealaíonta áitiúil, Con Kelleher, agus i mí na Samhna beidh Catherine Cronin ag taispeáint a cuid saothar ann.  I mí na Nollag beidh dath áitiúil ar na bhfallaí mar is ansin a fheicfear ealaíontóirí Mhúscraí. 

An ocáid is mó ar an bhfeilire idir Fomhar agus Nollaig, sin Éigse Dhiarmuidín a bheidh á thionól i mbliana idir 5-7 Nollaig.   Ach tá go leor ag titim amach idir seo agus sin chun an bóthar ann a ghiorrú go mór!

1 Fhreagra amháin

Rangaithe faoi Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht