Cartlanna Clibe: Sean Nós

Dáimhscoil Mhúscrai fógraithe

 

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

 

1925-2013

 

Ostán Ghobnatan

Baile Mhúirne

Dé Sathairn

25ú Bealtaine

7:00 i.n.

An Cuireadh

Fáilte arís eile go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní

Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí

 

Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí,

Fáilte roimh an mbuín mhór ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí.

 

Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí

Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí

Mar sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.

 

Beidh lucht ráidió is páípéar is b’fhéidir RG

Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.

Beidh Betisy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí.

Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán

Forfhógra

Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le h-údarás dian daingean do scaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fodhla go n-aththionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamh-ráite agus go bhfuil de cheangal ortha freastal le h-áthas i gceiliúradh sean institiúid traidisiúnta ársa, len’ chosaint mar ar dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin agus sonas agus meidhir agus sport a thabhairt le méiniúlacht do gach duine a thaisteal is a thairdeal go hionad na Dála seo. 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán

An Cheist

Ar cheart dúinn éirí as ar fad?

Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid

Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?

An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?

 

Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí  leacht

Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart

D’óladh go leor is caitheadh tabac

Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.

 

Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart

Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh

Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab

Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.

 

Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh

An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?

Gan deontas nó breab, an  mbeimíd ag tanú?

An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?

 

Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne

Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne

Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú

Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?

 

An Ceangal

Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra

Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán

Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.

An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Glór na nGael, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Mol an óige agus canfaidh sí – Dluth dhiosca le hAisling Gheal seolta

Tá daltaí ó Scoileanna Náisiúnta Mhúscraí páírteach sa dhluth dhiosca nua d'amhráín traidisiúnta ón gceantar.

Tá daltaí ó Scoileanna Náisiúnta Mhúscraí páírteach sa dhluth dhiosca nua d’amhráín traidisiúnta ón gceantar.


Seod gleoite é an dluthdhiosca nua ó Aisling Gheal, an scéim amhránaíochta lonnaithe i Múscraí, dar teideal ‘An Bóthar ó thuaidh’, bailiúchán d’amhráin traidisiúnta sean nóis ón gceantar Gaeltachta seo.
Fé stiúr Eilís Uí Shuilleabháin, sar amhránaí agus múinteoir, tá plúr na n-amhránaí ó scoileanna náisiúnta an cheantair tar éis na h-amhráin breatha seo a roinnt linn i ndluth dhiosca den chéad scoth.
Tá amhráin anseo a bheidh aithne ag go leor orthu – leithéidí ‘Táimse ‘gus Máire’ agus ‘An Poc Ar Buile’ a chum filí Mhúscraí, leithéidí Dónal Ó Mulláin agus Maidhcí Ó Suilleabháin, do Dháimhscoil Mhúscraí.

Tá Aisling Gheal ar bun ó 2000 agus tá go leor d’óige Mhúscraí tar éis oiliúint a fháil in ealaíon na h-amhránaíochta sean nóis de réir mar a chleachtar í sa Ghaeltacht seo. I measc na múinteoirí tá amhránaithe aitheanta ar nós Máire Ní Cheilleachair agus Eilís Uí Thuama agus is céimí de chuid na scéime í Nell Ní Chróínín, ‘Amhránaí na Bliana’.

Tá béim ar leith ar amhráin dúchasacha agus tá cnuasach brea bailithe anseo. Cuireadh le céile é le maoiniú ón gComhairle um Oideachais Ghaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

An Ghlúin Óg ag tabhairt leo an sean nós


Iad seo an dream a ghlac pairt i Snó2 – Sean Nós na nÓg – le linn Éigse Dhiarmuid Ó Suilleabháin i gCúil Aodha roimh na Nollag. Scéim é seo atá eagraithe ag Aisling Gheal le tacaíocht ón Éigse féin – agus maoiniú ó Ealaíon na Gaeltachta.
I laethannta an dorchadais atá buailte linn a bhuí le faillí ár rialtais agus na mbanc, lochrann dóchais iad na buachaillí agus cailíní seo….

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Abha an tSuláin

Eilís Ní Chróinín ó Bhaile Mhuirne, buaiteoir eile ó Mhúscraí i gcomórtas shean nóis ag an Oireachtas, agus í ag canadh Abha an tSuláin, dán molta a chum Gael na nGael – Pádraig O Cruadhlaoi – in omós don Sulán, an abhainn fireann a sníonn trí Ghaeltacht Mhúscraí.  Chan sí an amhrán seo ag oíche cheiliúrtha do rannpháirtithe an Oireachtais a reachtáil Aisling Gheal, an eagras atá ar chúl na gcéimeanna móra chun tosaigh atá glactha ag an amhránaíocht sean nóis i Múscraí le blianta beaga anuas, san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.  Faigheann Aisling Gheal agus Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne araon tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Siamsaíocht

Maidin Áiseach

Seo amhrán a bhíodh á chanadh againn agus sinn ag dul ar Scoil Chúil Aodha ach is leagan criochnúil é seo ó Sheosamh O Críodáin a bhuaigh Corn Amhránaithe Chonamara ag an Oireachtas.  Chan sé an amhrán arís ag ocáid cheiliúrtha an Oireachtais san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne seachtain ó shin.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Siamsaíocht, Stair