Cartlanna Clibe: TV3

An Poc ar Buile ar albam nua le John Spillane

Tá éileamh mhór ar an albam is déanaí ón amhránaí John Spillane, ‘Irish Songs We Learned At School’, albam atá ar bharr mo liosta de bhronntanais Nollag i mbliana. 

Roinnt blian ó shin bhí banna ceoil á chur le cheile mar chuid de scig chlár a bhí á chraoladh ar TG4.  RíRá ab ainm don clár ach ní cuimhin liom ainm an bhanna féin.  Bhí sé i gceist acu a leagan den Poc Ar Buile a éisiúint in am don Nollag – níor tharla sé.  Anois tá An Poc Ar Buile ar fáil, leagan nua agus John Spillane in éineacht le páistí ó Ghaelscoil Uí Riordáin i mBaile An Chollaigh ag ceol air, Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada ag canadh agus ag tionlacan le cois.   Cá bhfios ach go sroichfeadh an amhrán a chum Dónal Ó Mulláin barr na gcairteacha go fóill!

Is breá liom a leitheid a fheiscint.  Tá súil agam go mbeidh díol mór ar an albam agus is cinnte go bhfuil speis ann nó bhí John ar Tubridy Tonight oíche Dé Satharn agus é ag canadh amhrán nó dhó ón albam.   Chuala é ag canadh Óró Sé Do Bheatha Bhaile – cé gur chuir an lúdramán ó Chontae na Mí, Hector Ó Heochagáin, a véarsa féin leis ag an deireadh – agus bhí gach duine sa lucht éisteachta ag ceol ina theannta. 

Tá go leor déanta ag John Spillane ar son na Gaeilge, nó is leathchuid é le Louis de Paor de Monarcan Bhuillí na Gaeilge, gan trácht ar na h-amhráin a chum sé féin.    Táim ag súil go mór le cluas a thabhairt le h-eisteacht don albam seo….

[Níl aon físeán ar fáil go fóill ó Tubridy Tonight – mar sin beidh orainn déanamh leis an bpíosa seo agus John ag ceol Beidh Aonach Amarach ag Club Sult anuraidh uair eigean! Chomh luath is a bhionn sliocht ar fáil ó Tubridy, beidh sé againn anseo!]

Dála an scéil, niorbh é sin an t-aon uair a chualathas amhrán an Phiarsaigh ar an dteilifís i gcaitheamh na deireadh seachtaine nó canadh é freisin i The Wind That Shakes The Barley, scannán  iomráiteach Ken Loache, scannán a deineadh furmhór mhór de anseo i Múscraí.  Craoladh TWTSTB ar TV3 oíche Dé Domhnaigh – an rud is annamh is íontach, an Ghaoluinn a chlos ar TV3!

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Siamsaíocht