Beidh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn ar siúl ar an Aoine, 11 Márta, in Ostán Ghobnatan, Baile Mhuirne, ag 7in. Seo chugaibh An Chuireadh agus An Cheist mar lón machnaimh d’fhilí, do bháird agus do rannairí. Cá bhfios ach go spreagfaidh na véarsaí seo sibh le dul i mbun pínn. De ghnath bionn an Dáimhscoil ar siúl i Múscraí idir an dhá Nollag – ach i mbliana, de bharr na droch aimsire, cuireadh ar athló é.
Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn
An Cuireadh
Fáilte is fiche go Dáimhscoil Mhúscraí
Roimh óg agus aosta, roimh bháird is filí
Choinnigh sioc agus sneachta is barthanach bháistí
Sinn go léir cois na tine ar shráideoga inár luí.
Sa chruachás ina bhfuileam, tá gá le h-árdú croí
Ach ní hair a bhionn trácht ach ar cháin is ar chíos
Na filí amháin a chuirfidh an ghruaim ar fán le gáirí
Is a chuirfidh an misneach ag coipeadh in áit an imní
Sea, beir ar do pheann nó tóg chut do phísí
Breac síos do theachtaireacht le teanntas is brí
I láthair na Dáimhe dein é a reacadh go binn
Bíodh sampla do shínsear id’ghriogadh chun gnímh
Ar mhaith le bocht agus nocht is gach dream atá thíos.
An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta. Uachtarán
An Cheist Lá ‘ le Gobnatan 2011
A cháirde cairn is a mhaithe groí
Bhùr dtrá arís tá tagaithe
Le lán dea chroí is lom lár na firinne
Tá crua cheist chúibh le freagairt
An mallacht é nó eascaine
nó saint lucht Bainc is rachmais
d’fhág sinn I ngeimheall ag mangairí
Nó ag bacachas sa Bhruiséal.
Ar mbánta mín gan macra
Ó Mhálainn síos go Dairbre
Dí-fhostaíocht ár gcreachadh tá.
Is iad na lán rith i gcéin
Nár leor péindlithe Shasanacha
Ár sinsear síos sa lathaigh bhrúigh
Nó dhibir siar thar Sionainn iad
Mar dhaoir san imigéin.
Peadar Ó Liatháin, Cúil Aodha. Cléireach
Freagraí: le léamh ar an oíche, nó le seoladh chuig An Cléireach. Breis eolais anseo agus ó Betsy Ní Shuibhne, Cúil Aodha, Leas Uachtarán na Dáimhscoile.
A Chara ,,,an gha dom mo dhán a seol tríd an phoist ,nó ar an ríomhphoist agus cad an seoladh le haghaidh an phoist . Ní bheidh mé ann chuige a léigh ,,,mar níl mé abalta é sin a dhéanamh ,,,,,cúis sláinte .
Is mise Risteard mac Suibhne (ó Cúil a Bhúacaig trath )
Ballykenneally ,Ballymacoda ,Co Corcaighe