Acht na dTeangacha Oifigiúla 20003, Athbhreithniú, Eanáir 2011
TÉAMAÍ LE BREITHNIÚ
Cumarsáid faoi alt 9 den Acht (Litreacha, ríomhphoist & cora poist)
Dualgais reatha faoin Acht:
• Cumarsáid a fhreagairt sa teanga ina bhfuarthas í;
• Faisnéis i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach a eisiúint i nGaeilge nó go dátheangach.
1. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?
Níl na dualgais iomarcach. Ní leor iad. Tá gá le feachtas fograíochta le cur in iúl go ndeinfear cumarsáid le daoine sa teanga ina sheoltar é, Gaeilge nó Béarla, le go dtuigfidh daoine go bhfuil an ceart acu bheith ag súíl lena leithéid agus le cinntiú nach mothóidh siad fuacht mar gheall ar litir/eile a sheoladh chuig roinn rialtais/comhlacht poiblí.Foilseacháin faoi alt 10 den Acht
Dualgais reatha faoin Acht:
• Doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla (m.sh. tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta, tograí beartais phoiblí, ráitis straitéise srl.
2. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?
Níl aon ghá nó éileamh ar thuarascálacha bliantúla i nGaeilge, cúntais iniúchtha is a leithéid i nGaeilge nó is beag suim atá ag an bpobal iontu. Ar éigean go bhfuil éileamh orthu i mBéarla seachas le go gcomhlíonfaí an dhlí maidir le tredhearcacht etc. B’fhearr i bhfad an suim a bheadh iontu dar liom dá mba rud é go raibh achoimrí i nGaeilge ar phríomh phointí na gcaipéisí sna caipéisí féin. Chiallódh sé sin go mbeadh teagmháil ag pé leitheoirí a bhionn ag na caipéisí seo leis an nGaeilge. Preas ráitis na caipéisí ar cheart iad a bheith foilsithe go comhuaineach sa dhá theanga. Níl aon fiúntas preas ráiteas a éisiúint i nGaeilge lá nó dhó tar éis an preas ráiteas i mBéarla. Níl nuacht ann a thuilleadh. Anuas ar sin ba cheart go mbainfí níos mó úsáide as áiseanna ar nós Facebook is a leithéid. Is díol súntais an laghad Ghaeilge ar phríomh leathnaigh na rannóga rialtais éagsúla. Ba cheart go mbeadh Gaeilge i gcónaí ar an bpríomh leathnach agus nascanna chuig preas raitis i nGaeilge etc, chomh maith leis an rogha Ghaeilge Béarla. Go deimhin cothaíonn an rogha sin sort teanga dheighilt mínádúrtha. B’fhearr i bhfad, más í cur chun cínn na Gaeilge aidhm na reachtaíochta, go mbeadh an Ghaeilge agus Bhéarla le léamh trid an suíomh ar fad, gan an rogha ann dul go suíomh iomlán Ghaeilge nó iomlán Bhéarla.
Comharthaí, stáiseanóireacht & fógairtí taifeadta béil faoi na Rialacháin faoin Acht (I.R. Uimh. 391 de 2008)
Dualgais reatha faoin Acht:
• Cloí leis na Rialacháin maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht agus i bhfógairtí taifeadta béil.
3. I do thuairimse, an leor na dualgais seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?
Ba cheart go mbeadh comharthaí, staiseanóireacht agus fógarthaí taifeadta béil dhá theangach, gan amhras. Maidir le fógairtí taifeadta béil, ba cheart go bhfearfaí ‘Fáilte romhat’ ar dtúis i nGaeilge agus i mBéarla (Gaeilge sa chéad áít) agus go mbeadh rogha ansan idir seirbhís i nGaeilge nó i mBéarla.
Scéimeanna Teanga faoin Acht
Is iad na scéimeanna teanga croílár an Achta Teanga. Leagtar amach sna scéimeanna teanga an córas trína bhforbraíonn comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge thar thréimhse ama. Is trí na scéimeanna teanga a dhéileáiltear le húsáid na Gaeilge ar shuíomhanna gréasáin, ar bhileoga, ar bhróisiúir, ar fhoirmeacha, trí sheirbhísí teileafóin, trí sheirbhísí idirphearsanta eile, trí sheirbhísí ar líne srl.
4. (a) I do thuairimse, an bhfuil córas na scéimeanna teanga sásúil, an bhfuil sé iomarcach nó an dteastaíonn leasú air?
Is cinnte gurb iad na scéimeanna teanga an ghné is míshásúla den chóras seo ar fad. Níl ach ceatadán bheag de na comhlachtaí poiblí agus ranna rialtais atá tar éis scéimeanna a dhaingniú agus tá sciar mhaith acu seo atá na céad scéimeanna imithe i léig agus níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil córas ann a chinnteoidh go mbeidh an dara scéim ann le teacht i gcomharbacht ar an gcéad scéim (agus an 3ú ar an 2ú is ar aghaidh). Tá na scéimeanna lag agus gan bhrí de ghnath agus dírithe ar mhaorláthas ar mire seachas ar sheirbhísí a bheadh ag teastáíl ón bpobal a sholathar. Sampla amháin de seo suíomh idirlín RTÉ. Is beag Ghaeilge atá ar shuíomh idirlín RTÉ ar fad nó ar na seirbhisí digiteacha a sholathraíonn sé. Os rud é gurb é RTÉ an phríomh chraoltóir sheirbhís phoiblí sa tír, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge lárnach i ngach gné dá sholathar – go h-áirithe ar an idirlíon. Ag BBC na Breataine Bige – http://www.bbc.co.uk/newyddion/ – tá suíomh ar leith nuachta ann i mBreatnais agus mathair shuíomh i mBreatnais chomh maith. http://www.bbc.co.uk/alba/. Tá seirbhís fónta i nGaeilge na hAlban freisin. http://www.bbc.co.uk/naidheachdan/ agus ar http://www.bbc.co.uk/alba/. Cuir é sin i gcomparáid le suíomh RTE – http://www.rte.ie/gaeilge – agus tabharfaidh tú faoi ndeara an easnamh mhór ónár gcraoltóir náisiúnta. Níl luach a gcuid ceadúnais á fháil ag an nGaeilgeoir a íocann a cheadúnas ón gcraoltóir náisiúnta. Ní dheineann an craoltóir náisiúnta aon chumarsáid i nGaeilge ar Facebook is Twitter leis an bpobal – cé go mbionn go leor seirbhísí i mBéarla á thairiscint ag an gcraoltóir.
4.(b) An bhfuil malairt córais a mholfá a bheadh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla?
Ní mór bunchaighdeán ó thaobh sheirbhísí a bheadh ar fáil don phobal ó chomhlachtaí phoiblí a shocrú. Sa chás ná sroichtear an bunchaighdeán seo taobh istigh d’achar ghairid, ba cheart go ngearrfaí píonós díreach ar bhaill na foirne. Mar shampla, d’fhéadfaí srian a chur ar incrimintí phá do bhaill na foirne ar fad agus go dtreorfaí cuid den choigilt i dtreo na h-easnaimh sa solathar a chur i gceart. Níl sé mí réasúnta a bheith ag súil go mbeadh Gaeilge líofa a dhóthain chun gnó a dhéanamh leis an bpobal ag feidhmeannaigh sa statchóras i bhfianaise an infhéistiú ag an Stát i múineadh na Gaeilge tríd an chóras oideachas. Léiríonn easpa Gaeilge na bhfeidhmeannach sa stat chóras go bhfuil caighdeán oideachais ginearálta míshásúil acu agus is drochtheist é ar pholasaí earcaíochta an stat chórais go bhfuil daoine le heasnaimh súntasach ina gcaighdeáin oideachais ag obair ann agus ag obair ar ard libhéal ann.
5.(a) An bhfuil tú sásta leis na seirbhísí atá á soláthar trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht?
Níl. Tá leithéid An Post ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus iad beag beann ar riachtanais teanga an phobail. Is féidir go gcuirfí moill ar phost de bharr an seoladh a bheith i nGaeilge nó go gcuirfí é chuig an duine mícheart. Tarlaíonn sin go minic dom féin. Dúnadh Oifig an Phoist i mBéal Átha’n Ghaorthaidh agus mhaígh An Post ná raibh aon cheisteanna teanga le freagairt mar gheall ar sin. Go deimhin níl An Post tar éis an scéim teanga a dhaingniú cé go bhfuair siad ordú é sin a bheith déanta faoi Lúnasa 2009 – ach níl seo déanta fós. Mar sin de, níl aon choimitmint teanga á sharú ag An Post mar níl aon choimitmint déanta acu agus tá an chomhlacht beag beann ar treoir an Aire ar an gceist. Má tá siad beag beann ar threoir Aire Rialtais, cén mhaith don phobal bheith ag súil le seirbhís uatha i dteanga oifigiúil na tíre? Tá bagairt anois ar na scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh múinteoirí a bhaint ó scoileanna dhá oide, thrí oide agus cheithre oide, ag brath ar uimhreacha. Ciallóidh sé seo go mbeidh seirbhis níos lú á fháil sa teanga oifigiúil ag na páistí agus go gcuirfear isteach ar a bhforbairt oideachasúil. Ba cheart go mbeadh seirbhísí le riar a dhéanamh ar pháistí le riachtanais speisialta ar fáíl go dhá theangach ar a laghad sa Ghaeltacht (agus taobh amuigh).
Seirbhísí ó chomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht
Sa chaoi is gur féidir leis an Stát tacú le stádas agus le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá sé an-tábhachtach go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a ngnóthaí oifigiúla a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge.
5.(b) An bhfuil leasuithe a mholfá a chuirfeadh le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht na gcomhlachtaí poiblí sa réimse seo?
Ba cheart go mbeadh bunchaighdeán ann le h-aghaidh comhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Sa chás nach n-éiríonn le brainsí Gaeltachta na gcomhlachtaí poiblí an bun chaighdeán sin a bhaint amach, ba cheart go ngearrfaí píonós díreach ar na fostaithe, mar shampla má tá liúntas Gaeltachta le h-íoc leo, go gcoinneofaí siar na liúntais sin go mbeidh siad ábalta an seirbhís a thairiscint i nGaeilge.
6. I do thuairimse, an leor na forálacha seo, an bhfuil siad iomarcach nó an dteastaíonn leasú orthu?
Ní leor. Más í aidhm na reachtaíocht an Ghaeilge a chur chun cinn sa réimse phoiblí, ba cheart go ndíreofaí ar ghnéithe ar leith. San OIreachtas, mar shampla, ba cheart go leagfaí amach sceideal diospóireachtaí ina mbionn ‘cuóta’ de na diospóíreachtaí i nGaeilge agus i mBéarla, na teangacha oifigiúla, gach seachtain. 30% Gaeilge agus 30% Béarla. Má tá deacrachtaí ag na comhaltai ó thaobh líofacht de, tá córas aistriúcháin comhuaineach ar fáíl agus tá ranganna ar fáil. Sna Cúirteanna, ba cheart go gcinnteofaí go mbeadh Gaeilge ag óifigigh uile na Cúirte – na Breithimh, go hairithe, agus dlíodóirí – aturnaethe agus abhcóidí – le cois. Bionn ar ábhar abhcóidí agus aturnae scrúdú a dhéanamh le freastal ar Ostaí an Ri nó An Chumann Dlí Incorporáidithe lena ndintiúirí a fháíl. Ach an bhfuil aon chóras ann le cinntiú go mbeidh oiliúint inseirbhíse ar fáil agus riachtanach le bheith ag feidhmiú i gcúirteanna na tíre ina bhfuil dhá theanga oifigiúil ann, an Ghaeilge agus an Bhéarla. Maidir le Logainmneacha, ba cheart go mbeadh leagan amháin i nGaeilge agus leagan amháin i mBéarla ar chomharthaíocht oifigiúil. Sa chás go bhfuil dhá leagan de log ainm in úsáíd i gceantar ar leith – agus is féidir sampla a lua – Baile Mhúirne agus Baile Bhúirne i Múscraí- ba cheart don údarás áitiúil cuí socrú a dhéanamh le h-aghaidh suirbhé/reifreann áitiúil a reachtáil chun an ceist a shocrú. I gcás Baile Mhúirne, rinne brainse áitiúil Chonradh na Gaeilge suirbhé agus cinneadh gur Baile Mhúirne ar cheart a úsáid. Is féidir le Comhairle Chontae Chorcaí dul dá réir nó a suirbhé féin a reáchtáil gan morán moille. Faoi mar atá sé tá comharthaí bóithre go h-áitiúil ag fógairt ‘Baile Bhúirne’ agus Baile Mhúirne.
Comhlachtaí poiblí faoin Acht
Cuireann an tAcht dualgas ar chomhlachtaí poiblí, atá liostaithe faoin Acht, seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tá liosta iomlán na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie.
Tá na comhlachtaí poiblí seo a leanas liostaithe faoin Acht – Ranna agus oifigí Rialtais, údaráis áitiúla, ollscoileanna, institiúidí tríú leibhéal eile, coistí gairmoideachais, an Garda Síochána, an tSeirbhís Chúirteanna, na Coimisinéirí Ioncaim, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gníomhaireachtaí, boird & cuideachtaí Stáit eile.
7. I do thuairimse, an bhfuil liosta na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht cuí nó an dteastaíonn leasú sa réimse seo?
Tá an liosta cuí sa mhéid is go gcuimsíonn sé na gcomhlachtaí poiblí is na ranna is oifigí rialtais. Ba cheart, áfach, rangú a dhéanamh orthu agus bunchaighdeán sheirbhísí cuí a cheangal le gach comhlacht/roinn sna ranganna éagsúla. Mholfainn go ndéanfaí an rangú bunaithe ar an libhéal teagmhála a bhionn ag an rannóg/comhlacht leis an bpobal go direach. Bheadh níos mó dualgaisí ar na comhlachtaí leis an teagmháil is líonmhaire – msh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, RTÉ, an Post, An Roinn Oideachais, údaráis áitiúla Gaeltachta sa chéad rang, an teagmháil is mó agus an libhéal freagrachtaí teanga is troime.
Oifig an Choimisinéara Teanga
Is faoin Acht a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Is é príomhról na hOifige ná monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta.
8. I do thuairimse, an bhfuil cumhachtaí agus feidhmeanna na hOifige sin dóthanach nó iomarcach agus an dteastaíonn leasuithe orthu?
Má tá brí le bheith leis an Oifig seo, ba cheart go mbeadh cumhacht agus freagracht ar an Oifig scéimeanna atá iarrtha ag an Aire a phlé leis na comhlachtaí poiblí atá i gceist agus sa chás nach mbionn rath ar an bplé seo pionóis a mholadh. Ba cheart go mbeadh córas á chumadh ag an gCoimisinéir le h-aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí phoiblí a éiríonn go sár mhaith leo – ar nós an Barr 50 Ghnó le Gaeilge a bhíodh á reachtáíl ag an nuachtán laethúil, Lá Nua. Faoi mar atá sé tá proifíl lárnach ag an gCoimisinéir i measc pobal na Gaeilge – ar nós Joe Duffy na ngearán – ach tá sé imeallach chomh fada is a bhaineann sé leis an mórphobal agus is léir nach bhfuil áird a dhothain á thabhairt ag comhlachtaí poiblí do.
9. An bhfuil leasuithe eile a mholfá ar an Acht le cinntiú gur reachtaíocht í atá oiriúnach agus cuí dá feidhm?
Mholfainn an Acht a ath-chumadh le go mbeadh bunchaighdeán sheirbhísí teanga ar fáil ag na ranganna éagsúla comhlachtaí stát faoi mar atá mínithe agam thuas. Mholfainn go mbeadh foráil ann ina mbeadh freagracht ar gach rannóg rialtais rangú a dhéanamh ar na foirmeacha is mó éilimh agus ansan a chinntiú go mbeadh leaganacha dhá theangach/Ghaeilge ar fáil de na foirmeacha is mó éilimh.
10. Céard iad na seirbhísí trí Ghaeilge a bhfuil éileamh agat féin orthu ó chomhlachtaí poiblí nó an gceapann tú gur cheart tosaíocht a thabhairt dóibh?
Nuacht/Siamsaíocht i nGaeilge. Téacsleabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge ar chomhchaighdeán lena gcomhionann i mBéarla do mo pháistí.
11. Céard iad na constaicí nó na deacrachtaí a fheictear duit a bhaineann le seirbhísí ar chomhchaighdeán a sholáthar i nGaeilge ag comhlachtaí poiblí?
An polasai earcaíochta agus iomarcaíochta ceann de na constaicí is mó. Le blianta anuas tá daoine gan Ghaeilge fóstaithe i rannóga rialtais agus i gcomhlachtaí phoiblí a bhionn plé díreach ag an pobal leo. Anois níl an fhoireann ag na comhlachtaí seo agus an oideachas chuí orthu chun plé le baill den phobail atá ag lorg seirbhís ina dteanga féin, Gaeilge nó Béarla, mar sin brúitear an Bhéarla ar dhaoine agus deintear beag den Ghaeilge, rud a chinntíonn go mbeidh níos lú agus níos lú úsáide á bhaint as an nGaeilge sa ghnó a bhionn ag daoine leis an Stát. Tá an polasaí atá ag an Rialtas anois iomarcaíocht a thabhairt do dhaoine sa statchóras ar bhonn níos fhabharaí má eiríonn siad as roimh deireadh Feabhra chun níos mó daoine sínsearacha, níos mó daoine le Gaeilge seans, a bhrú as an statchóras ag fágaint go mbeidh an seirbhís don phobal níos measa. Ba cheart go mbeadh an bhéim ar chumarsáid idir dhaoine – seachas ar mhaorláthas ar mire.
12. Céard iad na leasuithe a mholfá ar an Acht le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar bhonn éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de?
Má tá daoine le h-earcú sa stat chóras amach anseo, ba cheart go mbeadh caighdeán oideachais sasúil acu i réimse ábhair, Gaeilge, Béarla, Matamaitic san áíreamh. Ba cheart go mbeadh ranganna Gaeilge ar fáil dóibh nó liúntas ina dtreo agus iad ag obair. Cé go mbeadh costas ar seo, chinnteodh sé go mbeadh seirbhis ar fáil don Ghaeilgeoir a bheadh i dteagmháíl leis an Roinn. Ar aon nós is cuid den fhorbairt inseirbhíse a bheadh ann agus bionn seo ar siúl ag aon chomhlacht fhorásach nua-aimseartha. Ba cheart go mbeadh an Acht ana shímplí – bunaithe ar chaighdeáin a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bhaint amach seachas ar scéimeanna. Má eiríonn leis an gcomhlacht an chaighdeán a bhaint amach, faigheann siad an tacaíocht stát iomlán atá dlite dóibh. Mura ndeineann, ní bhfaigheann siad ach céatadán áirithe. Bheadh scéim ann freisin chun aitheantas a thabhairt do shár iarrachtaí – an Barr 50 Sheirbhís Phoiblí? Ba cheart go mbeadh ról ar leith ag RTÉ/TG4 – na craoltóirí seirbhíse poiblí – san obair agus freagracht orthu an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid ar bhonn ilmheáin i réimse leathan ábhair – nuacht, siamsaíocht, spórt, cultúr/ealaíon, gnó. Is iad an chóras oideachais agus na meáin seo na h-uirlísí is éifeachtaí i lámha an stáit chun an teanga a chur chun cinn agus, go n-uige seo, is úsáid mí-eifeachtach neamh thorthúíl agus mí chuí atá á bhaint astu. Dá mbainfí úsáid astu mar is ceart, bheadh seans níos fearr go mbeadh costas níos lú ar chur chun cinn na teanga san fhad tréimhse agus níos lú costais ar sheirbhisí Stáit trí Ghaeilge dá réir.