Tá clú agus cáil ar Mhúscraí de bharr gurb é ‘cliabhán na n-agallamh beirte’. Léiríonn an t-agallamh beirte seo atá á chur i láthair ag Colm agus Diarmuid O Meachair ó Chúil Aodha go bhfuil an traidisiún sin go laidir i measc na n-óg freisin agus nach baol do. Bhuaigh Diarmuid agus Colm an dara áit i gcraobh an Oireachtais d’agallaimh beirte faoi 12 ar na mallaibh. Feictear anseo iad ag glacadh páirte i gcoirm cheol speisialta a reachtáil Aisling Gheal do bhuaiteoirí an Oireachtais i Múscraí ag Ionad Chultúrtha Bhaile Mhuirne ar 7 Samhain 2008.
Beidh a thuilleadh ón gcoirmcheol seo le feiscint anseo sna laethannta romhainn….bain taitneamh as…