Cartlanna Clibe: Údarás na Gaeltachta

Ar chuir sibh isteach ar an Scéim Fiontar Pobail go fóill?

Is fiú go mór do Choistí Pobail i Múscraí cur isteach ar Scéim Fiontar Pobail Údarás na Gaeltachta. Má tá obair ar mhaith le do Choiste tabhairt fé sa cheantar agat, agus gur mhaith leat cabhair le dul i mbun an phroisis, iarratais, dein teagmháil liomsa, Concubhar Ó Liatháin, go luath faoi seo.

Is í aidhm na scéime cabhrú le Coistí nó le hEagrais Fhorbartha Pobail sa Ghaeltacht tabhairt faoi fhiontair pobal.

Tá an scéim ar fáil do na Coistí agus do na hEagrais Fhorbartha Pobail sa Ghaeltacht atá cláraithe le hÚdarás na Gaeltachta agus atá ag feidhmiú ar bhunús daonlathach agus gur eagrais iad atá ionadaíoch den phobal áitiúil ar a bhfuil siad ag freastal air agus atá ag feidhmiú de réir phlean oibre atá aontaithe le hOifig Réigiúnach an Údaráis.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin scéim agus faoin slí ar feidir leis an gComharchumann cuidiú led choiste, dein teagmháíl liom ag 085 8130777 nó concubhar.oliathain@gmail.com

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Scoláireachtaí ón Údarás

Scoláireachtaí Printíseachta / Training Apprenticeships

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.
 
Ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a
chomhionann. (Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe),

réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS,

os cionn 25 bliain d’aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

 
Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.
 
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó www.udaras.ie/printiseachtai nó glaoigh ar 091 503139 / 091 503121.
 
Ní mór foirm iarratais comhlánaithe a bheith ar ais roimh 08 Feabhra 2013

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Turasóireacht teanga i Múscraí

Beidh duine de na ceannródaithe is aitheanta i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ag teacht go Múscraí an mhí seo chun labhairt ar an obair éachtach atá déanta aige ina cheantar dúchais i nGleann Cholmcille, Tír Chonaill.
Cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta é Liam Ó Cuinneagáin le roinnt blian anois. Ach is ar an obair a rinne sé le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a fhorbairt a bheidh sé ag caint ag ocáid ar leith atá á reáchtáil ag an gComharchumann ar 12ú Nollag ag an Muilleann i mBaile Mhúirne ag 8om.
Tá fáilte roimh mhuintir Mhúscraí chun na hocáide seo, go háirithe iad siúd atá suim acu i gcúrsaí turasóireachta nó i gcúrsaí teanga.
A warm welcome is extended to all who are interested in cultural tourism and the Irish language to a presentation by Liam Ó Cuinneagáin at the Mills Inn at 8pm on 12 December.
Mr Ó Cuinneagáin founded the Oideas Gael project which is the leading provider of Irish language holidays in Ireland. In thea past it has played host to the likes of Mary McAleese, the former President, and many thousands of other Irish language learners who have sought to combine the pleasure of learning Irish with other holiday activities such as walking, art and cycling.
The event of 12 December, 2012, is aimed at sharing some of the secrets of the success of Oideas Gael with a view to getting off the ground locally a project aimed at providing holidays for families combining Irish classes with other activities such as walking, art, swimming and heritage trails.
Anybody interested in this project or interested in the promotion of Irish or cultural tourism in general is welcome to attend the event on 8pm on Monday, 12 December.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Comhlacht bídh oscailte ar eastát Bhaile Bhuirne

Osclaíodh ionad nua Independent Irish Health Foods Ltd ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne Dé Sathairn 20 Márta.   Bunaíodh Independent Irish Health Foods Ltd i bhFearann Fuar i gCo. Chiarraí in 2008 agus chinn an comhlacht athlonnú go Baile Bhuirne de bharr spás níos mó agus níos nua aimseartha a bheith ar fáil. Tá sé beartaithe ag stiúrthóirí an chomhlachta, Richard Wilkins agus Henry Bartlett, scála oibriúcháin an ghnó a leathnú agus dul i mbun táirgíochta. Beidh 15 post nua breise á gcruthú anuas ar an 47 duine atá fostaithe sa chomhlacht faoi láthair.
Agus é ag caint ag an oscailt, labhair Richard Wilkins ar rathúlacht an ghnó ó bunaíodh é in 2008. “Tá fás gasta tagtha ar an mhargadh bia sláinte sa tír seo agus tá Independent Irish Health Foods ag leathnú chun freastal ar éileamh an mhargaidh sin. Soláthraíonn muid an chuid is mó de shiopaí sláinte na hÉireann agus beidh muid ag forbairt an ghnó trí dul i mbun táirgíochta chomh maith le díriú ar ár ngnó dáileacháin atá ag fás i gcónaí. Cuidíonn an t-ionad nua seo, atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, lenár bpleananna leathnúcháin a chur i bhfeidhm agus cinnteoidh an spás breise gur féidir leis an ghnó fás agus forbairt sa todhchaí. Tá muid ag feidhmiú i margadh an-iomaíoch agus tacóidh an t-athlonnú seo linn clú an ghnó a neartú.”
Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh an tÚdarás an-sásta a bheith ábalta forbairt agus leathnú an ghnó a éascú. “Bhí riachtanais an chomhlachta soiléir – spás gnó oiriúnach agus infreastruchtúr riachtanach – agus bhí sé sin le fáil i nGaeltacht Mhúscraí. Nuair a fheictear na deacrachtaí atá ag gnólachtaí san aeráid eacnamaíochta reatha, is údar misnigh é gnó mar seo a fheiceáil ag fás agus ag bogadh ar aghaidh lena bpleananna leathnúcháin.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Gnó

Comhlacht nua le h-oscailt i mBaile Mhuirne

An comhlacht ardteicneolaíochta Somex Teo ag dul i mbun gnó ar Pháirc Thionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne Tá ionad nua bunaithe ag Somex Teo, soláthraí réitigh uathoibrithe a bhíonn ag plé go sonrach le dearadh agus le forbairt trealamh tástála saotharlainne, ar eastát tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Bhunaigh Brian O’Keefe agus Michael Wall an comhlacht, a bhí lonnaithe i Maigh Chromtha roimhe seo, sa bhliain 2000 agus theastaigh foirgneamh níos mó le bheith in oiriúint do na pleananna fáis agus forbartha a bhí acu. Le cúnamh agus tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, dhear agus d’fhorbair an comhlacht foirgneamh nua d’ardteicneolaíocht ar pháirc thionscail an Údaráis le hinfheistíocht iomlán de €0.75milliún.

Déanann Somex Teo réitigh thástála pacála agus táirge don earnáil dí agus tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós PepsiCo, Coca-Cola, Carlsberg agus C&C mar chliaint acu. Lena chois sin, cuireann an comhlacht sainréitigh dearadh agus uathoibrithe ar fáil do na hearnálacha cógaisíochta, leighis, plaistigh agus leictreonacha.

Tá ochtar fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá pleananna acu seachtar eile a earcú thar na trí bliana atá romhainn. Faoi láthair, is céimithe tríú leibhéal iad an fhoireann go léir ag a bhfuil saineolas sna réimsí dearadh meicniúil, dearadh uathoibrithe agus forbairt bogábhar. Tá i gceist go mbeidh cáilíocht den chineál céanna ag daoine a earcófar sa todhchaí.

Agus é ag fógairt leathnú an chomhlachta go Baile Bhuirne, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas tacú leis an chomhlacht Somex Teo leathnú go Baile Bhuirne. Is comhartha é cinneadh an chomhlachta, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a lonnú anseo, go bhfuil muinín acu as an bhfoireann oibre agus as an gceantar go ginearálta.

Is sampla é an fhorbairt seo de chur i bhfeidhm pholasaí an Údaráis tionscail ardteicneolaíochta atá ag fostú daoine le hard cháilíochtaí i gceantair atá in ann foirgnimh fheiliúnach gnó, foireann oibre oilte agus infreastruchtúr a chur ar fáil.” Cuireann Somex Teo béim mhór ar thaighde agus ar fhorbairt agus tá siad i láthair na huaire ag obair leis an gColáiste Ollscoile, Corcaigh ar phróisis nuálach le tástáil a dhéanamh ar dheochanna agus táthar ag súil go mbeidh buntáiste mór anseo don tionscail dí go domhanda.

Dúirt Brian O’Keeffe agus Michael Wall, stiúrthóirí Somex Teo go gcuirfeadh an áis nua deis fháis agus acmhainní breise ar fáil do chustaiméirí nua agus reatha as seo amach. “Tá i gceist ag Somex Teo leanúint ar aghaidh ag díriú ar nuálaíocht sa mhargadh tionscail agus dá réir sin, ag soláthar taithí fhairsing agus deiseanna dá chuid fostaithe. Tá an tacaíocht agus an spreagadh a fuaireamar ón Údarás le linn dúinn a bheith ag leathnú chuig ár bhfoirgneamh nua agus ag an am céanna muid ag iarraidh fás a chothú laistigh dár ngnó, thar a bheith luachmhar. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghlacadh le gach duine san Údarás a chabhraigh linn agus táimid ag tnúth le dea-thodhchaí i nGaeltacht álainn Bhaile Bhuirne”, a dúirt siad.


Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Fostaíocht, Gnó

Ról an Údaráis, ciorruithe agus an todhchaí faoi chaibidil ag cruinniú phoiblí

Seo an chéad mhír de chaint a thug Príomh FheidhmeannachUdarás na Gaeltachta, Pádraig  O hAoláin, ag cruinniú phoiblí a reachtáíl an eagras i Múscraí aréir, oíche Dé Máirt, 19 Bealtaine, mar chuid de shraith chruinnithe atá á reachtáil le pobal na Gaeltachta a chur ar an eolas faoi thodhchaí an Udaráis i ré na ngiorrú.

Beidh an chuid eile de chaint an Phríomh Fheidhmeannaigh agus míreanna eile ón oíche, léamh litir ó ghrúpa atá buartha faoi thodhchaí an Ionaid Aise i Reidh na nDoirí de bharr phlean an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, san áireamh, le feiscint anseo de réir a chéile  inniu agus amarach.


Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Eagrais, Gnó, Nuacht, Reidh na nDoirí

Deis oiliúna

fogra

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 Údarás na Gaeltachta

Scoláireachtaí Printíseachta

Buachaillí/Cailíní; Fir/Mná

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.

 

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.

Chun breis eolais nó foirm iarratais a fháil, déan teagmháil leis:

An Rannóg Oiliúna & Oideachais

Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Teil: 091 503121 Rphost: fff@udaras.ie

http://www.udaras.ie

 

Ní mór foirmeacha iarratais a bheith ar ais roimh 27 Feabhra 2009

Freagra

Rangaithe faoi Fostaíocht, Gnó