Cartlanna Ranga: Nuacht

Nuacht ó Ghaeltacht Mhúscraí. News from the Múscraí Gaeltacht

Clár lán don bhFleadh Cheoil

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

Beidh súil le go leor iomaitheoirí óga i measc an slua a bheidh ag freastal ar an bhFleadh Cheoil atá á reachtáíl ag Craobh Laictín CCÉ i mBaile Mhúirne ag an deireadh seachtaine.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá clár lán d’imeachtaí cheolmhara eagraithe ag Craobh Laictín de Chomhaltas CheoltóirÍ Éireann d’Fhleadh Cheoil Chorcaí a bheidh ar bun i mBaile Mhúirne idir 9-12 Bealtaine, an deireadh seachtaine seo chugainn. Bhí réamhbhlaiseadh againn den cheiliúradh in Ostán Ghobnatan Dé hAoine seo chaite nuair a reachtáladh ‘Failtiú na Fleidhe” ann. Is féidir físeán d’amhrán nua-chumtha ó Sheán Ó Múineacháin, Cathaoirleach Choiste Eagraithe na Fleidhe agus file iomráiteach a fheiscint anseo agus é á chanadh ag cantóirí óga Aisling Gheal a fheiscint anseo.


Déardaoin 9ú Bealtaine
8.30pm: San Ionad Cultúrtha
Ceolchoirm le Dónal Lunny, Zoe Conway agus Máirtín O’Connor.

Aoine 10ú Bealtaine
8.30pm: In Óstán Ghobnatan
Oscailt oifigiúil na Fleidhe le Conchur Mac Cárthaigh, Cathaoirleach Bhord an Chontae Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Aoichainteoir: An Seanadóir Labhras Ó Murchú, Ardstiúrthóir C.C.É. 9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Satharn 11ú Bealtaine
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí fé 12 agus 12 – 15.
9.30pm: In Óstán Ghobnatan
Céilí Mór le Deenagh Céilí Band. (Tae agus sólaistí le fáil)
9.30pm: Sa Mhuileann
Club na nAmhránaithe le Bean a’ Tí: Máire Ní Chéileachair.

Domhnach 12ú Bealtaine
10am: Aifreann na Fleidhe i Séipéal Bhaile Mhúirne.
10am: Comórtaisí ceoil, amhránaíochta agus comhrá Gaeilge do na haois-ghrúpaí
15 – 18 agus sinsir.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhuirne, Cill na Martra, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Dáimhscoil Mhúscrai fógraithe

 

Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn

 

1925-2013

 

Ostán Ghobnatan

Baile Mhúirne

Dé Sathairn

25ú Bealtaine

7:00 i.n.

An Cuireadh

Fáilte arís eile go Dáimhscoil Mhúscraí

Roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí

Fágaíg bhur mbuartha, bhur ngearáin is imní

Is beidh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí

 

Fáilte roimh an ógra, gearrchaillí is buachaillí,

Fáilte roimh an mbuín mhór ó Chathair Chorcaí

Fáilte roimh na geaingléirí ó Contae Chiarraí

Fáilte roimh na slóite ó bhailte Mhúscraí.

 

Níl aon easpa ceist as a bpiocfadh rúnaí

Ceann a ghinfeadh argóint is áiteamh teasaí

Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí

Mar sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.

 

Beidh lucht ráidió is páípéar is b’fhéidir RG

Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.

Beidh Betisy is an bhantracht ag réiteach cóir bhídh

A shásóidh gach éinne gan bhagairt Gardaí.

Pádraig Ó Fiannachta, Uachtarán

Forfhógra

Ag seo forfhógra fuinniúil fórsach, le h-údarás dian daingean do scaoilte do gach file fáidhiúil eolasach i bhfearannacha Fodhla go n-aththionólfar Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn de réir ama agus dáta atá réamh-ráite agus go bhfuil de cheangal ortha freastal le h-áthas i gceiliúradh sean institiúid traidisiúnta ársa, len’ chosaint mar ar dhein ár sinsear romhainn ar bhruacha an tSuláin agus sonas agus meidhir agus sport a thabhairt le méiniúlacht do gach duine a thaisteal is a thairdeal go hionad na Dála seo. 

Betsy Ní Shuibhne, Leas Uachtarán

An Cheist

Ar cheart dúinn éirí as ar fad?

Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid

Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?

An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?

 

Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí  leacht

Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart

D’óladh go leor is caitheadh tabac

Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.

 

Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart

Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh

Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab

Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.

 

Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh

An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?

Gan deontas nó breab, an  mbeimíd ag tanú?

An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?

 

Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne

Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne

Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú

Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?

 

An Ceangal

Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra

Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán

Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.

An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Glór na nGael, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Siamsaíocht, Stair

Cruinniú Eolais: Atheagar Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4

Bhí cruinniú eolais aréir faoin atheagar atá molta do Nuacht Ráidió na Gaeltachta/Nuacht TG4 agus tá an t-eolas a roinneadh ag an cruinniú anseo thíos.  Anuas ar sin is fiú a lua go bhfuil proiseas comhairliúcháin bunaithe ag RTÉ ón lá inné faoi pholasaí Ghaeilge an chraoltóra.  Tá a thuilleadh eolais faoi sin le fáil anseo.  Is é an dáta deireannach le h-aghaidh moltaí/aighneachtaí/gearáin ná 7 Nollag.

Guth na Gaeltachta á chur ina thost

    • Nuacht Áitiúil RnaG amháin á sholáthar ag Nuacht Rnag
    • Buiséad RnaG síos 23% ó 2008-11.  Síos ó €15m go  €11m    Laghdú 6% ar Raidió 1 sa tréimhse céanna
    • Ceithre iriseoir ag dul go Nuacht TG4 ó RnaG
    • Nuacht TG4 ag soláthar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta do RnaG

Dearcadh Iriseoirí Nuacht RnaG/TG4

    • Sa chéad áit níl cead acu labhairt ar an ábhar – bagairtí déanta dá bpostanna
    • Imní – ní h-é seo ach céim eile I bproiseas
    • Rogha:  Cuirfidh siad seirbhís nuachta náisiúnta/idirnáisiúnta ar fáil do chainéalacha

Iriseoirí Nuacht TG4

    • Faoi láthair cuireann siad míreanna Béarla ar fáil mar chuirtéis – dualgas as seo amach
    • Beidh siad faoi bhrú tosaíocht a thabhairt do chláracha Bhéarla RTÉ thar Nuacht TG4
    • ‘A bilingual and tri medial service’ – Michael Lally, Ceannasaí Nuacht TG4.   Comhdháil faoi RTÉ@50 Samhradh 2012

Cad is féidir linne déanamh?

    • Tabhachtach cruinniú a bheith sna Gaeltachtaí chun suim agus imní a léiriú agus an plé a oscailt ar RnaG/TG4
    • Litir a sheoladh ag iarraidh eolas cruinn ó RTÉ
    • Aighneacht a chur chun tosaigh sa phroiseas chomhairliúcháín
    • Polasaí Gaeilge RTÉ á chur le cheile.

Ná ligtear do na h-udaráis sceannairt a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha na Gaeltachta gan suim a léiriú agus gan do thuairim a chur in iúl.

 

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht, Stair

Múscraí ag feabhsú i gComórtas na mBailte Shlachtmhara

An meitheal i gCúil Aodha a chuaigh i mbun Glanadh Suas mór le linn an tSamhraidh. Bhí rath ar a gcuid oibre!

 

 

 

 

 

 

 

 

D’éirigh go seoigh le na bailte ó Mhúscraí a chur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara i mbliana.  Níor buadh aon duais, go fóill, ach tá dul chun cinn déanta ag Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh agus tá Baile Mhic Íre/Baile Mhúirne ar ais sa chomórtas arís.  Seo thíos roinnt sliochtaí ó thuairiscí na moltóirí:

A great performance again from the Múscraí villages who entered the Tidy Towns.  No prizes were won but significant progress was made by Cúil Aodha and Béal Atha’n Ghaorthaidh and Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre made a successful return to the competition.  Here are some extracts from the adudicators’ reports.

Béal Atha’n Ghaorthaidh 286 – suas ó 284 anuraidh

Cur Chuige/Overall Approach:  

Fearann an moltóir seo an-fháilte roimh Bhéal Átha an Ghaorthaidh chuig comórtas na bliana seo. Bhí cuma
breá gnóthach ar an áit le linn mo chuairte ann. Fáilte romhaibh ar ais! Tá sé sóiléir go raibh bhur gcoiste
gníomhach le tamall anois agus tá a rian sin le feiscint ag aon duine a thugann cuairt timpeall na háite.
Molaim sibh go léir as bhur ndíograis agus as bhur gcur chuige.
Thug sibh neart faisnéise dúinn leis an iarratas chuimsitheach a sheol sibh chughainn. Chuir an moltóiir fáilte
ar leith foimh an léarscáil bréa daite – ar nós radharc éin ag féachaint anuas ar na páirceanna glasa cois na
h-abhann.

Cúil Aodha 250 – suas ó 244 anuraidh

Cur Chuige /Overall approach

Fearann an moltóir seo an-fháilte roimh Cúil Aodha chuig comórtas na bliana seo. Tá sé rí-shoiléir go raibh
bhur gcoiste gníomhach ar feadh na bliana ag réiteach scéimeanna agus gnéithe éagsúla, agus ansin á gcur i
bhfeidhm. Tá rian maith le feiscint ar an saothar in alán áiteanna. Molaim sibh. Bhí an léarscáil a sheol sibh
chughainn an-úsáideach agus muid ag gabháil ó shuíomh amháin go suíomh eile.

Rud amháin atá foghlaimithe ag coistí timpeall na tíre ná gur mór an chabhair plean trI bliana a ullmhú mar
bhonn don gcur chuige. Sa chás agaibhse chabródh sé le gnéithe mar an eastát tithe atá tréigthe. Cheana
féin tá rian bhur gcuid oibre le feiscint agus feabhas curtha agaibh ar an dtimpeallacht.
Molaim sibh as bhur ndúthracht.

Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre – 229 marc :

I dtosach báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh Baile Mhuirne/Baile Mhic Ire chuig comórtas na bliana 2012.
Is iontach an rud é a fheiscint cé chomh gníomhach atá an pobal áitiúil sa ghnó seo agus iad ag déanamh a
ndícheall le snas agus cuma bhreá a chur ar an dtimpeallacht atá thart orthu. Tá sé soiléir anois go bhfuil rath
ar bhur gcuid saothair mar tá dea-thoradh le feiscint ins na tionscnaimh éagsúla. Rud eile, tá creidiúint ag dul
do’n phobal go bhfuil an oiread sin daoine sásta feidhmiú ar an gcoiste atá agaibh.
Bhaineamar úsáid as an léarscáil a sheol sibh chughainn

Tá na tuairiscí iomlána le fáíl ar shuíomh na mBailte Shlachtmhara

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Báilte Shlachtmhara, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Imeachtaí Eile, Mórtas Mhúscraí, Nuacht

Daonáireamh 2011: Ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i Múscraí, sa Stát

Líon na gcainteoirí Ghaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla

Tháínig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Ghaeilge sa tír ó 2006 go dtí 2011, de réir torthaí an Dhaonáirimh 2011 a foilsíodh inniu. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chorcaí, a chuireann Múscraí agus Oileán Cléire san áireamh, bhí méadú 115 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge, suas ó 867 go 982. Méadú níos mó ná 10% atá i gceist ansan. Más é 2011 an dáta tosaigh don Straitéis 20 Bliain, abair, ciallaíonn sé sin go mbeidh isteach is amach le 1200 chainteoir Ghaeilge laethúil i nGaeltacht Chorcaí – ardú 25% – faoi 2030 nó is é sin an sprioc atá luaite leis an nGaeltacht sa Straitéis.

De réir Daonáireamh 2011, tá 1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán. Ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Ghaeilge é seo Dhaonáireamh 2006 ach is ísliú é ar an gcéadtadán, nó i 2006 bhí Gaeilge ag 41.9% den daonra. Idir an dhá linn, áfach, bhí méadú 8.1% ar dhaonra an Stáit.

Níos lú ná 2% – 1.8% – a úsáideann an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Is é 18.7% den daonra a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó níos annaimhe arís.

Scéal dóchasach atá i gceist sa Ghaeltacht, más duine dochasach thú. Bhí méadú bheag ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí. Bhí laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise.

San iomlán bhí méadú 660 ar líon na gcainteoirí Ghaeilge i 2011 ó 2006. Is é 23175 líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla sna Gaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 – b’é 22.515 an líon i 2006.

Tá roinnt torthaí spéisiúla eile sa chaipéis atá ar fáíl<a href=”http://www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011pdr/Commentary%20Usual%20Res,%20Migration%20etc.pdf”&gt; anseo </a> ar leathnach 40/41.  Tá eolas breise faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta anseo ar leathnaigh 101-103.

Cé chomh minic a labhartar Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Chorcaí

 

 

 

 

 

80%+ de dhaonra Mhúscraí ag baint úsáid as an nGaeilge....

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

iMúscraí, eagrán 4, anois ar fáil ar líne

Tá an ceathrú eagrán de iMúscraí ar fáil anois ar líne – agus beidh an leagan chlóite ar fáil timpeall an cheantair an tseachtain seo chugainn.

Bainigí sult as!  Cuir isteach ar na comórtais agus cuir bhúr aischothú in iúl dúinn!

Bionn fáilte i gcónaí roimh altanna, scéalta agus griangrafanna.

Beidh an chéad eagrán eile á fhoilsiú ag deireadh mhí Feabhra.  Ba cheart aon ábhar atá le foilsiú bheith againn roimh 24ú Feabhra.

 

Freagra

Rangaithe faoi Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht, Reidh na nDoirí, Siamsaíocht, Spórt

Mórtas Mhúscraí Báilte Shlachtmhara 2011

Cé gur bhuaigh Cill Airne an phríomh dhuais i gComórtas na mBailte Shlachtmhara, bhí torthaí maithe ag pobail Mhúscraí a ghlac páirt sa chomórtas, Cúil Aodha agus Béal Átha’n Ghaorthaidh.

Rinne pobal Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ana iarracht agus fuair siad 284 marc sa chomórtas. Tar éis do Chúil Aodha filleadh ar an gcomórtas tar éis bheith ar iarraidh an bhliain seo chaite, bronnadh 244 marc ar an iarratas.

Tá feabhas mór tagtha ar na marcanna a fuair Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh le deich mbliain anuas. Is féidir an feabhas sin a thabhairt faoi ndeara go soiléir sna grafanna seo. Ní mór a thuiscint gurb é 310 an marc a fuair Cill Airne nuair a bhuaigh an baile sin an chomórtas.

Béal Atha'n Ghaorthaidh 2001-2011

Cúil Aodha - Bailte Shlachtmhara 2001-2011

Déardaoin na seachtaine seo beidh toscaireacht ag dul ó Chúil Aodha go Halla an Chontae i gCorcaigh le h-aghaidh an cheiliúradh a bheidh ar siúl ansan do na pobail éagsúla a rinne go maith sa Dúshlán Frith Bhrúscair i mbliana. Chriochnaigh Cúil Aodha sa triú áit sa chontae ar fad.

Beifear ag baint úsáid as na tuairiscí ós na moltóirí chun tabhairt faoi 2012.

Tá an Chomharchumann ana shásta as an chabhair a thugamar don dhá iarratas seo.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht

Tá siad ar an mbealach #BárGoBar

Séamus Mac Fheorais, Eoin Ó Súilleabháin agus Dáithí Mac Carthaigh: Ar an slí go Tan Hill
Cuireadh tús go luath ar maidin inniu leis an dturas stairiúil atá á thabhairt ag muintir Bharr an Chuma, an tabhairne is airde in Éirinn, ar an bpub is airde sa Bhreatain, an Tan Hill Inn, i Yorkshire.
B’iad Séamus Mac Fheorais, Daithí Mac Carthaigh agus Eoin a’ Bhab Ó Súilleabháin an chéad triúr le h-aghaidh a thabhairt ar an dturas de 500 míle. Ar maidin inniu, timpeall a 6rn, a thosnaigh an turas, agus beidh siad ann faoi am lón ar an Satharn.

Faoi láthair tá siad stoptha don oíche i Mainistir na Laoise.

Maidin Dé hAoine a thosnóidh lucht na Honda 50 ar an dturas agus beidh siad ann timpeall an am céanna.

Beidh an bus leis an slua tacadóirí ag imeacht ar an Aoine freisin agus beidh siad ann in am mhaith ar an Satharn chun fáilte a chur roimh na rothaithe agus lucht na Honda 50aí.

Is féidir faire ar imeachtaí sa Tigh Tabhairne – atá 1732 troigh ós cionn na farraige – ar webcam an tabhairne.

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Cúil Aodha, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht

Cúrsa scríobhnóireachta le Ré Ó Laighleis

“Scéim Scriobhnóireacht Cónaitheach- ‘Cluas Cleite’
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Is mór an cúis áthais ag an Ionad Cultúrtha a fhógairt go reachtáilfear dhá chúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach – ceann do dhaoine fásta agus ceann eile do dhaltaí dara leibhéal – i nGaeltacht Mhúscraí an tEarrach seo.
Is faoi stiúir an scríbhneora dátheangaigh Ré Ó Laighléis a bheidh na cúrsaí.

Cúrsa 6 seisiún i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ do dhaoine fásta.
Gach Dé Luain idir 7.30 & 9.30
ag tosú @ 28ú Feabhra go dtí 4ú Aibreán
san Ionad Lae , Baile Mhúirne.

Is í is aidhm leis an gcúrsa sa dá chás go mbeidh tuiscint soiléir ag na rannpháirtithe ar nádúr agus eilimintí an dá genre (gearrscéal agus úrscéal) agus ar an gcur chuige is gá len iad a shaothrú go héifeachtach. Is dianchúrsa a bheidh i gceist, ina mbeidh spriocanna seachtainiúla le baint amach ag na rannpháirtithe síos tríd.
In imeacht na gcúrsaí, tabharfar aghaidh agus léargas cuimsitheach ar bhun-eilimintí agus scileanna riachtanacha na scríbhneoireachta cruthaithí, m.sh., struchtúr, plota, carachtracht, inseoireacht, comhrá agus stíl, agus é mar sprioc go mbeidh sé ar a gcumas ag na rannpháirtithe scéal ar ardchaighdeán a chruthú.

Cuirfear tús leis an gcúrsa do dhaoine fásta ar an Luan 28ú Feabhra san Ionad Lae Nua i mBaile Mhúirne costas €50

Má thá suim ag éinne páirt a glacadh sna ceardlanna seo, ní mór teangmháil a dhéanamh láithreach le Bríd & Síle @ 026.45733

Tá an scéim seo, ‘Cluas Cleite’ faoi stiúir Ionad Cultúrtha agus maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus ag Coiste Gairmodeachais Chontae Chorcaí.”

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Cultúr, Nuacht

Sábháil Oifig an Phoist, Béal Átha’n Ghaorthaidh

Pobal Bhéal Atha'n Ghaorthaidh ag Oifig an Phoist inniu (Dé Máirt)

Bhí agóid ar siúl inniu (Dé Máirt, 14 Nollaig) ag Oifig an Phoist i mBéal Atha’n Ghaorthaidh chun cur i gcoinne cinneadh An Post an oifig a dhúnadh go luath.

There was a protest today (Tuesday, 14 December, 1pm) at Ballingeary Post Office to express community opposition to An Post’s plan to shut down the post office.

Is féidir leat tacú leis an bhfeachtas seo ar facebook tre ‘liking’ a dhéanamh ar an leathnach seo.  You can support the campaign by liking this facebook page.

Má tá tú ag iarraidh tacú leis an bhfeachtas, seol ceann de na litreacha seo chuig An Post (nó rud éigean cosúil leis) chomh luath agus is féidir leat agus roimh dheireadh na seachtaine seo.   If you want to support this cause, please send one of the following letters to An Post’s Chief Executive and Chairman in the coming days.

Chuig: Donal Connell,

Príomh-fheidhmeannach, An Post

John Fitzgerald, Cathaoirleach, An Post

Ard Oifig an Phoist

Sraid Uí Chonaill

Baile Átha Cliath 1

13 Nollaig 2010

A chara,

Is mór an chúis díomá agus mishástachta dom féin agus do phobal an cheantair ar fad cinneadh An Post deireadh a chur le hOifig an Phoist Bhéal Atha’n Ghaorthaidh nuair a eireoidh an Maistir Post as a chúram go luath.  Céim mór ar chúl a bheadh i gceist le h-áisíneacht a bhunú ina ionad. Bainim féin agus an pobal ar fad úsáid rialta/laethúil as an Oifig a’ Phoist – ag seoladh litreacha agus birt ann, ag bailiú íocaíochtaí leasa shoisialach, ag íoc ár gcuid billí agus ag baint úsáide as an seirbhís baincéireachta.   Tá sé soiléir don phobal go bhfuil gnó maith á dhéanamh ann agus nach bhfuil aon bunús gnó leis an gcinneadh ísliú céime a thabhairt don cheantar tré’n oifig a dhúnadh.

Dá ndúnfaí Oifig an Phoist, pé rud a thiocfadh ina áit, buille mór a bheadh ann do spiorad agus d’íomhá an cheantair trath go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta go h-olc ar fuaid na tire.   Baineann gnóanna an cheantair úsáid as Oifig an Phoist agus is cuid riachtanach é dá saol oibre .  Chuirfeadh dúnadh na h-Oifige isteach go mór orthu san agus is cinnte go n-imeodh sé i gcoinnibh iarrachtaí atá á dhéanamh gnóanna eile a mhealladh chuig an cheantair.

Bionn méadú mór ar ghnó Oifig an Phoist anseo le linn an tSamhraidh nuair a bhionn na céadta páistí ag teacht anseo ó gach cuid den tír chun freastal ar Choláíste na Mumhan.   Baineann siad go léir úsáid as an Oifig an Phoist mar an bhanc agus ba mhór an bhuille dóibh é dá mbeadh laghdú ar na seirbhísí sin dá ndúnfaí Oifig an Phoist mar atá molta agaibh.

Creidim go laidir gur buille eile é seo ag na h-údaráis ar an gceantar seo, ceantar Gaeltachta, agus ar cheantair tuaithe na tire trí cheile agus mura gcuirimíd stop leis go mbeidh a thuilleadh buillí ina dhiaidh.   Iarraim ar An Post athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo agus cinneadh a dhéanamh ar bhonn leas an phobail agus Oifig an Phoist a choimead i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.

Is mise

To: Donal Connell

Chief Executive

An Post

GPO

O’Connell Street

Dublin 1

13December 2010

Dear Mr Connell

I am writing to express my disappointment and dissatisfaction at An Post’s opportunisticproposal to close the post office in Ballingeary upon the retirement of the postmaster.   It would be a major setback to replace it with a mere agency. The Post Office in Ballingeary is always very busy with locals coming and going, sending letters and parcels, collecting social welfare payments, paying bills and using the banking service.  It seems obvious to the entire community that it’s doing good business and that whatever reason for the proposal, the commercial health of the Post Office isn’t in question.

If the Post Office were to be closed, it would be a great blow to the community spirit and image at a time of economic recession nationwide.  Local companies use the Post Office and it’s a vital element in their day to day business.  The closure of the Post Office would adversely affect these companies and would be a hinderance to ongoing efforts to attract new business to the area.

Every Summer there’s huge influx of students to the area to attend the Irish Summer College, Coláiste na Mumhan, and they all use the Post Office as their bank.   An Post’s proposal would be a huge blow to these customers.

I believe that this is another blow by the Dublin based authorities against this area, a Gaeltacht, and against rural areas across the country.  If we don’t shout STOP!, it will be followed by further blows which will further erode life outside the urban areas.   I demand that An Post should revisit and reverse its proposal to close Ballingeary Post Office.  It’s in the public interest that Ballingeary should keep its post office. Sincerely

Sincerely

Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Fostaíocht, Gnó, Nuacht