30 09, 2009

Long an phobail faoi sheol

inisfaithlean

Seo é Long an Phobail agus é ag seoladh ar Chuan Chorcaí an Aoine seo chaite. Is é seo an long a cheannaigh Comharchumann Turasóireachta Iarthar Chorcaí le déanaí ar chostas €7.3m.   Is é an plean go mbeidh an Innisfallen ag seoladh idir Corcaigh agus Swansea ó mhí na Márta seo chugainn.

Tá sciar nach beag ag Múscraí sa long seo os rud é gur thug Comharchumann Forbartha Mhúscraí meitheal do ghnólachtaí sa cheantar – Ostán Ghobnatan, Fabraicí Fíor Alainn, An Cruiscín Lán, Baile Mhuirne,  Siulóidí Cois Laoi/Lee Valley Walking, Prince August Moulds agus Ostán Ghugán Barra – chun sciar a cheannach.   Tá sciar den sciar ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí freisin.    Tá sciar eile ceannaithe ag An Muileann, rud a neartaíonn láimh Mhúscraí sa bhfiontar seo go mór.

Beidh a thuilleadh eolais againn faoi seo go luath….

16 09, 2009

Na Giollaí Mear – Corcaigh abú!

Na Giollaí Mear - Ealaíon ar son Chorcaí ag Peadar Ó Riada

Na Giollaí Mear - Ealaíon ar son Chorcaí ag Peadar Ó Riada

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá Múscrai ar fad feistithe i mbratacha deaerg agus bán agus gasra laidir ón gceantar páirteach i bhfoireann Chorcaí a bheidh ag imirt i gCraobh na hÉireann sa pheil Dé Domhnaigh seo chugainn. 

Seo píosa ealaín ar thaobh an bhóthair i Múine Beag, Cúil Aodha.   Peadar  O Riada a rinne.   Beidh a thuilleadh íomhánna againn ó Mhúscraí sna laethannta romhainn. 

Tá ár dtacaiocht ag Nollaig O Laoire agus Antaine O Loingsigh atá ainmnithe ar an bhfoireann agus le Peadar O hÉalaithe atá ina thraenálaí ar an bhfoireann.

8 07, 2009

Múinteoirí ina ndaltaí ag Scoil Chúil Aodha

Bhí malartú róil de short i gceist ag Scoil Chúil Aodha le seachtain anuas.  Nó bhí múinteoirí ó Mhúscraí agus iarthar Chorcaí ar fad ag freastal ar chúrsa speisialta a bhí á reachtáil ag Aisling Gheal, an scéim amhránaíochta do Mhúscraí, le cuidiú a thabhairt do mhúinteoirí agus iad ag iarraidh ceol agus, go h-áirithe, amhráin dúchasacha i nGaeilge a mhúineadh dá ndaltaí.

I measc na múinteoirí bhí príomh oide na scoile i gCúil Aodha, Cathal  O Riada, Seán O Múineacháin is Máire Ní Cheilleachair, an amhránaí sean nóis iomráiteach.

Thugas caint ghairid ann inné agus thaispeanas an bhealach go mbeadh an idirlíon ina acmhainn do mhúinteoirí.   Thíos atá an scannán Youtube a rinneamar le taispeaint do mhúinteoirí eile toradh saothar na múinteoirí seo.

Deirtear liom go mbeidh cúrsa dá leithéid ann arís an bhliain seo chugainn.

29 06, 2009

Comhlacht nua le h-oscailt i mBaile Mhuirne

An comhlacht ardteicneolaíochta Somex Teo ag dul i mbun gnó ar Pháirc Thionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne Tá ionad nua bunaithe ag Somex Teo, soláthraí réitigh uathoibrithe a bhíonn ag plé go sonrach le dearadh agus le forbairt trealamh tástála saotharlainne, ar eastát tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Bhunaigh Brian O’Keefe agus Michael Wall an comhlacht, a bhí lonnaithe i Maigh Chromtha roimhe seo, sa bhliain 2000 agus theastaigh foirgneamh níos mó le bheith in oiriúint do na pleananna fáis agus forbartha a bhí acu. Le cúnamh agus tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, dhear agus d’fhorbair an comhlacht foirgneamh nua d’ardteicneolaíocht ar pháirc thionscail an Údaráis le hinfheistíocht iomlán de €0.75milliún.

Déanann Somex Teo réitigh thástála pacála agus táirge don earnáil dí agus tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós PepsiCo, Coca-Cola, Carlsberg agus C&C mar chliaint acu. Lena chois sin, cuireann an comhlacht sainréitigh dearadh agus uathoibrithe ar fáil do na hearnálacha cógaisíochta, leighis, plaistigh agus leictreonacha.

Tá ochtar fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá pleananna acu seachtar eile a earcú thar na trí bliana atá romhainn. Faoi láthair, is céimithe tríú leibhéal iad an fhoireann go léir ag a bhfuil saineolas sna réimsí dearadh meicniúil, dearadh uathoibrithe agus forbairt bogábhar. Tá i gceist go mbeidh cáilíocht den chineál céanna ag daoine a earcófar sa todhchaí.

Agus é ag fógairt leathnú an chomhlachta go Baile Bhuirne, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas tacú leis an chomhlacht Somex Teo leathnú go Baile Bhuirne. Is comhartha é cinneadh an chomhlachta, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a lonnú anseo, go bhfuil muinín acu as an bhfoireann oibre agus as an gceantar go ginearálta.

Is sampla é an fhorbairt seo de chur i bhfeidhm pholasaí an Údaráis tionscail ardteicneolaíochta atá ag fostú daoine le hard cháilíochtaí i gceantair atá in ann foirgnimh fheiliúnach gnó, foireann oibre oilte agus infreastruchtúr a chur ar fáil.” Cuireann Somex Teo béim mhór ar thaighde agus ar fhorbairt agus tá siad i láthair na huaire ag obair leis an gColáiste Ollscoile, Corcaigh ar phróisis nuálach le tástáil a dhéanamh ar dheochanna agus táthar ag súil go mbeidh buntáiste mór anseo don tionscail dí go domhanda.

Dúirt Brian O’Keeffe agus Michael Wall, stiúrthóirí Somex Teo go gcuirfeadh an áis nua deis fháis agus acmhainní breise ar fáil do chustaiméirí nua agus reatha as seo amach. “Tá i gceist ag Somex Teo leanúint ar aghaidh ag díriú ar nuálaíocht sa mhargadh tionscail agus dá réir sin, ag soláthar taithí fhairsing agus deiseanna dá chuid fostaithe. Tá an tacaíocht agus an spreagadh a fuaireamar ón Údarás le linn dúinn a bheith ag leathnú chuig ár bhfoirgneamh nua agus ag an am céanna muid ag iarraidh fás a chothú laistigh dár ngnó, thar a bheith luachmhar. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghlacadh le gach duine san Údarás a chabhraigh linn agus táimid ag tnúth le dea-thodhchaí i nGaeltacht álainn Bhaile Bhuirne”, a dúirt siad.


29 06, 2009

Mo Scéal Féin – Caibidil 3

Mo Scéal Féin – Caibidil 3

Seo an tríú chaibidil ó dhirbheathaisnéis an Athar Pheadair Uí Laoghaire.  Tá sé á léamh anseo ag Máiréad Uí Lionaird agus is é David Webb ó Phortsmouth, Sasana, a rinne an taifead le linn do bheith ar chuairt anseo le déanaí.

12 06, 2009

Mo Scéal Féin – Caibidil II

seo an dara caibidil de Mo Scéal Féin, dírbheathaisnéis an Athar Pheadair Uí Laoghaire agus tá sé á léamh anseo ag Máiréad Uí Lionaird. Táimíd thar a bheith buioch do David Webb, teangeolaí ó Phortsmouth, Sasana, as an taifeadadh a dhéanamh.
Mo Scéal Féin – leis an Athair Peadar Ó Laoghaire – Caibdil II

5 06, 2009

Mo Scéal Féin – an chéad chaibidil

Tá clú agus cáíl ar an leabhar ‘Mo Scéal Féin’ ó pheann an Athar Pheadair Uí Laoghaire a foilsíodh ag tús an chéid seo chaite. Tá taifeadadh déanta ag fear léinn, David Webb, den leabhar seo agus é á léamh ag Mairéad Uí Lionaird agus tá sé iarrtha orainn é a fhoilsiú anseo, rud atá á dhéanamh againn anois agus athás orainn amhlaidh a dhéanamh.

Inniu a bheidh an chéad chaibidil ar fáíl – agus beidh na caibidil eile anseo de réir a chéile. Go raibh maith agaibh, David, Mairéad agus, gan amhras, a Athair Pheadair as ucht an seod seo ó litríocht na hÉireann agus litríocht Mhúscraí.

Mo Scéal Féin

29 05, 2009

Linn Snámh Chúil Aodha ag athoscailt Dé Máirt 2 Meitheamh

Linnsnamh

20 05, 2009

Ról an Údaráis, ciorruithe agus an todhchaí faoi chaibidil ag cruinniú phoiblí

Seo an chéad mhír de chaint a thug Príomh FheidhmeannachUdarás na Gaeltachta, Pádraig  O hAoláin, ag cruinniú phoiblí a reachtáíl an eagras i Múscraí aréir, oíche Dé Máirt, 19 Bealtaine, mar chuid de shraith chruinnithe atá á reachtáil le pobal na Gaeltachta a chur ar an eolas faoi thodhchaí an Udaráis i ré na ngiorrú.

Beidh an chuid eile de chaint an Phríomh Fheidhmeannaigh agus míreanna eile ón oíche, léamh litir ó ghrúpa atá buartha faoi thodhchaí an Ionaid Aise i Reidh na nDoirí de bharr phlean an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív, san áireamh, le feiscint anseo de réir a chéile  inniu agus amarach.


11 05, 2009

Cruinniú poiblí ag an Údarás

Na slite is fearr chun forbairt phobail a chur chun cinn i gcomhthéacs na dúshláin atá romhainn an téama a bheidh ag cruinniú poiblí atá á reachtáil ag Udarás na Gaeltachta i mBaile Mhúirne an tseachtain seo chughainn.    Beidh príomh fheidhmeannach an Udaráis i láthair ag an cruinniú a bheidh á reachtáil in Ostán Ghobnatan ar an Máirt, 19ú Bealtaine, ag 7.30in. 

Tá fáílte roimh chach ag an gcruinniú tabhachtach seo, ceann de shraith cruinnithe atá á reachtáil ag an Udarás ar fuaid na nGaeltachtaí ar fad.